Go mba seacht fearr a bheidh sibh bliain ó inniu…

Is údar iontais chomh forleathan agus chomh cosúil lena chéile agus a bhí geasa lá na Bliana nua ar fud na tíre sa dá theanga

Go mba seacht fearr a bheidh sibh bliain ó inniu…

Is iomaí sin geis a bhain le Lá Nollag Beag, Lá Caille, Lá Chinn Bhliana, Lá na Bliana Nua, cuid mhaith de na geasa céanna a bhain le Lá Bealtaine. Seo cuid acu ó Bhailiúchán na Scol ar Dúchas.ie…

Amadán críochnaithe a scaoilfeadh aon airgead amach as an teach Lá Nollag Beag, agus ní íoctaí aon bhille mar dá ndéanfá, b’in do cheird an chuid eile den bhliain. Ba bheag an mhaith duit a bheith ag súil le cairde i dteach an tsiopa ach an oiread mar ní thugtaí aon rud ar iasacht, airgead, earra ná uirlis, an lá sin agus ba dhuine gan eolas a thiocfadh á iarraidh.

Ní chaití amach aon salachar ná aon uisce agus ní scuabtaí an t-urlár i gceantair áirithe. Ní chuirtí amach an luaith féin Lá Nollag Beag ar fhaitíos go scuabfaí an t-ádh amach in éineacht léi. Ní raibh sé ceart cró na mbeithíoch a chartadh ach an oiread. Níor cheart braon bainne a thabhairt d’aon duine an lá sin, ná fiú braon a thabhairt don chat. Ach bhíodh  fáilte roimh chat dubh a theacht isteach ar d’urlár an lá cinniúnach seo.

Ní fáilte a bhíodh roimh bhean sa gcás gurbh í an chéad chuairteoir a thagadh isteach i dteach an chéad lá den athbhliain mar is é an mí-ádh a thabharfadh sí léi ach dá dtiocfadh fear nó buachaill isteach an t-ádh a bheadh ag teacht lena gcois. A éileacht uirthi, ní bhíodh aon fhonn ar mhná dul ag cuartaíocht an lá sin mura mbeadh fear ina dteannta le go scaoilfeadh sí isteach roimpi é. Dá dtiocfadh sí aisti féin creideadh gur d’aon turas a rinne sí sin leis an mí-ádh a tharraingt sa mhullach orthu agus aon anachain a bhuailfeadh an teach nó aon tinneas a bheadh ar dhuine nó ar bheithioch as sin go ceann bliana, is ar an mbean sin a bhuailtí é.

Ar ndóigh ba mheasa fós an scéal dá mba bhean rua í.

Múineann gá seift agus bhí bealach ann leis an mí-ádh sin a sheachaint.

D’fhanadh an comhluadar ina suí go meán oíche agus ghabhadh an té sin sa teach ba mhó a raibh cáil an tsonais air amach agus thiocfadh sé isteach ansin arís agus ghuíodh sé ádh agus beannachtaí na bliana ar an teach agus an comhluadar.

Seift eile go n-éiríodh fear an tí leis an maidneachan agus amach leis agus timpeall an tí trí huaire agus gach uair a dtéadh sé thar an doras déarfadh sé ‘go mbeannaí Dia sibh agus go dtuga sé bliain nua mhaith dúinn’. Nuair a bheadh an mí-ádh curtha ó dhoras aige thagadh sé isteach agus gheobhadh sé a dhícheall de bhricfeasta.

Doicheall go leor a bhíodh roimh thuilte agus díle bháistí lá Nollag Beag, mar gur chomhartha a bhí ann go mbeadh tuilte sna haibhneacha an chuid eile den bhliain. Sa gcás sin bheadh lón bia, grán go háirithe, daor an bhliain sin ach dá mbeadh an abhainn íseal bheadh earraí saor. Bhí muilleoir i gcontae Liatroma a raibh mianach an eolaí ann agus ba nós leis slatacha a leagan trasna na habhann oíche chinn bhliana agus fir as an áit á bhfaire i rith na hoíche féachaint an ardú nó ísliú a dhéanfadh abhainn na Buannaide.

Dhéantaí dhá gheataire dhéag as luachair a bhíodh tumtha i gcéir le haghaidh oíche Nollag Beag. Thugtaí isteach bualtrach chruaite agus dhéantaí seastán aisti i gcomhair na ngeatairí agus lastaí iad. Deirtí go raibh leigheas sa gcéir a bheadh fágtha ina ndiaidh. Chuirtí ainm duine de mhuintir an tí le gach coinneal acu agus an chéad cheann a mhúchfadh sin é an chéad duine eile a gheobhadh bás. In onóir don dá aspal déag a dúirt cuid de na gasúir a bhí dháréag coinneal ann, an dá mhí dhéag a deir tuilleadh agus dhá lá dhéag na Nollag a deir cuid eile.

