I ngreim chomhréir an Bhéarla a bhíonn an Ghaeilge uaireanta – scaoiltear saor í

Le tamall anuas, tá faisean ag cuid de phobal na Gaeilge aithris a dhéanamh ar chlásal tosaigh an Bhéarla…

I ngreim chomhréir an Bhéarla a bhíonn an Ghaeilge uaireanta – scaoiltear saor í

Ceann de bhuanna na copaile sa Ghaeilge is ea gur féidir béim a chur ar chuid dhifriúil d’abairt léi. Tá na samplaí seo a leanas ag na Bráithre Críostaí:

  1. Is é mac Sheáin a chuaigh go Doire inné ag imirt cluiche.
  2. An go Doire a chuaigh mac Sheáin inné ag imirt cluiche?
  3. Nach inné a chuaigh mac Sheáin go Doire ag imirt cluiche?
  4. Dúradh gur ag imirt cluiche a chuaigh mac Sheáin go Doire inné.

Is féidir an cleas céanna a dhéanamh sa Bhéarla, áit a dtugtar clásal chun tosaigh ar mhaithe le treisiú, d’fhonn aird a tharraingt ar an eolas atá ann. Féach a leithéid seo, mar shampla:

Originally from Kilrush, Tadhg is a graduate of UCD.

Le tamall anuas, tá faisean ag cuid de phobal na Gaeilge aithris a dhéanamh ar dhul na habairte sin. Is é a bhíonn de thoradh ar an nós sin ná a leithéid seo:

‘As Cill Rois ó dhúchas, tá Tadhg ina chéimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath’.

Tá cúpla bealach le dul i mbun na habairte sin, ach gaisneas a bhaint as an gcopail de réir nádúr na Gaeilge:

‘As Cill Rois ó dhúchas (é) Tadhg, atá ina chéimí…’

‘(Is) as Cill Rois ó dhúchas do Thadhg, atá ina…’

‘Ó Chill Rois ó dhúchas is ea Tadhg, atá ina…’

Sna leaganacha thuasluaite ar fad, is féidir na focail ‘agus tá sé ina…’ a chur isteach in áit ‘atá ina…’. Lena chois sin, tá lear mór roghanna ann i dtaobh an méid is féidir a dhéanamh leis an gcopail, seachas an láimhseáil atá déanta uirthi sa bhunabairt, atá faoi anáil an Bhéarla.

Ar ndóigh, bheadh an fhoclaíocht ‘As Cill Rois ó dhúchas’ oiriúnach agus cruinn mar fhreagra ar an gceist ‘Cé as do Thadhg?’, faoi mar a bheadh ‘Cill Rois ó dhúchas’. Ar an gcaoi chéanna, is cuid de dhul nádúrtha na Gaeilge an fhoclaíocht ‘As Cill Rois Seán’, faoi mar is ea ‘Múinteoir Seán’ (= ‘Múinteoir é Seán’/ ‘Múinteoir is ea Seán’ / ‘Is múinteoir é Seán’).

Cé is moite d’anáil na mórtheanga, shamhlóinn gurb é an giorrú sin a dhéantar ar an gcopail sa Ghaeilge – atá ag teacht le dúchas na teanga – is cúis leis an mbunabairt thuas faoi chúlra Thaidhg a theacht ar an bhfód.

Dá intuigthe a leithéid, ní fhágann sé gur inghlactha clásal ar nós ‘As an Lochán Beag ó thús’ san abairt ‘As an Lochán Beag ó thús, tá Emily anois ina cónaí i mBaile Átha Cliath’. Tá an leasú ceannann céanna le déanamh ar an abairt sin agus atá déanta ar cheann Thaidhg thuas.

Má fhillimid ar abairt sin Thaidhg, an rogha eile atá againn ná úsáid a bhaint as clásal coibhneasta indíreach na copaile sa tarna cuid di, mar seo:

‘Is as Cill Rois ó dhúchas do Thadhg, ar céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath é’.

‘Gur céimí’ a chloisfí in iarthar na Mumhan san abairt chéanna, faoi scáth na Nua-Ghaeilge Clasaicí.

An nós atá ann aithris a dhéanamh ar chlásal tosaigh an Bhéarla sa Ghaeilge, uaireanta, feictear ag teacht chun cinn é agus leas á bhaint as an mbriathar. Féach ar an méid seo a leanas mar shampla:

‘Aitheanta go hidirnáisiúnta, tugann an clár seo deis do dhaoine deimhniú oifigiúil a fháil maidir lena gcumas Gaeilge’.

Is é atá san abairt sin ná aistriúchán focal ar fhocal ar Recognised internationally, this programme gives people an opportunity…

Is gá an abairt a leasú de bheagán, dar liom, agus arís ar ais, tá cúpla rogha againn – ní thabharfaidh mise ach dhá cheann anseo:

‘Clár é seo atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus a thugann deis do dhaoine….’

‘Clár é seo a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige, áit a dtugtar deis do dhaoine…’

Mar a dúirt mé cheana, is mó a bhaineann an bhunabairt thuas leis an mbriathar seachas leis an gcopail, ach más ea féin, tá an locht céanna uirthi, ina bunchruth, is atá ar na habairtí copaileacha.

De ghrá chothrom na Féinne, áfach, ní miste beagán cíortha a dhéanamh ar an míthuiscint a thug ann í, dála mar a rinneadh i gcás na copaile. Samhlaigh, mar sin, a mhacasamhail seo de chomhrá idir triúr:

Cainteoir 1 (le Cainteoir 2): Tá sé aitheanta go hidirnáisiúnta.

Cainteoir 3 (nach raibh ag éisteacht nó nár chuala an chéad ráiteas): Tá sé céard?

Cainteoir 2: Aitheanta go hidirnáisiúnta.

Tá ráiteas nó freagra Chainteoir 2 inghlactha sa chomhthéacs lena mbaineann sé, agus slán ó thaobh na comhréire dúchasaí dá bharr. Ní hamhlaidh atá san abairt faoin gclár oideachais teanga.

Admhaím gur caolchúiseach go maith atá na ceisteanna seo, ach ní fhágann sin nár cheart a bheith san airdeall orthu. Go deimhin, más slat tomhais an-seanfhaiseanta í, níor mhiste, dar liom, cuimhneamh ar an té nach bhfuil ach Gaeilge aige (nach ann dó sa lá inniu), agus fiafraí dínn féin an dtuigfeadh a leithéid de dhuine na bunabairtí is ábhar don alt seo d’uireasa an Bhéarla.

Mura dtuigfeadh, is é is dóichí ná a mhalairt go bhfuil siad le scuabadh chun siúil agus go bhfuil cló an dúchais le bualadh orthu in athuair.

Fág freagra ar 'I ngreim chomhréir an Bhéarla a bhíonn an Ghaeilge uaireanta – scaoiltear saor í'

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Clár é seo….áit a dtugtar deis do dhaoine…’
    ….mar a dtugtar deis do dhaoine?

  • WTF

    ‘go hidirnáisiúnta’ cgl ach ‘ar bhonn idirnáisiúnta’?
    Níos deise, níos dúchasaí?
    Mar a chéile; ‘go stairiúil’…’ar bhonn stairiúil’ nó ‘le sinsearacht’…
    Beir beannacht.

  • WTF

    Clousim é seo go minic:
    ‘go traidisiúnta’….’riamh anall’ ab fhearr dar liom.