I gConamara, is glas iad na bealaí glasa i bhfad uainn…

Tá cor coise curtha i gcosán siúlóide Chonamara agus talamh treampánach roimh an mBealach Glas i gcónaí

I gConamara, is glas iad na bealaí glasa i bhfad uainn…

Bheadh lorg chosa an phobail agus na dturasóirí ar Bhealach Glas Chonamara idir Uachtar Ard agus an Clochán faoin mbliain 2014, nó an bhliain dár gcionn, go cinnte.

B’in í an chaint lán dóchais a bhí ann nuair a fuarthas cead pleanála le haghaidh an chosáin rothaíochta agus siúlóide i gConamara a bheadh breis agus 50 ciliméadar ar fhad ionann is seacht mbliana ó shin.

Ach nuair a tugadh tuairisc faoina raibh tarlaithe ag cruinniú Chomhairle Bhardasach Chonamara an tseachtain seo, is beag a bhí déanta agus de réir na tuairisce sin, níl tromlach na bhfeilméaraí agus na n-úinéirí talún sásta tacú le forbairt an chosáin seo, go dtí seo ar chuma ar bith.

Thug innealtóirí na Comhairle Contae tuairisc do Chomhairle Bhardasach Chonamara nach raibh ach 25 as an 55 feilméara/úinéir talún a dtiocfadh an Bealach Glas trína gcuid maoine toilteanach socrú i bprionsabal a shíniú. Chaithfí miondintiúirí agus cúiteamh airgid a shocrú ina dhiaidh sin.

Bhí scór eile ann a dúirt go dtiocfadh siad chun cainte le hionadaithe na Comhairle Contae aríst faoi cheist an Bhealaigh Ghlais ach ní raibh fonn ar bith ar roinnt eile de na húinéirí talún an scéal a phlé beag ná mór níos mó.

Fágann sin go bhfuil talamh treampánach roimh an mBealach Glas i gcónaí ach tarraingíodh anuas ag an gcruinniú téarma nár chualathas aon trácht air cheana i dtaobh an chosáin seo – ordú ceannaigh éigeantaigh nó CPO.

Luaigh feidhmeannaigh na Comhairle Contae go raibh sé ina n-intinn go mbainfí leas as orduithe éigeantacha i gcorr-áit dá mba ghá é leis an mBealach Glas a chur ar aghaidh.

Ba é an socrú a bhí ann nuair a thug an Bord Pleanála cead forbartha le haghaidh Bealach Glas Chonamara gur dá ndeoin féin a scaoilfeadh feilméaraí píosaí talún uathu le haghaidh an chosáin. Ní bheidís ag scaradh le teideal na talún.

De bharr polasaí nua Rialtais a fógraíodh anuraidh, táthar sásta anois a dhul i dtreo orduithe ceannaigh éigeantaigh i roinnt cásanna. Ina theannta sin, tá córas cúitimh ann agus íoctar roinnt airgid ar an talamh a thógtar ar láimh. Feicfear cén chaoi a n-éireoidh leis an gcur chuige nua seo ar chúrsa Bhealach Glas Chonamara.

Bhí na feidhmeannaigh i Fáilte Éireann agus sa gComhairle Contae ag ceapadh go gcuirfí an talamh ar fáil go deonach, den chuid is mó i gConamara.

Ach, níor thuig go leor acu an luí láidir a bhíonn ag daoine i gceantair thuaithe lena gcuid talún, is cuma más talamh fliuch riascach righin féin é. Ní dóigh gur thuigeadar ach an oiread na deacrachtaí praiticiúla a tharlódh de bharr garrantaí a bheith scartha amach óna chéile ag an gcosán agus an baol go gcuirfí scéin i mbeithígh agus i mbeostoc eile. Ní raibh ach mionlach de na feilméaraí sásta scaradh leis an talamh. Ní rabhadar siúd, go leor acu ar chuma ar bith, ag baint aon bhrabach as an turasóireacht. Bhí an Bealach Glas ina stad de léim.

Tá obair mhaith déanta ar phíosaí beaga den chosán as Baile na hInse i dtreo an Chlocháin, obair a rinne foireann de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tuairiscítear daoine as an áit a bheith ag baint leas as chomh maith céanna le turasóirí. Rinneadh forbairt ar chuid den phíosa sin ar thalamh atá ag Coillte.

Bhí Comhairleoirí Chonamara ag tabhairt ’chaon taobh den Bhealach Glas leo ag cruinniú Chomhairle Bhardasach Chonamara an tseachtain seo. Ar ndóigh caithfear a chur sa gcomhaireamh go gcaithfidh comhairleoirí contae mórán chuile thrá a fhreastal agus iad ar bhóthar na toghchánaíochta. Beidh orthusan a dhul os comhair an phobail uilig, feilméaraí agus lucht turasóireachta agus spaisteoireachta, ar an 24 Bealtaine.

Leis na feilméaraí a bhí a croí féin, a deir an Comhairleoir Niamh Byrne as Uachtar Ard, agus chaithfí cothrom na Féinne a thabhairt dóibh.

Mórán mar a chéile a labhair Séamas Breathnach. Bhí buntáistí ag baint leis an mBealach Glas ach an cúrsa a athrú anonn agus anall, labhairt leis na feilméaraí agus orduithe ceannaigh éigeantaigh a sheachaint, arsa Breathnach.

Caolseans, a deir innealtóir de chuid na Comhairle Contae, gur féidir mórán athruithe a chur ar chúrsa an Bhealaigh Ghlais.

An dtuigeann daoine a thromchúisí agus atá sé a leithéid seo de chúrsa siúlóide agus rothaíochta a stopadh, an cheist a bhí ag an gComhairleoir Thomas Welby.

Chuirfeadh an Bealach seo croí ar ais in áiteacha atá in ísle brí anois, dar leis. Ba dheacair leis tuiscint a fháil ar dhearcadh chuid de na húinéirí talún nach ligfeadh an Bealach Glas trína gcuid gabháltas.

Tá tuilleadh cainte agus comhráite le déanamh agus tá feidhmeannaigh na Comhairle Contae dearfach, a dúradar.

Is glas iad na bealaí glasa i bhfad uainn.   

Fág freagra ar 'I gConamara, is glas iad na bealaí glasa i bhfad uainn…'

  • Seán

    An amhlaidh go raibh an bóthar iarainn ó Ghaillimh chun an Chlocháin ag rith tráth ar an talamh atá i gceist leis an mBealach Glas seo agus gur ghlac na feirmeoirí seilbh nuair a stad an tseirbhís traenach ? Más amhlaidh ní bheadh oiread bá agam leo agus ordú ceannaigh éigeantaigh nó CPO á chur i bhfeidhm. Scéal eile é más ag acusan nó ag a sinsear a bhí teideal na talún riamh anall.