Gradaim leabhar na bliana agus duaiseanna litríochta eile an Oireachtais fógartha

Bronnadh gradaim foilsitheoireachta agus litríochta ag seoladh oifigiúil an Oireachtais tráthnóna inniu i gCill Airne

Gradaim leabhar na bliana agus duaiseanna litríochta eile an Oireachtais fógartha

Tá Gradam Uí Shúilleabháin 2018 buaite ag Cois Life do Oilithreacht Pinn le Liam Ó Muirthile, an cuntas ar a thuras ar an Camino Francés ón scríbhneoir iomráiteach a bhásaigh i mbliana

Is ar an teach foilsitheoireachta, Futa Fata, a bronnadhGradam Réics Carló’, an duais do leabhar na bliana do dhaoine óga, don saothar Bliain na nAmhrán le Tadhg Mac Dhonnagáin.

Sé leabhar a roghnaíodh i gcomhair ghearrliosta na bliana seo do Ghradam Uí Shúilleabháin, ar fiú €5,000 é d’fhoilsitheoir an tsaothair agus €2,500 d’údar an leabhair.

Seacht leabhar ar fad a bhí san iomaíocht do Ghradam Réics Carló, gradam ‘Leabhar na bliana’ do dhaoine óga.

Bronnadh 36 duais ar fad ar scríbhneoirí Gaeilge le linn na hócáide céanna i gCill Airne tráthnóna. (Féach liosta na mbuaiteoirí thíos).

I measc na mbuaiteoirí eile bhí Proinsias Mac a’ Bhaird as Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ar bronnadh duais €3,000 air dá úrscéal Tairngreacht agus Alan Titley a fuair duais €3,000 dá shaothar próis LÚBA.

Dúirt Uachtarán an Oireachtais Máirín Uí Chonghaile go raibh buíochas ag dul do na scríbhneoirí ar fad a bhí páirteach sna comórtais.

“Tráthnóna inniu táimid ag tabhairt onóir do na scríbhneoirí agus na foilsitheoirí, an bhuíon dhíograiseach, chruthaitheach sin a chuireann seirbhís riachtanach ar fáil do phobal na Gaeilge, do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge, do mhúinteoirí a bhíonn de shíor sa tóir ar ábhar tarraingteach le spéis a gcuid daltaí a mhúscailt agus a chothú; dúinn féin a bhíonn ag lorg leabhair fhiúntacha, bídís trom nó éadrom. Níl forás i ndán don Ghaeilge gan a saothar siúd agus gabhaimid buíochas leo,” a dúirt Uachtáran an Oireachtais Máirín Uí Chonghaile.

Buaiteoirí Dhuaiseanna  Liteartha Oireachtas na Gaeilge 2018

Na Gradaim Foilsitheoireachta

Gradam Uí Shúilleabháin
Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta

OILITHREACH PINN

Údar: Liam Ó Muirthile €2,500

Foilsitheoir: Cois Life €5,000

Gradam Réics Carló
Leabhar na Bliana don Léitheoir Óig

BLIAIN NA nAMHRÁN

Údar: Tadhg Mac Dhonnagáin €1,250

Maisitheoir: Christina O’Donovan, Tarsila Krüse,Brian Fitzgerald agus Jennifer Farley €1,250

Foilsitheoir: Futa Fata €3,000

COMÓRTAS A1: ÚRSCÉAL – FICSEAN GINEARÁLTA

An Chéad Duais: €3,000

Tairngreacht Proinsias Mac a’ Bhaird, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

An Dara Duais: €1,000

I mBláth na hÓige Colm Mac Confhaola, Loch Garman, Co. Loch Garman

COMÓRTAS A2: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12)

An Chéad Duais: €2,000

Bleachtairí Beaga BÁC Gabriel Rosenstock, Dún Laoghaire, Co. Átha Cliath

An Dara Duais: €750

Díle Orna Ní Choilleáin, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath 5

COMÓRTAS A3: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (13-15)

An Chéad Duais: €2,000

Nóinín Máire Zepf, f/ch Cois Life, An Charraigh Dhubh, Co. Átha Cliath

An Dara Duais: €750

An Eachtra ar an mBealach Glas Brian Ó Broin, Na Stáit Aontaithe

COMÓRTAS A4: SAOTHAR PRÓIS

Duais: €1,250

Ó Chnámh go Smior Eoghan Mac Giolla Bhríde, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

BUAIC-SAOTHAR PRÓIS NA BLIANA

Urraithe ag TG4

Duais: €3,000

LÚBA Alan Titley, Baile Átha Cliath 11

COMÓRTAS A5: ÁBHAR LÉITHEOIREACHTA DON FHOGHLAIMEOIR FÁSTA

An Chéad Duais: €2,000

Aistriúchán ar ‘Vous N’aurez Pas Ma Haine’ de Antoine Leiris Colm Ó Lorcáin, Carraig an tSionnaigh, Baile Átha Cliath 18

An Dara Duais: €750

Níor bronnadh aon duais

COMÓRTAS A6: CUR CHUN CINN NA GAEILGE

Duais: €1,000

Níor bronnadh aon duais

COMÓRTAS A7: GEARRSCÉAL – DUAIS AN MHAOLÁNAIGH

Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta

An Chéad Duais: €400

An Chóir Chodlata Seán Ó Muireagáin, Béal Feirste, Co. Aontroma

An Dara Duais: €200

Gloine Watford Seán Ó Dubhda, Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí

COMÓRTAS A8: SCÉAL DÍRITHE AR DHÉAGÓIRÍ

Maoinithe ag Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael

An Chéad Duais: €500

An Crannchur Alan Titley, Baile Átha Cliath 11

COMÓRTAS A9: CNUASACH FILÍOCHTA

Maoinithe ag Coistí Gairmoideachais na Mumhan agus na Gaeltachta

(Seirbhísí Oideachais Chiarraí agus Chontaetha Chorcaí, an Chláir, Luimnigh, Phort Láirge, Thiobraid Árann Thuaidh agus Theas, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Dhún na nGall; agus Chathracha Chorcaí, Phort Láirge, Luimnigh agus na Gaillimhe.)

