I ré na n-oll-luamh is cuma faoi rialacha a bhriseadh

Cé go bhfuil aird dírithe ar lucht an rachmais sa Rúis agus ar a gcuid luamh, is le Meiriceánaigh an líon is mó ‘superyachts’

I ré na n-oll-luamh is cuma faoi rialacha a bhriseadh

Chonacthas luamh ollmhór le cé na Life an tseachtain seo caite.

Ag tarraingt ar an deireadh seachtaine mór siamsaíochta i mBaile Átha Cliath a bhíomar nuair a tugadh faoi deara é. Thosaigh na luaidreáin ag dul mórthimpeall ar an toirt.

‘Sin luamh Taylor Swift – tá mé cinnte de!’

Bhí daoine ag déanamh amach cén fáth a dteastódh luamh uaithi – slándáil, áisiúlacht do lár na cathrach srl. Ach thar oíche, d’imigh an luamh agus fós ní raibh a fhios cá raibh sí féin ag cur fúithi.

Go hiondúil ní maith le húinéirí na mbád iontach seo go mbeadh eolas ar bith ag gnáthdhaoine fúthu féin ná faoina gcuid bád.

Ach ón uair a d’ionsaigh an Rúis an Úcráin os cionn dhá bhliain ó shin, tá an-suim ag an ngnáthphobal iontu agus cé leis iad. D’fhógair na Stáit Aontaithe agus tíortha eile san iarthar go raibh smachtbhannaí i bhfeidhm i gcoinne na Rúise agus go rabhadar chun a gcuid ‘oll-luamh’ a ghabháil, dá mb’fhéidir é.

I bpíosa faoin leabhar nua Superyachts: Luxury, Tranquillity and Ecocide le Grégory Salle, fuair mé amach nach raibh sé sin chomh héasca agus a measadh.

Dá mba rud é go raibh luamh ar ancaire i dtír nach raibh aon smacht ag an iarthar uirthi, ní éireodh leo é a ghabháil.

Mar shampla, bhí an Altair’, a raibh ainmneacha éagsúla air thar na mblianta, sna hOileáin Mhaildíve agus anois tá sé ar ancaire amach ó chósta na Tuirce, áit nach féidir breith air. Tráth den saol, tugadh an Queen K’ air agus ina dhiaidh sin an Clio.’

Sa mbliain 2008, ba chosúil gur chaith polaiteoirí agus iarpholaiteoirí na Breataine, daoine ar nós Peter Mandelson agus George Osborne, tamall ar saoire ar an luamh sin. Ba leis an rachmasóir Oleg Deripaska, a rinne a shaibhreas ar chruach sa Rúis, an bád.

Mura bhfuil aithne fhorleathan ar Deripaska, ní hamhlaidh an scéal do Roman Abramovich, an fear arbh leis Club Peile Chelsea, uair amháin. Is cosúil gurb eisean úinéir an oll-luaimh Eclipse’ i gcónaí. Nuair a tógadh é, chosain sé $600 milliún agus ba é an luamh ba mhó ar domhan. Ná bíodh imní ar éinne faoin Eclipse – tá sé breá sábháilte i Marmaris na Tuirce, ach cuireadh iachall ar Abramovich an club peile a dhíol tar éis an ionraidh ar an Úcráin.

D’éirigh leis na Stáit Aontaithe roinnt oll-luamh a ghabháil, áfach. Ach ní hionann sin is a rá go bhfuil na Stáit Aontaithe ag déanamh aon bhrabach astu. Tháinig tuairisc ó áisíneacht nuachta Reuters i mí Feabhra go raibh an t-oll-luamh ‘Amadea’, ar leis an rachmasóir mianadóireachta óir Suleiman Kerimov é, ag cosaint $7 milliún sa mbliain ar na Stáit Aontaithe, chun é a choinneáil.

Ar ndóigh ní haon iontas go gcosnódh sé an t-uafás airgid na báid mhóra nua-aimseartha seo a choinneáil i gcaoi mhaith. Slat tomhais amháin a chuala mé ná go gcosnaíonn sé thart ar an deichiú cuid de bhunchostas an luaimh é a choinneáil i gcaoi mhaith agus an fhoireann a íoc freisin.

