Iarchathaoirligh ar Bhord Údarás na Gaeltachta ag tacú le hathbhunú toghcháin

Tá a dtuairimí tugtha ag triúr iarchathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta faoin athbhreithniú atá á dhéanamh ar na tslí a roghnaítear baill an bhoird

Iarchathaoirligh ar Bhord Údarás na Gaeltachta ag tacú le hathbhunú toghcháin

Gearóid Ó Tuathaigh, Seán Ó Neachtain agus Liam Ó Cuinneagáin

Tá a dtacaíocht d’athbhunú thoghchán Bhord Údarás na Gaeltachta léirithe ag roinnt d’iarChathaoirligh an Bhoird, cé go bhfuil malairt tuairimí acu faoi ghnéithe áirithe den scéal.

Tá athbhreithniú ar bun ag an Rialtas faoi láthair maidir leis an gcinneadh a glacadh in 2012 deireadh a chur leis an toghchán do Bhord an Údaráis.

Labhair Liam Ó Cuinneagáin, Gearóid Ó Tuathaigh agus Seán Ó Neachtain, triúr d’iarChathaoirligh Bhord Údarás na Gaeltachta, le Tuairisc.ie agus iad uile den tuairim gur buntáiste mór a bhí sa nasc a chruthaigh bord tofa le muintir na Gaeltachta.

“Sílim go bhfuil glactha ag chuile dhuine a raibh taithí acu ar an Údarás agus ag muintir na Gaeltachta a bhí bainteach leis an Údarás – agus sin é pobal na Gaeltachta uile – go raibh na toghcháin tábhachtach, go raibh bord tofa ionadaíoch do phobal na Gaeltachta agus gur cheart é a thabhairt ar ais chomh luath in Éirinn agus is féidir,” a deir Seán Ó Neachtain, a bhí ina Chathaoirleach ar an mbord idir 1991-1996 agus a chaith beagnach 25 bliain ar fad ar an mBord.

Deir Liam Ó Cuinneagáin, an Cathaoirleach deireanach ar bhord tofa, gur cheart go mbeadh “guth” mhuintir na Gaeltachta le cloisteáil agus ábhair a bhaineann leo go sonrach á bplé.

“Tá muid ag rá le fada go gcuireann [toghchán] le féiniúlacht na gceantar Gaeltachta mar cheantair ar leith, mar phobail ar leith teanga agus cultúir,” a deir Ó Cuinneagáin, a chaith dhá théarma cúig bliana ina Chathaoirleach ar Bhord an Údaráis.

“Má ghlacann muid leis gur ceantair ar leith, pobail ar leith, pobail shainiúla atá anseo, níl aon chúis nach féidir a aithint go bhfuil a nguth féin acu agus gur féidir ábhair agus téamaí atá tábhachtach dúinn a phlé inár measc féin trí thoghchán a bheith ann.”

Deir Gearóid Ó Tuathaigh, a ceapadh ina Chathaoirleach i 1996, go raibh imní ann i gcónaí go mbeadh comhaltaí ar bhord tofa ag faire amach dá leas féin ach nach mar sin a bhí.

“An taithí a bhí agamsa ná gur rud tairbheach a bhí ann nuair a bhí toghchán ann,” a deir sé. “Ní hamháin sin ach in ainneoin gur cheap daoine áirithe go mbeadh stocaireacht an-láidir ann ó thaobh páirtí de agus gur mheas daoine go mbeadh an rud logánta, go mbeadh chuile dhuine a bhí tofa ag faire amach dá gcuid féin, an taithí a bhí agamsa ná go raibh na daoine a bhí tofa láidir ceart go leor, mar thuigeadar go raibh an pobal taobh thiar díobh agus go raibh dualgas orthu, ach bhíodar i gcónaí in ann agus sásta an leas coitianta a thabhairt san áireamh,” arsa Ó Tuathaigh.

“Fuair mé amach go rabhadar i ndáiríre mar gheall gur ceannairí pobail iad, bhíodar gar go maith don phobal. Ba chúnamh é sin. Ba chúnamh a bhí ann sa deireadh thiar thall do na feidhmeannaigh freisin,” a dúirt Ó Tuathaigh. “Bhí le tabhairt faoi deara gur thuigeadar rudaí níos fearr agus go ndeachaigh na pointí a rinne comhaltaí i bhfeidhm orthu. Bhí sé sláintiúil.”

Má thugtar toghchán ar ais, ní fios go fóill cén cruth a bheadh ar Bhord an Údaráis ach tá leid tugtha ag Aire Stáit na Gaeltachta gur meascán de thoghchán agus próiseas ceapacháin ab fhearr leis féin.

I suirbhé ar líne atá mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí atá bunaithe, tá ceist shonrach ann faoi thoghcháin éagsúla a eagrú d’earnálacha éagsúla agus suíocháin a choinneáil ar leataobh do leithéidí na gcoistí pleanála teanga.

