GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Deiseanna fostaíochta d’aistritheoirí Gaeilge san AE – comórtas nua seolta

Is iontach an deis í seo le dul ag obair san AE, áit a mbíonn sárdheiseanna forbartha gairme ar fáil.

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Deiseanna fostaíochta d’aistritheoirí Gaeilge san AE – comórtas nua seolta

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne tar éis comórtas nua a sheoladh le haistritheoirí Gaeilge a earcú.  Chomh maith le poist bhuana, eagraíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne comórtais freisin le haghaidh ‘gníomhairí ar chonradh’ – a dtugtar ‘comórtais CAST’ orthu. Tá comórtas CAST seolta anois a bhféadfaidh aistritheoirí cur isteach air (EPSO/CAST/P/22/2019).

Is ann don liosta CAST chun go bhféadfaidh na hinstitiúidí daoine a roghnú le poist a líonadh go sealadach i gcás go bhfuil folúntas sealadach sa tseirbhís nó má bhíonn foireann oibre de dhíth ar an tseirbhís. Dá réir sin braitheann fad an chonartha ar na riachtanais atá ag an tseirbhís ag aon am ar leith.

Nuair a chuirtear liosta CAST le chéile, féadfaidh aon cheann de na hinstitiúidí tarraingt as an liosta sin chun conradh a thairiscint do dhuine. Is deis iontach í seo chun slí bheatha thairbheach idirnáisiúnta a bhaint amach sa Bhruiséil agus i Lucsamburg, dhá chathair i gcroílár na hEorpa atá ilchultúrtha agus lán beochta, agus nach bhfuil ach cúpla uair an chloig ar shiúl ó go leor de príomhchathracha eile na hEorpa.

Don chomórtas CAST, níl aon sprioc-am ann chun iarratas a chur isteach ach fós tá tráthanna éagsúla leagtha síos chun daoine a roghnú – nó lena chur ar bhealach eile, déileálfar le d’iarratas ag an gcéad tráth roghnúcháin eile a bheidh ann tar éis duit d’iarratas a dhéanamh. Mar a tharlaíonn sé, i gcás chomórtas CAST na n-aistritheoirí Gaeilge (EPSO/CAST/P/22/2019), is ar an 8 Feabhra a eagrófar na chéad trialacha. Dá réir sin, caithfidh tú d’iarratas a bheith curtha isteach in am agat le bheith san áireamh don tréimhse roghnúcháin seo.  Tá sé tábhachtach an t-iarratas a nuashonrú gach sé mhí, díreach chun léiriú go bhfuil suim agat i gcónaí sna deiseanna a bheidh ann amach anseo.

Tá an t-eolas ar fad faoi na coinníollacha a chaithfear a chomhlíonadh agus faoi na trialacha a chaithfear a dhéanamh tar éis an t-iarratas a chur isteach le fáil ar leathanach cuí EPSO – ní mór na doiciméid thábhachtacha uile a léamh go cúramach chun tuiscint iomlán a fháil ar an bpróiseas. Luaitear cúpla pointe anseo, áfach: is leor dhá theanga le cur isteach ar an gcomórtas seo e.g. Gaeilge agus Béarla. Beidh na trialacha seo a leanas le déanamh ar an ríomhaire: réasúnaíocht bhriathartha, réasúnaíocht uimhriúil, réasúnaíocht theibí agus triail tuisceana i ‘dTeanga 2’. Ba cheart a thuiscint freisin, nach bhfuil aon scrúdú aistriúcháin ann chun bheith ar an liosta CAST seo. Ní shin le rá, nach mbeidh scrúdú aistriúcháin le déanamh tráth níos faide anonn má thograíonn institiúid duine a roghnú as an liosta. Sa chás sin, is í an institiúid féin a eagróidh an scrúdú aistriúcháin.

Dá réir sin, tá buntáistí éagsúla ag baint leis an gcomórtas CAST d’aistritheoirí Gaeilge:

  • ní éilítear an tríú teanga do phost mar ghníomhaire ar chonradh (beidh deis ag an duine feabhas a chur ar an tríú teanga a fhad is atá siad ag obair san Eoraip, áfach);
  • beidh an liosta deiridh ar fáil do na hinstitiúidí uile;
  • beidh torthaí na dtrialacha ar ríomhaire bailí go ceann 5 nó 10 mbliana, ag brath ar an triail.

Tríd is tríd, dóibh siúd a bhfuil suim acu i ngairm bheatha san aistriúchán, nó dóibh siúd a bhfuil sárchaighdeán Gaeilge acu agus gur mhaith leo tabhairt faoi ghairm nua thar lear, is iontach an deis í seo le dul ag obair san AE, áit a mbíonn sárdheiseanna forbartha gairme ar fáil.

Tá gach eolas ar fáil ag:

https://epso.europa.eu/job-opportunities/cast/3492/description_ga

Tá an scéal seo urraithe ag An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Deiseanna fostaíochta d’aistritheoirí Gaeilge san AE – comórtas nua seolta'