Tá Lillis Ó Laoire, amhránaí ar an sean-nós as Gaeltacht Dhún na nGall, roghnaithe mar ‘Amhránaí na Bliana’ ag Gradam Ceoil TG4.
Is í Laoise Kelly, cruitire as Cathair na Mart, ‘Ceoltóir na Bliana’.
Tá Lillis Ó Laoire, atá ina Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, as Gort an Choirce áirithe i measc na n-amhránaithe móra i saol an tsean-nóis. Faoi dhó, i 1991 agus 1994, a bhuaigh sé mórchómórtas an tsean-nóis, Corn Uí Riada.
Is saineolaí é ar amhráin agus amhránaithe Oileáin Thoraí agus tá leabhar scríofa aige faoi thraidisiún amhránaíochta an oileáin, An Chreag i lár na Farraige agus Bláth Gach Géag dá dTig is teideal dá albam.
Fógrófar go hoifigiúil buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 na bliana seo ag ócáid in Halla na Cathrach i gCathair na Mart tráthnóna. Beidh an ócáid á craoladh beo ar Nuacht TG4.
Seisear ceoltóirí ar fad a bheas ag fáil gradam ceoil TG4 ag an searmanas bronnta gradam sa Waterfront Hall i mBéal Feirste ar an 23 Feabhra.
Bronnfar an gradam saoil ar Sheamus Connolly, fidléir arb as Cill Dalua i gcontae an Chláir ó dhúchas é ach atá ag cur faoi in Massachusetts le fada.
Bronnfar an duais cumadóra ar Josephine Marsh, boscadóir aitheanta a rugadh i Londain ach atá ina cónaí in iarthar an Chláir le fada.
Sharon Howley, bean óg as Cill Fhionnúrach a sheinneann an dordveidhil, atá roghnaithe mar ‘Ceoltóir Óg na Bliana’ agus bronnfar ‘Gradam Comaoine’ ar Ned Kelly, boscadóir as Baile Uí Chomáin, Tiobraid Árann.
Rinne Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, comhghairdeas le buaiteoirí na ngradam.
“Is léiriú cruthanta iad ar an gceol traidisiúnta, agus tá ríméad orainn i TG4 na gradaim is airde sa cheol gaelach a bhronnadh orthu,” arsa Alan Esslemont.
Deir Áine Walsh, ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Northern Ireland Screen go rabthas “iontach sásta” go mbeadh na Gradaim Cheoil á gcraoladh beo ó Bhéal Feirste i 2020.
Seo an tríú bliain as a chéile a mbeidh mórghradam ceoil TG4 á reáchtáil sa Waterfront Hall i mBéal Feirste.
Liam
Comhgáirdeachas ó chroí le Lillis ó Laoire agus le na faighteoirí eile.
Pat Mc Clafferty
Comhgáirdeas Lillis. Tuillte go mór agat.
Póilín Uí Ghallachóir
Go maire tú do ghradam, a Lillis. Comhghairdeas ó chroí leat agus go maire tú do ghradam atá tuillte go mór agat.
Brian Ó Domhnaill
Chomh bródúil asat. Maith thú fhéin agus tuillte go maith agat.Obair iontach déanta agat anuas na blianta.
Brian D M
Eilis Ní Anluain
Comhghairdeachas a Lillis agus go maire tú do ghradam!
Jackie Mac Donncha
Tuillte go maith ag Lillis. Diabhal fear níos fearr. Is Creag é i lár na Farraige.
Go maire sé a ghradam.