Níl deireadh an scéil sin cloiste go fóill, toisc go bhfuil cás cúirte i gcoinne na Meiriceánach tógtha ag an rachmasóir Eduard Khudainatov, a deir gur leis féin an Amadea. Dar leis na hIodálaigh, is le Khudainatov freisin, an luamh ‘Scheherazade’ ($700 milliún), cé go mb’fhéidir gur folach é sin ar an bhfíorúinéir, Vladimir Putin. Tá an luamh sin gafa ag na húdaráis san Iodáil.

Bheadh súil agat go gcuirfidís corrbhrat péinte air – agus is cosúil anois go gcuireann. Tá sé tuairiscithe gur thug na húdaráis san Iodáil cead don úinéir – cibé duine é féin- íoc as an mbád mór costasach sin a choinneáil agus a athchóiriú in ainneoin é a bheith gafa ag an am céanna.

Cé go bhfuil aird dírithe ar lucht an rachmais sa Rúis agus ar a gcuid luamh, is le Meiriceánaigh an líon is mó ‘superyachts’ – 24%. Agus mar a bheifeá ag súil, baineann cuid acu leis na billiúnaithe ‘teic.’ Tá cleachtadh acu sin ar rialacha a bhriseadh – ní hamháin i saol na teicneolaíochta ach sa ghnáthshaol freisin.

Nuair ba mhian le Jeff Bezos ó Amazon, a bhád ollmhór ‘Koru’ a thabhairt ón longchlós síos an abhainn san Ísiltír go dtí an fharraige, d’aontaigh méara chathair Rotterdam, an droichead cáiliúil De Hef a bhaint anuas ionas go mbeadh bealach éasca amach chun na farraige aige. Thóg an pobal raic faoin gcinneadh, d’éirigh leo agus b’éigean an bád a chur ar bháirse chun é a sheoladh síos, agus na crainn a fheistiú air ina dhiaidh sin.

Tarlaíonn sé go bhfuil an ‘Koru’ chomh mór agus chomh sofaisticiúil sin, nach bhfuil aon spás air don ‘helipad.’ Ach tá leigheas ar an bhfadhb sin freisin. Bíonn bád ‘taca’ ag an gcuid is mó de na holl-luaimh. Is é an ‘Abeona’ atá 75 méadar ar fhad, bád taca an ‘Koru’.

Agus is ar an mbád sin a iompraítear an trealamh spraoi ar fad – na cláir sciála scairde, na sleamhnáin uisce, na báid luais, na mion-fhomhuireáin agus mar sin de. ‘Bosca bréagán’ mar a thug iris seoltóireachta air.

Tháinig fás ollmhór ar thionscal na luamh tar éis na paindéime. Chonaic lucht an rachmais go raibh deis níb fhearr acu fanacht slán ón ngalar má bhíodar in ann tabhairt faoin bhfarraige. Tá oileáin agus tithe príobháideacha acu ar fud an domhain. Fostaítear an chuid is mó den fhoireann ar chonarthaí gearrthéarmacha agus ní bhíonn ach captaen agus aon duine eile atá riachtanach, fostaithe go díreach ag úinéir an luaimh.

Iadsan a dhéanann an tseoltóireacht trasna an Atlantaigh nó go dtí an Mhuir Cairib. Is ar scairdeitleáin phríobháideacha a dhéanann na húinéirí a gcuid taistil chomh fada lena gcuid luamh.

Tá cuid acu anois ag breathnú níos faide ó bhaile – amach sa spás. Cheana féin, chuaigh spásárthach de chuid Jeff Bezos agus ceann eile le Richard Branson chomh fada le teorainn an spáis.

Íocadh na milliúin dollar ar shuíochán do mhac óg le milliúnaí ón Ísiltír ar thuras spáis Jeff Bezos. Bheadh súil ag duine go raibh an seoladh ceart ag an tiománaí sin ó Amazon.

Fág freagra ar 'I ré na n-oll-luamh is cuma faoi rialacha a bhriseadh'

  • WTF

    Ainmneacha an trí luamh pléisiúir atá ag an bPrionsa Jeffrey Bolkiah (Brunei):
    1. Cíocha (oll-luamh)
    2. Sine 1
    3. Sine 2