Ní maith é an caoineadh an chéad lá den bhliain thar aon lá mar creideadh dá mbeifeá ag caoineadh an lá sin go gcaithfeá an bhliain ag caoineadh ach dá n-éireodh leat a bheith ag gáire gurbh amhlaidh a bheifeá go ceann bliana. Níor cheart uaigh a oscailt ná duine a chur, mar pé gnó a bheadh ar bun agat an lá sin leanfadh sé thú an chuid eile den bhliain. Dá mbrisfeá muigín nó scáthán, á mbriseadh a bheifeá chuile lá. Dá mbeifeá deireanach ag an aifreann bheadh tú amhlaidh an chuid eile den bhliain. Ní beart maith é drochghníomh a dhéanamh mar sin a mbeadh ar siúl agat go ceann bliana.

Dhéantaí cáca an oíche dheiridh den bhliain agus ag uair an mheán oíche sheastaí taobh amuigh ar an tsráid agus bhuailtí isteach faoin doras é agus iad ag guí san am céanna nach bhfágfaí aon ocras orthu go ceann bliana eile. Thugadh daoine isteach a ndíol go maith de na fataí, na tornapaí agus glasraí eile, rud a d’fhágfadh go mbeadh neart bia acu le tabhairt isteach an chuid eile den bhliain.

Ag meán oíche théadh daoine amach go bhfeicfidís cén treo a raibh an ghaoth, de réir cuntas as contae Chorcaí. Dá mba anoir a bheadh an ghaoth bheadh bliain mhaith ag na Sasanaigh ach na Gaeil ab fhearr a n-éireodh an bhliain leo dá mbeadh gaoth aniar ann. Deirtí gur gaoth anoir a bhí ann nuair a ghabh na Sasanaigh smacht ar Éirinn ar dtús. Nach beag an t-iontas cáil na reibiliúnach a bheith ar mhuintir Chorcaí nuair a deir gasúr go gcaití mias uisce amach an doras agus ‘mo mhallacht ar Shasana’ mar ghuí amach léi!

Luaitear i roinnt cuntas go raibh uaigneas ag baint leis an oíche seo agus go mbailíodh an comhluadar taobh amuigh den doras le fáilte a chur roimh an mbliain nua le chéile agus an seancheann a dhíbirt.

Tá tuairisc as Ciarraí faoi Oíche na Coda Móire, an oíche roimh Lá Caille (oíche Nollag Beag), go dtéadh buachaillí na háite tríd an mbaile agus ceol á sheinnt acu ag fáiltiú na bliana nua. Bhíodh fóid mhóna nó punannacha acu agus iad lasta anairde ar phící. ‘Fógraím iarsma ort’ an phaidir a bhíodh acu maidin Lá Caille agus súil acu le féirín beag. Ar ndóigh ní bhíodh an Nollaig i gcroí gach éinne, agus an freagra a fuair stócach amháin: ‘Fógraím sa diabhal thú agus an tOileán Thiar casta aniar ort’.

Scríobhadh go leor i gcuid mhór den tír faoi na cleamairí – an bhuíon fear is buachaillí, ceoltóirí agus rógairí, a ghléasadh in éadaí ban agus in aghaidheanna fidil agus a théadh thart ó theach go teach ag ceol agus ag aisteoireacht ar airgead. Tá go leor eolais sa mbailiúchán faoi na carachtair éagsúla a bhíodh ina seó. Dar le buachaill as Cill Chainnigh, ba é Strongbow agus a chriú Normannach a thug anall an nós go Loch Garman ar dtús. Lá Fhéile Stiofáin a ba choitianta iad ach is cosúil go mbídís ar an mbóthar ar feadh na Nollag i mbólaí áirithe. I gcontae Liatroma, Oíche Nollag Beag a chuiridís barr ar an gceiliúradh agus bhíodh cóisir agus damhsa go maidin acu i dteach éigin i ndeireadh na hoíche ar an airgead a bhíodh bailithe acu.

I gcontae an Chabháin luaitear go mbíodh banna ceoil na háite amuigh ag meán oíche ag fágáil slán go ceolmhar leis an tseanbhliain agus ag cur fáilte roimh an gceann nua agus go seasaidís taobh amuigh dá gcuid doirse ag éisteacht leis an gceol.

Chomh luath agus a bhíodh dhá lá dhéag na Nollag thart thosaíodh an Inid agus d’fhéadfaí tosú ag plé cleamhnais, gabháltais agus spréanna cois teallaigh as sin go Carghas.

Mo chuid den athbhliain oraibh agus go mba seacht fearr a bheidh sibh bliain ó inniu.

Fág freagra ar 'Go mba seacht fearr a bheidh sibh bliain ó inniu…'