Duais: €1,250

Agallamh sa Cheo Ceaití Ní Bheildiúin, Baile na nGall, Trá Lí, Co. Chiarraí

COMÓRTAS A10: AISTE INNEALTÓIREACHTA

An Chéad Duais: €1,000

Innealtóireacht agus Scríbhneoireacht Helen Ó Murchú, Cill Fhionntain, Baile Átha Cliath 13

COMÓRTAS A11: DRÁMA AONGHNÍMH

Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta

Duais: €600

Ar Snámh Seán Mac Dhonnagáin, Páirc Ghleann an tSrutháin, Baile Átha Cliath 14

COMÓRTAS A12: COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN AOIDH UÍ RUAIRC

Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge agus ag an gCumann Scoildrámaíochta

ROINN A

An Chéad Duais: €200

Cochaillín Dearg Áine Ní Ghlinn, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14

An Dara Duais: €150

An Chircín Imníoch Fil Uí Dhubhghaill, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

ROINN B

An Chéad Duais: €300

Cloch Cheann Fhaolaigh Abú Brian Ó Baoill, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: €150

An Mhurúch – An Mhaighdean Mhara Máirín Uí Shé, Trá Lí, Co. Chiarraí

ROINN C

An Chéad Duais: €300

Raiftearaí – File Réabhlóideach Brian Ó Baoill, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: €150

Bród Bróna Ní Uallacháin, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS A13: SAOTHAR CREIDIMH

Maoinithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta

Duais: €500

Leabhar Tráthanna Duitse! Helen Ó Murchú, Cill Fhionntain, Baile Átha Cliath 13

COMÓRTAS B1: AISTE – ROINN A (FAOI 16)

Maoinithe ag Cumann Lúthchleas Gael

An Chéad Duais: €300

Laochra Liathróid Láimhe Liam Ó hÓgáin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí

An Dara Duais: €200

Níor bronnadh aon duais.

COMÓRTAS B2: AISTE – ROINN B (FAOI 21)

An Chéad Duais: €300

Fear an ghleanna – Pádaí Beag Mac Giolla Easbuic Conor Ó Gallachóir, Gort an Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

An Dara Duais: €200

Níor bronnadh aon duais

COMÓRTAS B3: IRISEOIREACHT – ROINN A (FAOI 16)

Maoinithe ag Comhar Óg

An Chéad Duais: €200

Iriseoirí Cogaidh – Laochra Gan Aitheantas Cuí Liam Ó hÓgáin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí

An Dara Duais: €100

Turas go Toraigh Aimee Nic Láifeartaigh, Baile Úr, Toraigh, Co. Dhún na nGall

COMÓRTAS B4: IRISEOIREACHT – ROINN B (FAOI 21)

Maoinithe ag Bord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Chéad Duais: €200

Géarchéim na dTeifeach Máire Ní Fhrighil, Coláiste Chroí Mhuire gan Smál, An Spidéal

An Dara Duais: €100

Alt taighde: Níl trua ná taise ag an gcóras meabhairshláinte ar dhaoine óga Cúnla Ní Bhraonáin Morris, Bóthar Bhriain, Baile Átha Cliath 3

COMÓRTAS B5: SCÉAL – ROINN A (FAOI 16)

Maoinithe ag cara leis an Oireachtas.

An Chéad Duais: €200

Jenna Katie Ní Ghallachobhair, Coláiste Chroí Mhuire gan Smál, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: €100

Neasa agus Máire Méabh Ní Chonaill, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí

COMÓRTAS B6: SCÉAL – ROINN B (FAOI 21)

An Chéad Duais: €200

Stoirm an Uaignis Seán de Grá, An Chéim, Baile Átha Cliath 18

An Dara Duais: €100

Fan Aifric Ní Scolaí, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS B7: DÁN – ROINN A (FAOI 16)

Maoinithe ag Comhairle Chontae an Chláir – Dílis dár nOidhreacht

An Chéad Duais: €200

Fungi Alanna Nic Láimh, Baile na nGall, Trá Lí, Co. Chiarraí

An Dara Duais: €100

Oileán Thoraí Brendan Lee Ó Tuathaláin, f/ch Coláiste Phobail Cholmcille, Baile Úr, Toraigh, Co. Dhún na nGall

COMÓRTAS B8: DÁN – ROINN B (FAOI 21)

Maoinithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

An Chéad Duais: €300

An Stoirm Caitríona Ní Chonaill, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí

An Dara Duais: €200

Fréamhacha an Grá Seán de Grá, An Chéim, Baile Átha Cliath 18

Fág freagra ar 'Gradaim leabhar na bliana agus duaiseanna litríochta eile an Oireachtais fógartha'

  • Carol Ui hOrcain

    Muinteoir bunscoile me le cuig bhliain is fiche.Taim chomh sasta gur bhuaigh Bliain na nAmhran.Impionn na gasuir orm an dluthdhiisca a chur ar siuil.Is minic a bhriseann siad amach a gcanadh.is feidir einin beag me einin beag dubh a chloisint go minic ar maidin.tuillte go hiomlan ag Tadhg mac Donnagain