Greann dóite agus cliar spéisiúil carachtar atá ag iarraidh a bheith beo in áit chontúirteach

Rófhada a bhí Frankenstein in Baghdad (One World) le hAhmed Saadawi gan léamh

Greann dóite agus cliar spéisiúil carachtar atá ag iarraidh a bheith beo in áit chontúirteach

Carnann tú na leabhair. Níl neart agat air. In amanna, is fusa an leabhar a cheannach ná an t-am a aimsiú leis an leabhar a léamh. Níl leabhar eile de dhíth ort. Ba cheart duit bheith ciallmhar agus na leabhair atá agat a léamh. Ach ní éisteann tú leat féin agus carnann na leabhair ina ngallán mór ar an tábla.

Rófhada a bhí Frankenstein in Baghdad (One World) le hAhmed Saadawi gan léamh. Úrscéal atá ann a scríobhadh san Araibis an chéad lá riamh agus Johnathan Wright a d’aistrigh go Béarla. Tugann nótaí chúl an leabhair le fios go bhfuil cónaí ar Saadawi i mBagdad go fóill. Bhuel, nach iontach mar is féidir leis an léitheoir lámh chúnta a thabhairt don scríbhneoir, an leabhar a cheannach agus cúpla pingin a thabhairt don údar agus an leabhar a léamh agus an ceangal mistéireach spioradálta sin idir léitheoir agus scríbhneoir a bhuanú?

Scéal Mary Shelley a spreag an leabhar. Sa chás seo, ní hé an Dochtúir Frankenstein a chruthaíonn arracht an scéil ach mangaire bocht, Hadi, i mBagdad an lae inniu. Duine gan chumhacht é Hadi; bacach nach mór, duine nach bhfuil meas ag daoine air. Tá sé ag iarraidh a bheith beo agus Meiriceánaigh, saighdiúirí rialtais agus paraimíleataithe ag troid le chéile. Is beag lá nach mbíonn pléascán ann; is beag lá nach mbíonn fuil ann.

Cruinníonn sé píosaí de chorpáin agus déanann aon chorpán mór amháin astu ar fad. Ní doiligh dó taisí daonna a bhailiú i mBagdad; tá daoine á marú go laethúil. Síobann buamaí anamacha chun na síoraíochta ach fágann na buamaí céanna giotaí de na daoine ar an tsaol seo. Bailíonn Hadi méara, cosa, craiceann as brachán seo na fola agus cruthaíonn neach nár cheart a bheith beo.

An foréigean a thugann beatha don neach sa deireadh; maraítear garda slándála agus is é a anam a chuireann lasair feighle sa neach nach maireann:

Sometimes the soul leaves the body and you die, but then the Angel of Death changes his mind or corrects the mistake he has made, and the soul goes back inside its body. Then God commands the body to rise from the dead. In other words, the soul is like the fuel in a car.

Éiríonn an créatúr ó mhairbh ach tá mallacht na marbh air go fóill. Baineann na píosaí daonna atá sa neach díoltas amach ar na daoine a mharaigh iad. Maireann spiorad de shórt inteacht sna taisí agus tugann siad air díoltas a imirt ar an bheo. Ní de réir a thola féin a mhaireann an corpán beo. Mar sin féin, ní luaithe sin díoltas aige go dtiteann píosaí de. Caithfidh sé na seanphíosaí a mhalartú le píosaí nua feola. Tá sé beo le daoine a mharú agus caillfidh sé a bheo féin mura leanann sé den mharú. Fáinne fí an fhoréigin atá ann.

Ní fada ach an oiread go dtuigeann an pobal áitiúil go bhfuil marfóir nua ina measc. Baisteann siad ‘C’ainmatáair’ ar an chréatúr agus ní fada go gcuireann iriseoir óg áitiúil, Mahmoud al-Sawadi, boladh an scéil.

Castar Elishva, seanChríostaí de bhunadh na cathrach, ar an chréatúr. Tá sise ag fanacht le go dtiocfadh a mhac féin, Daniel, ar ais ón chogadh idir an Iaráic agus an Iaráin, cogadh a tháinig chun críche na blianta ó shin. Níl tásc ná tuairisc ar Daniel ó shin; tá a fhios ag an tsaol mhór nach bhfillfidh sé. Ach leanann Elishva dá cuid paidreacha agus creidim sí go bhfuil Dia i ndiaidh freagra a thabhairt ar na paidreacha céanna nuair a thagann an créatúr chuici.

Cluineann daoine eile an scéal fosta; an Briogáidire Sorour Mohamed Majid, ina measc. Tá seisean i mbun rannóige de chuid arm na hIaráice, rannóg aisteach a mbíonn astralaithe ag obair inti. Mothaíonn sé go bhfuil deis chun ardú céime sa ghnó ar fad. Ní fada go mbíonn na hastralaithe i mbun fiosrúcháin le C’ainmatáair a cheapadh.

Éiríonn leis an úrscéal uafás na cathrach a chur in iúl; feiceann muid cneácha na cathrach gan cheist – cneácha an chogaidh i láthair agus cneácha seanchogaí. Tá greann dóite ann agus cliar spéisiúil carachtar atá ag iarraidh a bheith beo in áit chontúirteach. Tuigeann muid fosta an ceacht is scáfaire ar fad: faigheann an fhuil an lámh in uachtar ar an aigne.

Fág freagra ar 'Greann dóite agus cliar spéisiúil carachtar atá ag iarraidh a bheith beo in áit chontúirteach'