GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: TradFest i bhFine Gall Seolta ag TradFest agus Comhairle Contae Fhine Gall

Féile cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre is mó in Éirinn ag tabhairt cuireadh do lucht féachana sult a bhaint as scoth an cheoil bheo i suíomh álainn atmaisféarach Fhine Gall ar an 22-26 Eanáir 2025.

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: TradFest i bhFine Gall Seolta ag TradFest agus Comhairle Contae Fhine Gall

Tugann féile an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre is mó in Éirinn cuireadh do lucht féachana sult a bhaint as scoth an cheoil bheo i suíomh álainn atmaisféarach Fhine Gall. Ag ceiliúradh 20 bliain den fhéile mí Eanáir seo chugainn, beidh TradFest ar siúl i ngach áit agus tú ag dul ó Shléibhte Átha Cliath Theas thar Chathair Bhaile Átha Cliath agus anonn go dtí caisleáin agus cósta stairiúil Fhine Gall.

Tá an fhéile seo ar siúl anois don tríú bliain i bhFine Gall agus breis is 30 ceolchoirm eagraithe ar fud Fhine Gall. Beidh an fhéile ag filleadh ar an iliomad ionad uathúil agus stairiúil ar fud an réigiúin – Caisleán Mhullach Íde, Séipéal Chaisleán Shoird, Amharclann Bhruach an Mhuilinn, Muileann na Sceirí, Amharclann na Draíochta agus Ionad Ealaíne íocónach Séamus Ennis. beidh Tradfest na bliana seo ar siúl comh maith in ionaid nua eile, An Uiseag, Caisleán Ard Giolláin, an Abbey Tavern agus Ionad an Phobail Dhomhnach Bat.

Deis atá san fhéile seo  tallann den scoth sa gceol a léiriú don phobal – an tallann sheanbhunaithe agus í sin atá ag teacht chun cinn. Déanfaidh an ceiliúradh áthasach seo athshamhlú agus athshainiú ar cheol na hÉireann agus tabharfadih é chuig lucht féachana ar fud Fhine Gall. Orthu siúd a bheidh ag seinm i bhFine Gall sa bhliain 2025 tá:

  • Karen Casey – The Women we will rise (Éireoimidne na Mná), Jacqui Martin agus Derek Hickey, Tara Breen, Eoghan Ó Ceannabháin, Mike Hanrahan agus Eleanor Shanley, Luka Bloom, Ines Khai, Molly O’Mahony,
  • Paudie O’Connor agus Aoife Ni Chaoimh, Emma Langford, Stockton’s Wing – Voices from Fingal (Glór Fhine Gall),
  • Mick Hanly le Anto Drennan agus Eoin O’Neill, The Henry Girls, Bernadette Nic Gabhann, Frank O’Rourke agus John Feely, Molly Donnery, Brídín, Sorcha Costello, Evelyn Kallansee agus Declan Sinnott
Ines Khai, Louise Mulcahy agus Neil Martin. Pictiúr: Mark Stedman

Beidh ceiliúradh ar leith ann freisin ar Stephen Rea, aisteoir atá ina chónaí san áit agus ina phátrún ar TradFest. Níl aon amhras ann ach go bhfuil Stephen Rea ar dhuine de na pearsana cultúrtha is mó le rá agus is tábhachtaí, ní hamháin dá ghlúin féin ach d’aon ghlúin, a tháinig riamh as Éirinn. Tá cáil dhomhanda ar an aisteoir ildánach seo, ainmniúchán Oscar aige agus gradaim go leor eile faighte aige le fada an lá, as a chuid scileanna eisceachtúla ar an stáitse agus ar an scáileán. Tá meas ag an iomad daoine ar fud an tionscail air – ag stiúrthóirí, gníomhairí páirteanna, léiritheoirí agus a chuid comhaisteoirí – is sa Táin a mheastar a chuid ealaíne, agus a cheird.

Ar feadh ceithre oíche in Amharclann na hUiseoige, tabharfaidh TradFest Bhaile Brigín ómós do Stephen ó bhéal agus trí cheol. I dteannta Stephen na ceithre oíche beidh an file Paul Muldoon agus na ceoltóirí Neil Martin, Louise Mulcahy, Matt Molloy, Maighréad Ní Dhomhnaill, Paddy Glackin agus Derek Hickey.

Déanfaidh TradFest i bhFine Gall ceiliúradh freisin ar shaol Barney McKenna, ball bunaidh an bhanna ceoil The Dubliners a raibh cónaí air i bhFine Gall. Deir Stiúrthóir Ealaíne TradFest, Kieran Hanrahan, seinnteoir bainseó eile: “Is dócha go raibh Barney McKenna ar an duine is tábhachtaí agus is mó a raibh tionchar aige ar sheinm an tenor-bhainseó i gceol traidisiúnta na hÉireann. D’athraigh sé an tírdhreach a bhain leis.”

Bhí tionchar ag Barney thar i bhfad ó chósta na hÉireann. Bhí cáil idirnáisiúnta air, agus bhí an-ghrá dá chuid ceoil agus dá chuid amhránaíochta ar fud na hEorpa. Ar feadh dhá lá agus oíche san Abbey Tavern i mBinn Éadair i mí Eanáir na bliana 2025, tabharfaidh TradFest ómós do Bharney trí cheol, scéalta agus craic – aitheanta atá tuillte go maith ag an gcoltóir eisceachtúil sin.

Léireoidh Mike Hanrahan agus Stockton’s Wing ceolchoirm ar leith in Ionad Pobail Dhomhnach Bat agus in éineacht leo ar an státse, beidh Cór Fhine Gall.

Ag labhairt dó ag seoladh an lae inniu, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh gur ‘áit shona a bhí i gcónaí i Fine Gall mar ionad cónaithe, cultúir agus ealaíona a bhí i bhFine Gall agus  ócáid a gcaithfear freastal uirthi atá i Tradfest anois, ní hamháin ar fhéilire imeachtaí mhuintir na háite ach féile í a meallann na cuairteoirí ó gach aird ar fud na hÉireann agus thar lear. agus deis acu féachaint ar Fhine Gall chomh maith. Cuireann sé an-áthas orainn a bheith mar chuid de TradFest na bliana 2025’.

Stephen Rea agus Eleanor McEvoy. Pictiúr: Mark Stedman

Chuir Eithna Felten, Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, fáilte roimh TradFest ag filleadh ar an réigiún. ‘Is contae é Fine Gall a bhfuil stair fhada aige, ach is contae óg é freisin, le daonra óg agus éagsúil. Is iad spriocanna TradFest ná a bhfuil á roinnt againn, an traidisiún a cheiliúradh, fáilte a chur roimh gach éinne ó gach cuid den phobal agus ag féachaint ar aghaidh ar an todhchaí.’

Ag teacht lena chuid cuspóirí forbartha maidir le lucht éisteachta, déanfaidh TradFest clár pobail níos fairsinge a sheachadadh níos déanaí i mbliana ina leagfar amach sraith imeachtaí spreagúla pobalstiúrtha saor in aisce  i bhFine Gall.

Má tá fonn ort éisteacht le ceol beo, nó más oíche chultúr agus chraic na hÉireann atá á lorg agat, TradFest an áit duitse i mí Eanáir na bliana 2025.

Téigh chuig https://tradfest.com/

 

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: TradFest i bhFine Gall Seolta ag TradFest agus Comhairle Contae Fhine Gall'