Toghcháin éagsúla d’earnálacha áirithe i measc na moltaí a scrúdófar san athbhreithniú ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Seoladh inné próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi thoghchán an Údaráis a thabhairt ar ais agus faoin tslí a roghnaítear baill an Bhoird

Toghcháin éagsúla d’earnálacha áirithe i measc na moltaí a scrúdófar san athbhreithniú ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Tá toghcháin ar leith do réimsí áirithe de shaol na Gaeltachta i measc na roghanna a scrúdófar san athbhreithniú atá le déanamh ar an gcinneadh deireadh a chur le toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta.

D’fhéadfaí mar shampla toghchán ar leith a reáchtáil chun teacht ar dhaoine don Bhord a dhéanfadh ionadaíocht ar lucht pleanála teanga nó ar na comharchumainn Ghaeltachta nó ar earnáil ghnó na Gaeltachta.

Seoladh inné próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi thoghchán an Údaráis a thabhairt ar ais agus faoin tslí a roghnaítear comhaltaí an Bhoird.

Mar chuid den phróiseas, tá suirbhé ar líne foilsithe ag Roinn na Gaeltachta agus ceist shonrach ann faoi thoghcháin éagsúla a eagrú d’earnálacha éagsúla agus suíocháin a choinneáil ar leataobh do leithéidí na gcoistí pleanála teanga.

Tá leid tugtha cheana ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur meascán de thoghchán agus próiseas ceapacháin ab ansa leis féin i gcás an Bhoird.  

Cuirfidh ráiteas áirithe sa bhileog eolais a foilsíodh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin leis an tuairimíocht gurb é sin a bheidh ann faoi dheireadh.

Deirtear sa cháipéis go bhfuil sé tábhachtach agus riachtanach go mbeadh cáilíochtaí ar leith ag baill bhord an Údaráis agus go n-aithnítear dá réir “an tábhacht faoi leith a bhaineann le comórtas poiblí faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí a bheith mar chuid den chur chuige faoina gceaptar an bord”.

Tá ceist eile sa suirbhé faoi conas a chinnteofaí go mbeadh na scileanna cuí ag baill na Bhoird mura mbeadh comórtas poiblí faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí i gceist.

Deirtear gurb é “an cuspóir foriomlán” a bhaineann leis an athbhreithniú ná a chinntiú go bhfuil daoine leis “an saineolas agus na scileanna ábhartha cuí” á roghnú ar na mBord. Luaitear chomh maith gur mná iad 40% de na baill faoi láthair agus lorgaítear tuairimí an phobail faoi conas a bhainfí cothromaíocht inscne amach dá mba thoghchán díreach a bheadh ann arís. 

Deirtear gurb iad na “inniúlachtaí caighdeánacha” a luaitear le post “ar Bhord Stáit nua-aoiseach ar nós Údarás na Gaeltachta” ná dearcadh straitéiseach anailíse, ionracas agus tuiscint ar Rialáil, an cumas obair foirne a dhéanamh, díograis, cumas cumarsáide agus tuiscint ar chúrsaí airgeadais.

Lorgaítear chomh maith tuairimí an phobail faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an gcóras roghnúcháin mar atá agus an córas toghchán mar a bhí.

Agus é faoi agallamh ag Tuairisc.ie anuraidh, thug Aire Stáit na Gaeltachta leid gur meascán de thoghchán agus próiseas ainmniúcháin atá uaidh féin.

“Táim sásta leis na toghcháin mar chuid den phróiseas rialachais. Cinntíonn siad go bhfuil eagraíochtaí dírithe ar thosaíochtaí na bpobal a bhfreastalaíonn siad orthu a sheachadadh, soláthraíonn siad córas trédhearcach do cheapacháin agus tugann siad spreagadh d’ionadaithe dul i dteagmháil go gníomhach leis na pobail a ndéanann siad ionadaíocht orthu.

“É sin ráite, sílim go bhfuil buntáistí soiléire ag baint le cinntiú go bhfuil rochtain ag bord an Údaráis ar na scileanna teicniúla [atá ag teastáil]… agus sílim gur cheart dúinn a chinntiú go gcoinnítear an ghné sin ag dul ar aghaidh.”

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

Gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, ach níor tháinig an gealltanas sin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais.

Gealladh sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus an Comhaontas Glas go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

Fág freagra ar 'Toghcháin éagsúla d’earnálacha áirithe i measc na moltaí a scrúdófar san athbhreithniú ar Bhord Údarás na Gaeltachta'