Cé go n-aithníonn Seán Ó Neachtain agus Liam Ó Cuinneagáin go mbíonn daoine a cheaptar ar bhoird in ann saineolas a chur ar fáil faoi réimsí ar leith, measann an bheirt gurbh fhearr go dtoghfaí gach duine ar an mbord Gaeltachta.

“Creidim gur cheart go mbeadh an toghchán bunaithe ar bhonn daonlathach,” a deir Ó Neachtain, “mar a bhíonn toghcháin na gcomhairlí contae, toghcháin na Dála, toghcháin Pharlaimint na hEorpa. Go mbeadh sé bunaithe ar an gcóras sin agus nach mbeadh aon chóras eile feiliúnach ar aon bhealach.

“Is ceist don Rialtas é an bhfuileadar ag iarraidh ionadaithe a roghnú iad féin ach, i mo thaithíse, níl siad ag teastáil. Tá na feidhmeannaigh ann chun comhairle a thabhairt agus sé an taithí a bhí agamsa ná go raibh an feidhmeannas in ann aon obair chomhairleach a theastaigh a dhéanamh, seachas daoine a thabhairt isteach ón taobh amuigh.”

Géilleann Ó Cuinneagáin go bhfuil buntáistí ag baint leis an gcóras ainmniúcháin agus deir sé go bhféadfadh comhaltaí an dá thrá a fhreastal idir saineolas a roinnt agus ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta. Mar sin féin b’fhearr leis toghchán.

Ar cheann de na hábhair nach raibh na hiarChathaoirligh ar aon fhocal faoi, bhí ceist na hionadaíochta.

Cé go dtuigeann sé go gcruthóidh sé sin deacrachtaí, deir Ó Cuinneagáin go gcaithfidh gach réigiún ionadaí a a bheith acu ar an mBord. Bhí 20 comhalta boird ann nuair a bhí Ó Cuinneagáin ina Chathaoirleach ach ní dóigh leis gur fadhb a bhí ansin.

“Bhí mise i mo chathaoirleach ar feadh deich mbliana agus bhí an Bord sách mór. Ní thiocfadh liom a rá go raibh fadhb ann ó thaobh reáchtáil an Bhoird ná éifeacht an bhoird, i mo bharúilse, le linn na tréimhse sin.”

Ar an taobh eile, tá Ó Neachtain agus Ó Tuathaigh den tuairim gur cheart go mbeadh Bord níos lú i gceist agus go bhféadfadh comhaltaí ionadaíocht a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta atá níos lú ar bhonn uainíochta.

“Níor mhaith leat bord rómhór a bheith ann ó thaobh na láimhseála de agus ó thaobh na héifeachta de. Ní fhéadfaí suíochán a chur ar fáil do gach paróiste,” a deir Ó Tuathaigh. Tá an staraí den tuairim go bhfuil “seifteanna” áirithe ann go bhféadfaí leas a bhaint astu chun teacht ar réiteach.

“Ní bheadh aon fhadhb agamsa dá mbeadh córas cuibheasach solúbtha ann maidir le hionadaíocht, go ndéanfadh baill ionadaíocht ar a chéile agus go mbeadh seal aige seo agus seal aici siúd. Ní chuireann sé sin isteach ná amach orm.”

Bhí Ó Neachtain ina chomhalta ar Bhoird ‘bheaga’ agus ar Bhoird a bhí níos mó agus deir sé go bhféadfadh bord “rómhór” a bheith deacair a reáchtáil. Deir sé dá mbeadh ionadaí ag gach ceantar go gcruthófaí fadhb maidir le líon na vótaí a bheadh ag teastáil i gceantair a bhí níos lú ná cinn eile.

“Má tá ionadaithe ag fáil isteach [ar an mBord] ar 300 vóta agus tá ionadaithe eile a bhfuil orthu 1,000 vóta a fháil, níl sé sin cothrom,” arsa Ó Neachtain. “Ní dóigh liom go bhfuil aon chreidiúint ag baint le vóta a bheadh ró-íseal, bheadh sé ar nós coiste pobail a roghnú, ní bheadh sé sách maith.”

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

Gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, ach níor tháinig an gealltanas sin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais.

Gealladh sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus an Comhaontas Glas go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

Seoladh an mhí seo caite próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi thoghchán an Údaráis a thabhairt ar ais agus faoin tslí a roghnaítear comhaltaí an Bhoird.

Fág freagra ar 'Iarchathaoirligh ar Bhord Údarás na Gaeltachta ag tacú le hathbhunú toghcháin'

  • Áine

    Fir.

  • An Teanga Bheo

    Daonlathas ag fás

  • Bean Gam Ainm, Gan Ardán

    Fir.

  • Edel

    Fir.

  • Pádraig O'hEipicín

    Daoine atá ar son na beatha atá de dhith