Grúpa pobail ag achainí ar Ardeaspag léas a shocrú le hÚdarás na Gaeltachta le tús a chur le forbairt

Níl fód bainte, agus níl bloc leagtha ar shuíomh pobail i gCarna i nGaeltacht Chonamara bliain iomlán théis don Aire Stáit Gaeltachta, Patrick O’Donovan, €1 milliún a fhógairt le méadú a chur ar Ionad Cuimhneacháin na nImirceach

Grúpa pobail ag achainí ar Ardeaspag léas a shocrú le hÚdarás na Gaeltachta le tús a chur le forbairt

I mbeartas neamhghnách tá achainí déanta ag an gcomhlacht pobail atá i mbun forbartha i nGaeltacht ar Ardeaspag Thuama, an Dr Éamon Ó Dufaigh, a lámh féin a chur sa scéal ar mhaithe leis an tionscnamh a chur chun cinn, agus tacú leis an bpobal.

Níl fód bainte, agus níl bloc leagtha ar shuíomh pobail i gCarna i nGaeltacht Chonamara bliain iomlán théis don Aire Stáit Gaeltachta, Patrick O’Donovan, €1 milliún a fhógairt le méadú a chur ar Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta.

Bheadh an spás nua múnlaithe ina ionad oidhreachta agus béim mhór ann ar stair na himirce as an nGaeltacht. Tá sé sa bplean freisin go ndéanfaí forbairt ar Gharraí Cuimhneacháin na nImirceach gar don Ionad.

Ach ní féidir tosú gan léas a bheith tugtha ag Ard-Deoise Thuama d’Údarás na Gaeltachta, atá ag láimhsiú na forbartha.

D’fhógair an tAire Stáit O’Donovan an t-airgead ag ócáid in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i dtús mhí an Mhárta 2023.

Ach, tá an plean curtha in ainseal agus in aimhréidh ag an moill atá ag baint le socrú faoin léas ó Ard-Deoise Thuama go hÚdarás na Gaeltachta.

D’fhág fógra an Aire Stáit Gaeltachta anuraidh go raibh an t-airgead uilig a theastaigh ar fáil. Bhí Údarás na Gaeltachta le €250,000 a chur sa chiste, agus bhí an bhunobair déanta ag an gcomhlacht pobail, Ionad Cuimhneacháin na nImirceach CLG.

Dúradh i ráiteas ón gcomhlacht pobail an tseachtain seo gur ait go deo an cás é nach féidir tosú ar an tionscnamh. “Tá suíomh ar fáil, tá cead iomlán pleanála faighte, tá an t-airgead ar fáil agus tá conraitheoir ag fanacht le treoir le dhul isteach ar an suíomh. Ach níltear – ar chúis éigin – in ann a theacht ar shocrú idir Ard-Deoise Thuama agus Údarás na Gaeltachta faoi léas ar ghiota talún.”

Osclaíodh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta go hoifigiúil i gCarna i mBealtaine na bliana 2018. Tháinig Marty Walsh, Méara Bhoston san am, anall in aon turas leis an Ionad a sheoladh go hoifigiúil. Bhí Gobharnóir Maryland, Martin O’Malley i measc na gcuairteoirí trasatlantacha an lá sin. Bhí iarThaoiseach na hÉireann, Liam Cosgrave, ann agus é 94 bliain d’aois. Chuaigh Cosgrave chun na scoile ar an láthair sin ar feadh ráithe in éineacht lena dheartháir Micheál i 1930.

Is le hArd-Deoise Thuama an suíomh ina bhfuil breis agus acra talún agus tá léas fadtéarmach ag Ionad Cuimhneacháin na nImirceach CLG – comhlacht pobail – ar an suíomh.

Os cionn €350,000 a chruinnigh coiste bunaithe an ionaid, sin chomh maith le go leor obair dheonach ar an suíomh, agus d’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta san am, Seán Kyne, €700,000 de dheontas.

Le himeacht na haimsire, bheartaigh an comhlacht pobail gur theastaigh spás breise sa gcaoi agus go mbeadh ionad taispeántais ann a tharraingeodh cuairteoirí an bealach. Socraíodh freisin go ndéanfaí forbairt ar Gharraí Cuimhneacháin na nImirceach le taobh an Ionaid. Thacaigh Údarás na Gaeltachta leis an bplean sin agus tá an t-ionad áirithe mar cheann de bhuaicphointí turasóireachta na Gaeltachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Dheimhnigh urlabhraí ó Ionad Cuimhneacháin na nImirceach CLG an tseachtain seo go bhfuarthas cead i scríbhinn ó Ard-Deoise Thuama leis an iarratas pleanála a bhain leis an bplean nua a chur chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe. Bhí sé tuigthe, a dúirt urlabhraí an chomhlachta, go mbeadh tuilleadh forbartha ar an suíomh dá n-éireodh leis na hiarratais phleanála sin – agus tharla sé gur éirigh leo.

Idir an dá linn réitíodh plean le haghaidh an leagan amach a bheadh ar an Halla Taispeántais agus an trealamh a bheadh istigh ann. Idir chuile shórt bheadh caiteachas thart ar €1.5 milliún le déanamh ar an bhforbairt atá i gceist anois.

Leagadh isteach an achainí i bPálás an Ard-Easpag i dTuaim agus dúirt urlabhraí as comhlacht Ionad Cuimhneacháin na nImirceach CLG nach rabhthas ag súil le freagra de léim. Ach, a dúradh, táthar muiníneach go ndéanfadh an tArd-Easpag teagmháil leo chomh luath agus a bheidh deis aige.

Idir an dá linn, tá cruinniú iarrtha ag comhlacht Ionad Cuimhneacháin na nImirceach CLG le Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, le ceist an mhéadaithe ar an Ionad agus forbairt an Gharraí Cuimhneacháin a phlé leis. Tuigtear go bhfuil glactha ag an Uasal Ó Síocháin leis an gcuireadh sin.

Fág freagra ar 'Grúpa pobail ag achainí ar Ardeaspag léas a shocrú le hÚdarás na Gaeltachta le tús a chur le forbairt'