Tá sé deimhnithe ag Fine Gael gurb í an t-iar-aire Gaeltachta Heather Humphreys a bheidh ag seasamh thar ceann an pháirtí i dtoghchán na huachtaránachta, a bheidh ar siúl ar an 24 Deireadh Fómhair.
Bhí tacaíocht i bhfad níos mó ag Humphreys, a bhí ina haire Gaeltachta idir 2014-2017, ná mar a bhí ag an bhFeisire Eorpach Seán Kelly a d’fhógair inné go raibh sé ag éirí as an bhfeachtas. Ba é Kelly an t-aon duine eile a bhí san iomaíocht d’ainmniúchán Fhine Gael.
Dheimhnigh ceannaire Fhine Gael, Simon Harris, inniu gurb í Humphreys a bheadh ina hiarrthóir ag an bpáirtí. Deimhníodh inniu freisin gurb é Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair dáta an toghcháin uachtaránachta.
Sheol Humphreys litir chuig a comhghleacaithe i bhFine Gael inniu ina ndúirt sí go ndíreoidh sí ina feachtas ar a taithí shaoil agus gur “iarrthóir mbeidh fís aici” a bheidh inti.
“Is aoibhinn liom an tír seo; is í a mhúnlaigh mé agus is í a thug dom a bhfuil agam. Díreoidh m’fheachtas ar mo thaithí shaoil agus mé ag iarraidh ar na saoránaigh muinín a chur ionam agus vótáil dom le bheith i m’uachtarán ar an tír iontach seo.
“Is iarrthóir a mbeidh fís agam a bheidh ionam, a bhfuil taithí agam agus dea-theist orm a bheith ag tacú le pobail, ag tarraingt daoine le chéile, agus ag cur na hÉireann chun cinn os comhair an tsaoil mhóir,” a dúirt sí.
Dúirt sí freisin gur fear uasal a bhí i Seán Kelly agus go raibh sé tiomanta don tseirbhís phoiblí.
Tá beirt iarrthóirí deimhnithe do thoghchán na huachtaránachta: Heather Humphreys agus an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly. Ba í Connolly an chéad duine a fuair dóthain tacaíochta ó bhaill thofa Thithe an Oireachtais lena hainm a chur ar an mballóid.
Is í Catherine Connolly, atá ina teachta dála do sciar mór de Ghaeltacht na Gaillimhe, an t-aon duine den bheirt a bhfuil an Ghaeilge ar a toil aici. Tá ar a laghad cúrsa teanga amháin déanta ag Heather Humphreys le cúpla bliain anuas ach ní cainteoir líofa Gaeilge í.
Tá gach cosúlacht ar an scéal gurb é Jim Gavin, iarbhainisteoir peile Bhaile Átha Cliath, a bheidh ina iarrthóir d’Fhianna Fáil. Tá tacaíocht léirithe ag os cionn fiche Teachta Dála agus seanadóir d’fhear na hardchathrach, an Taoiseach Micheál Martin ina measc.
Tá an Feisire Eorpach Billy Kelleher fós san iomaíocht d’ainmniúchán Fhianna Fáil, áfach, agus é tugtha le fios aige gur mhaith leis go mbeadh comórtas inmheánach ann sa pháirtí leis an iarrthóir a roghnú.
Dónall Mór Mac B
Ná bac le rás an lucht rachmais.
Caidé faoi rás an ocrais is anró is slad is ár i nGaza agus Úcrain.
Seo an socrú :-
An Phalaistín, An Úcráin agus ‘An Dá Bhalla Berlin Nua’.
Bíodh deireadh leis an Gheamaireacht faoin Úcráin idir Trump agus Putin agus deireadh fosta leis an slad is ár de shíor ar siúl in Gaza agus ar an Bhruach Thiar.
Tógáil a mhacashailt den ‘Berlin Wall’ idir an Úcráin agus an Rúis. Déan an rud céanna idir an Phailistín agus Iosrael.
Níl ‘Na Stáit Aontaithe,’ Israel ná an Rúis ag éisteacht le hAgóidí ná le Taidhleoireacht.
Cuir saighdiúrí ar dualgas ag cosaint na Ballaí seo le cuidiú na teicneolaíochta nua-aimsireatha a bhaineann na Iosraeligh agus Meiriceánaigh úsáid aisti le Cinedhíothú a dhéanamh ar Mhná agus Pháistí Neamhurchóideacha.
Thiocfadh leis an eagraíocht sin ‘Na Náisiúin Aontaithe’ (mar dhea) na saighdiúirí a chur ar fáil nó a n-earcú.
Brúigh an socrú seo ar Israel agus ar an Rúis le bagairtí smachtbannaí a chur I bhfeidhm nó muna mbíonn siad sásta Ionsaigh an dá tír.
Bheadh sé i bhfad níos fearr saighdiúir na ‘Naisiúin Aontaithe’(mar dhea), Israeligh agus Rúisigh a fháil bás ná Mná, Páistí agus Fir na Palaistíne.
Lig do ‘Comhaontú an Lucht Toilteanaigh’ a bheith chun tosaigh sa tionscnamh aontaithe seo, an bhreatain mór, an Fhrainc srl.
Idir an dá linn cuir Trump, Putin agus BiBi sa seomra céanna gan bia a thabhairt dóibh ar feadh cúpla seachtaine leis an cac a bhuaileadh as a Chéile ar son bullóg aráin.
Scor ar bith, Ar aghaidh chun bua ar son Mhuintir na Palaistíne. Hamas agus Hezbollah Abú !!!
Is mise le dóchas
Dónall Mór Mac Billings
Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
Iar-Chime Poblachtach
sa Ghaeltacht/Jailteach,
i bPríosún Phort Laoise agus sa Cheis Fhada (1972-76)
cás 8, Bloc E
Éire.