Gnó ‘inmheánach’ don Choimisiún Le Rincí Gaelacha líomhaintí faoi chaimiléireacht – Conradh na Gaeilge

Tá tús curtha ag an gCoimisiún Le Rincí Gaelacha, a thagann faoi scáth Chonradh na Gaeilge ach atá ina chomhlacht neamhspleách, le fiosrúchán faoi thorthaí comórtais rince a bheith á socrú roimh ré

Gnó ‘inmheánach’ don Choimisiún Le Rincí Gaelacha líomhaintí faoi chaimiléireacht – Conradh na Gaeilge

Deir Conradh na Gaeilge gur gnó inmheánach don Choimisiún Le Rincí Gaelacha líomhaintí faoi chaimiléireacht i saol an rince Ghaelaigh.

Tá tús curtha ag an gCoimisiún Le Rincí Gaelacha, a thagann faoi scáth Chonradh na Gaeilge ach atá ina chomhlacht neamhspleách, le fiosrúchán faoi thorthaí comórtais rince a bheith á socrú roimh ré ag múinteoirí agus moltóirí.

Dheimhnigh an Coimisiún Le Rincí Gaelacha go raibh líomhaintí curtha faoina mbráid maidir le sáruithe tromchúiseacha a bheith déanta ar chód iompair na heagraíochta.

Conradh na Gaeilge a bhunaigh an Coimisiún sna 1930idí ach is beag baint atá ag an dá eagraíocht lena chéile sa lá atá inniu ann. Tá ionadaíocht ag an gConradh ar an gCoimisiún agus ionadaíocht acu sin ar choiste gnó an Chonartha.

Deir an Coimisiún Le Rincí Gaelacha go raibh fianaise faighte ag tacú leis na líomhaintí agus tá iarbhreitheamh sa Chúirt Achomharc fostaithe acu chun an fiosrúchán a dhéanamh.

“Níl aon amhras orm ach gur próiseas deacair agus dúshlánach a bheidh ann ach caithfear a leithéid d’iompar thar a bheith mí-eiticiúil a ghlanadh amach ón ár gcomórtais, ár scoileanna damhsa agus ár n-eagraíochtaí rialachais,” a dúradh i ráiteas ón gCoimisiún.

Tuairiscíodh san Irish Independent go raibh líomhaintí déanta in aghaidh múinteoirí agus scoileanna damhsa aitheanta a deirtear go raibh baint acu le comórtais a rigeáil ar mhaithe lena rinceoirí féin.

Tuairiscíodh gur tugadh don CLRG i mí Iúil seatanna scáileáin de chomhráite téacs a thaispeáin 12 múinteoir rince ag iarraidh go socrófaí torthaí comórtais roimh ré nó ag tairiscint a leithéid a dhéanamh.

Deir an Irish Independent go bhfuil sé sheat scáileáin eile faighte acu féin a léiríonn go raibh baint ag seisear múinteoirí eile leis an gcaimiléireacht.

In Éirinn atá cuid de na múinteoirí atá i gceist lonnaithe.

Dúirt CLRG, an eagraíocht is sine sa tír don rince Gaelach, nach mbeadh aon ghlacadh acu le hiompar “mí-eiticiúil” dá leithéid.

Deir an Coimisiún gurb iad na haidhmeanna atá acu ná an rince Gaelach agus an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá baill agus coistí réigiúnacha ag CLRG ar fud na cruinne.

Deir an Coimisiún nach mbeidh aon ráiteas eile á dhéanamh acu faoin scéal nó go mbeidh an fiosrúchán críochnaithe.

Fág freagra ar 'Gnó ‘inmheánach’ don Choimisiún Le Rincí Gaelacha líomhaintí faoi chaimiléireacht – Conradh na Gaeilge'