GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht na Faisnéise

Dírítear san MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht na Faisnéise in DCU ar chéimithe agus ar dhaoine proifisiúnta atá ag iarraidh ardú céime nó poist bhainistíochta agus forbartha a bhaint amach

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht na Faisnéise

Déantar staidéar ar an ngnó agus ar an teicneolaíocht ar an gclár seo – ábhair atá riachtanach i ngach slí bheatha sa lá atá inniu ann. Leagtar síos bunús cuimsitheach teoiriciúil faoin oiliúint phraiticiúil sna hilscileanna bainistíochta, margaíochta, ríomhthráchtála, ilmheán agus cumarsáide atá riachtanach i ngach earnáil. Dírítear sa chlár ar chéimithe agus ar dhaoine proifisiúnta atá ag iarraidh ardú céime nó poist bhainistíochta agus forbartha a bhaint amach san earnáil phríobháideach agus phoiblí, an t-oideachas féin san áireamh. Leagtar béim ar leith ar an gclár iarchéime seo ar an bhféiniúlacht náisiúnta i gcomhthéacs ilchultúrtha agus ritear cúrsaí go hiomlán trí mheán na Gaeilge, rud a gcuireann mic léinn ar leith suim ann, más ag iarraidh cur lena bpunann scileanna atá siad. Faigheann ár gcuid mac léinn léargas leathan trí anailís a dhéanamh ar chás-staidéir náisiúnta agus idirnáisiúnta agus trí ionchur na n-aoichainteoirí a ghlacann páirt sna seimineáir teagaisc.

Clár páirtaimseartha a ritear thar dhá bhliain as a chéile atá i gceist leis an MSc seo. Bíonn an teagasc ar siúl ar an gcampas thar shé dheireadh seachtaine le linn gach seimeastair chomh maith leis an tacaíocht foghlama ar líne. Cé go gcláróidh tú i dtosach báire don MSc, is féidir leat Teastas Iarchéime, Dioplóma Iarchéime nó an Mháistreacht féin a ghnóthú de réir a chéile ag brath ar do chuid riachtanas féin agus ar na creidiúintí cuí Ollscoile a bheith bainte amach go sásúil agat. Chun go dtacófar leis an bhfoghlaimeoir páirtaimseartha, bíonn measúnú leanúnach i gceist sna modúil mhúinte agus tugann mic léinn sa dara bliain den chlár faoi mhiontráchtas i rith an tsamhraidh.

Glactar le hiarrthóirí nach bhfuil réamhcháilíocht sa ghnó nó i dTeicneolaíocht na Faisnéise acu ach bíonn céim onóracha H2.2 nó taithí ghairmiúil oiriúnach agus leibhéal sásúil i labhairt agus scríobh na Gaeilge ag teastáil ó gach iarrthóir. Cuirimid scoláireachtaí ar fáil d’iarrthóirí a shásaíonn cúinsí áirithe agus ní mór teagmháil a dhéanamh le Mairéad Nic Giolla Mhichíl (mairead.nicgiollamhichil@dcu.ie) leis an scéal a fhiosrú. Déan iarratas linn ar an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht na Faisnéise tríd an gcóras iarratais ar líne www.pac.ie.  Roghnaigh DCU agus an cód DC627 chun teacht ar an gclár. Beimid ag tnúth le fáilte mhór a chur romhat agus cuirfimid gach tacaíocht is féidir ar fáil duit.

Spriocdháta d’iarratais: 16 Meán Fómhair

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht na Faisnéise'