Gradaim tugtha leo ag eolaithe óga scoileanna lán-Ghaeilge

Daltaí ó Meánscoil Gharman i Loch Garman a thug leo an gradam don togra Gaeilge is fearr agus bhuaigh roinnt tograí ó scoileanna lán-Ghaeilge duaiseanna eile

Gradaim tugtha leo ag eolaithe óga scoileanna lán-Ghaeilge

Bhí ábhar ceiliúrtha ag daltaí ó scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge san RDS ag an deireadh seachtaine agus gradaim tugtha leo acu ó Thaispeántas Eolaí Óg BT 2022.

Breis is 1,000 dalta ar fud na tíre a ghlac páirt sa taispeántas i mbliana agus dhá scór togra as Gaeilge a taispeánadh.

Daltaí ó Meánscoil Gharman i Loch Garman a thug leo an gradam don togra Gaeilge is fearr. Cuireadh dhá scór togra i láthair i nGaeilge ag an taispeántas agus bronnadh an gradam ar Shadhbh Bonninghton, Clarisse Ní Chonchubhair agus Patrick Cox don togra a rinne siad ar an tionchar a bhíonn ag buillí déchluasacha ar an gcodladh. 112/SOS a rinne urraíocht ar an ngradam Gaeilge.

Bhí dea-scéal ag daltaí ó Choláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin chomh maith agus cúpla gradam bronnta orthu. Bhuaigh Chloe Ní Chonghaile, Máirtín Ó Conghaile agus Amy Ní Chléirigh duais speisialta ó Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann as an staidéar a rinne siad ar an gcreimeadh cósta ar an oileán agus an chaoi a bhféadfaí dul i ngleic leis. Tháinig an triúr sa dara háit i rannóg na Sóisear (Grúpa) chomh maith.

D’éirigh go han-mhaith le tograí a rinne daltaí ó Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn freisin. Tháinig Lorcán Ó Fearaíl sa tríú háit i rannóg na Sóisear (Aonair) don togra a rinne sé chun lasair mhoillitheach nach ndéanfadh damáiste don timpeallacht a fhorbairt. Bronnadh gradam air do cheann de na taispeántais is fearr freisin.

Bronnadh gradam ar Shaoirse Gallagher, Sienna Devine agus Aimee Quinlivan ó Choláiste Ailigh freisin as a dtaispeántas agus tugadh Ardmholadh dá dtogra faoin tionchar ag díritheoirí gruaige ar an ngruaig.

Tugadh Ardmholadh freisin don togra a bhí ag Megan Ní Bhroin, Síomha Nic Sheáin agus Róise Ní Bhaoill a d’fhiosraigh éifeacht lus an phiobair ar fhrithluail i ndéagóirí.

Tháinig triúr eile ó Choláiste Ailigh, Caolan McTaggart, Matthew O’Farrell agus Daithí Mac Diarmada sa dara háit ina rannóg féin as an bhfiosrú a rinne siad ar thionchar an ardaithe ar chostais bhreosla ar chinneadh daoine fuinneamh in-athnuaite a úsáid ina dtithe.

Tháinig Gráinne Cronin, Alex Neff agus Dylan Ó Muirí ó Ghaelcholáiste Charraig Uí Leighin i gCorcaigh sa dara háit ina rannóg freisin don togra a rinne siad ar an leas a d’fhéadfaí a bhaint as mata chun dul chun cinn a dhéanamh sa léim chuaille.

Fuair Sarah Blackett, Erica Ni Sheaghdha agus Alex Mac an Bhaird ó Ghaelcholáiste Phort Láirge Ardmholadh freisin don staidéar a rinne siad ar chruth ballaí mara chun fáil amach cé acu is fearr chun cumhacht tonnta a mhaolú.

Bhronn an comhlacht Meta gradam speisialta freisin ar Aaron Dignam agus Ciarán Leddy ó Mheánscoil Naomh Seosamh i mBaile Átha Cliath do thogra a rinne an bheirt chun eispéireas réaltachta fíorúla a úsáid chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chur chun cinn.

Shane O’Connor agus Liam Carew ó Scoil na Mainistreach i dTiobraid Árann a thug leo an phríomhdhuais i mbliana, €7,500.

Bhain togra na beirte le tionchar an oideachais dara leibhéal ar dhaltaí.

Ghlac 2,500 dalta agus 220 múinteoir ar fud na tíre páirt i suirbhé a rinne an bheirt bhuaiteoirí.

Fág freagra ar 'Gradaim tugtha leo ag eolaithe óga scoileanna lán-Ghaeilge'