Grúpa mór liamhán gréine ag cúirtéireacht amach ó chósta Árann

Chonacthas suas le 14 liamhán gréine i dteannta a chéile idir cósta an Chláir agus Oileáin Árann le cúpla lá anuas

Grúpa mór liamhán gréine ag cúirtéireacht amach ó chósta Árann

Tá grúpa mór liamhán gréine bailithe le chéile amach ó chósta Oileáin Árann.

Chonacthas suas le 14 liamhán gréine i dteannta a chéile sa bhfarraige idir cósta an Chláir agus Oileáin Árann le cúpla lá anuas.

Ba í tuairim lucht Thogra Liamháin Ghréine na hÉireann gur ag cúirtéireacht a bhí na liamháin ghréine amuigh ar an ród agus d’iarr siad ar aon duine a bheadh amuigh ag breathnú orthu ar a laghad 4 mhéadar a choinneáil idir iad féin agus na liamháin ghréine.

Is é an liamhán gréine an dara hiasc is mó ar domhan. Bíonn liamháin ghréine idir 7-9 méadar ar fhad ach d’fhéadfaidís a bheith suas le 11m ar fhad uaireanta.

Bíonn liamháin ghréine le feiceáil amach ó chósta na hÉireann idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair. Le roinnt blianta anuas bíonn liamháin ghréine le fieceáil go minic san uisce éadomhain amach ó oileán Acla.

Tá liamháin ghréine i mbaol a ndíothaithe de bharr go ndearnadh ró-iascaireacht ar an speiceas ar mhaithe leis an ola ina n-ae agus a gcuid eití.

Fág freagra ar 'Grúpa mór liamhán gréine ag cúirtéireacht amach ó chósta Árann'