Gortuithe ag cur as d’fhoireann O’Neill agus na hOstaraigh ag súil le bua eile ar Éirinn

Bíonn deacrachtaí ag Éirinn i gcónaí i gcoinne foirne na hOstaire agus beidh Martin O’Neill sásta go maith má éiríonn leo pointe a fháil anocht

Gortuithe ag cur as d’fhoireann O’Neill agus na hOstaraigh ag súil le bua eile ar Éirinn

Bainisteoir na hÉireann, Martin O'Neill. INPHO/Donall Farmer

Cé nach gceapfá go mbeadh foireann sacair na hOstaire i measc na bhfoirne is mó a chruthaíonn deacrachtaí dúinn, ní hamhlaidh atá. Bheadh ort dul siar chomh fada leis an 13 Deireadh Fómhair 1963 chun teacht ar an uair dheireanach ar éirigh le foireann na hÉireann an ceann is fearr a fháil orthu.

I 1996, b’iad an Ostair a chuir deireadh le seansanna na hÉireann áit a bhaint amach ag EURO ’96 agus tharla an rud céanna trí bliana ó shin, nuair a chinntigh cúl David Alaba nach mbeadh foireann Giovanni Trapattoni ag dul chuig Corn an Domhain 2014.

Tá sé ró-luath fós sa bhfeachtas áirithe seo go n-éireodh leis an Ostair sinn a dhíbirt ar fad ón gcomórtas, ach, mar sin féin, buille a bheadh ann dá gcaillfimis, go háirithe agus tús maith curtha ag foireann O’Neill le Grúpa D.

Tá roinnt fadhbanna ag cur as do Martin O’Neill, áfach, agus triúr a bheadh ag tosú de ghnáth – Shane Long, James McCarthy agus Stephen Ward –gortaithe. Seans gurb é gortú Long an buille is mó mar cé nach bhfuil fear Southampton ag imirt rómhaith le cúpla mí anuas, tá easpa cúl i measc na bhfadhbanna is mó ag an bhfoireann faoi láthair.

Is é David Alaba ó Bayern Munich an t-imreoir is dainséaraí atá ag an Ostair, mar a léirigh sé i gcoinne na hÉireann sa dá chluiche in 2013, ach caithfear súil a choinneáil ar Marko Arnautovic chomh maith, cé go mbíonn an fear céanna thuas seal thíos seal.

Níl ceachtar de na foirne seo an-tugtha don ionsaí agus ná bíodh iontas ar aon duine mura mbíonn mórán cúl ann anocht. Má fhágann Martin O’Neill an Vín agus comhscór faighte ag a fhoireann, seans maith go mbeidh sé breá sásta.

Fág freagra ar 'Gortuithe ag cur as d’fhoireann O’Neill agus na hOstaraigh ag súil le bua eile ar Éirinn'