Grá don réalachas in The Revenant ealaíonta, brúidiúil

Tugann DiCaprio taispeántas lán le daonnacht, fearg agus brón uaidh in The Revenant agus is geall le carachtar ann féin é an tírdhreach álainn marfach atá ina thimpeall

Revenant

The Revenant

Stiúrthóir: Alejandro González Iñárritu

Cliar: Leonardo DiCaprio, Tom Hardy, Domhnall Gleeson, Will Poulter, Forrest Goodluck

N’fheadar an é seo an scannán agus taispeántas a thuillfidh gradam Oscar do Leonardo DiCaprio sa deireadh. Cé go samhlaíonn mórán go fóill é le Titanic (1997), is aisteoir ábalta, ildánach é a bhfuil taispeántais chumasacha curtha de aige thar na blianta. Tá ainmniúcháin Oscar faighte aige do The Wolf of Wall Street (2013), Blood Diamond (2006), The Aviator (2004) agus What’s Eating Gilbert Grape (1993).

Más aon chomhartha é claonadh an Acadaimh do charachtair atá ciaptha nó ag fulaingt ar shlí éigin, tá cóta bán DiCaprio déanta mar ní céasadh agus ciapadh go ról Hugh Glass é.

Ba fhear iargúil agus gaisteoir é Glass i Meircieá i dtosach na naoú haoise déag agus bhain sé cáil amach dó féin nuair a tháinig sé slán tar éis do bhéar ionsaí a dhéanamh air agus a chomhghleacaithe é a thréigean. Rinne an scéal an bheart isteach ar an scáileán mór in Man in the Wilderness (1971) le Richard Harris sa phríomhról. Tá an saothar seo bunaithe ar an leabhar The Revenant: A Novel of Revenge le Michael Punke.

Is scannán é seo a ghránn an réalachas agus a chloíonn leis go díograiseach, ealaíonta, brúidiúil ó thosach go deireadh. Tá cad é bús faoi DiCaprio a bheith ag ithe ae bhíosúin agus an stiúrthóir ag éileamh nach n-úsáidtí ach solas nádúrtha agus is léir go raibh fís shainiúil faoi leith ag an stiúrthóir don táirge seo.

Tá déine an tsaoil (agus an taifeadta de réir scéil) léirithe sa chéad radharc, mar a bhfuil buíon gaisteoirí in Montana/South Dakota i mbun oibre. Airíonn tú an fuacht, tuigeann tú an sclábhaíocht, faigheann tú boladh an allais agus an mhúin. Creideann tú an chaint gháirsiúil, thíriúil. I bhfaiteadh na súl, tá ionsaí fíochmhar curtha sa tsiúil ag na bundúchasaigh. Teitheann siad lena n-anamacha agus tá an t-atmaisféar cruthaithe go paiteanta.

Tharraing an t-ionsaí béir go leor cainte agus daoine ag maíomh nach raibh aon oidhre air ach radharc éignithe. Tuigim cé as ar tháinig an tuiscint sin. Cé go raibh an mhír féin scanrúil, réalaíoch agus brúidiúil, baineadh an iomarca súip as agus fágadh coiscéim bhacaí ann, agus sa charachtar gan dabht.

Is i ndiaidh an ionsaithe a thosaíonn an scannán i gceart; cneácha an laoich ag cneasú is a fhonn díoltais dóibh siúd a thréig agus a dhein feall air á spreagadh agus á thiomáint le teacht slán. Is geall le carachtar ann féin é an tírdhreach álainn marfach atá ina thimpeall. É ag strácáil leis ar shlite a chuirfeadh Bear Grylls ag cúbadh chuige féin.

Is táirge beagfhoclach é seo agus sinn i dtaobh le haisteoireacht fhisiciúil an cheann feadhna, díreach mar a bhí le Tom Hanks in Cast Away (2000).

Tugann DiCaprio taispeántas den chéad scoth uaidh lán le daonnacht, fearg agus brón.

Ní leasc leis an gceardaí Iñárritu a chuid ama a thógaint agus ligeann sé don cheamara agus do gach radharc a chúram a dhéanamh ar a mbogstró.

Tá toise draíochtúil ag baint leis an saothar go minic agus tá seo le feiscint sna hiardhearcaidh go háirithe agus brionglóidí faoina mhac agus a bhean chéile aige.

Tá cliar cumasach taobh le Leonardo agus tá aitheantas faoi leith ag dul do Tom Hardy agus do Dhomhnall Gleeson na hÉireann.

Saothar neamhghnáthach, brúidiúil a bhainfidh d’anáil díot.

Fág freagra ar 'Grá don réalachas in The Revenant ealaíonta, brúidiúil'