GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar mhaith leat cur le múnlú thodhchaí an oideachais in Éirinn?

Tá Oifigigh Oideachais á n-earcú ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar mhaith leat cur le múnlú thodhchaí an oideachais in Éirinn?

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM/NCCA) ag cur lena bhfoireann. Is mian le CNCM Oifigigh Oideachais bhreise a earcú don Oideachas Bunscoile agus Iar-bhunscoile.

Is í an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta an comhlacht reachtúil a chuireann comhairle ar an Aire Oideachais agus Scileanna faoi churaclam agus faoi mheasúnú don oideachas luathóige, agus do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.

Tá ceathrar Oifigeach Oideachais á n-earcú chun tacú le hobair na Comhairle sna réimsí seo a leanas:

  • Gaeilge (Bunscoil)
  • Gaeilge (Iar-bhunscoil)
  • Nuatheangacha Iasachta (Bunscoil agus Iar-bhunscoil)
  • Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) agus Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) (Bunscoil agus Iar-bhunscoil)

Cabhraíonn na hOifigigh Oideachais leis an bhfeidhmeannas chun cúram na Comhairle a chomhlíonadh mar a shainítear é san Acht Oideachais, 1998, i dtaca le gnéithe áirithe dá cuid oibre. I dteannta a bheith ag obair le hOifigigh Oideachais ar thionscadail churaclaim agus mheasúnaithe eile, oibreoidh siad leis an bhfoireann seirbhísí corparáideacha agus le taighdeoirí, comhairleoirí agus saineolaithe de réir mar is gá chomh maith.

Tá beirt oifigeach á n-earcú don Ghaeilge; Oifigeach Oideachais Bunscoile don Ghaeilge agus Oifigeach Oideachais Iar-Bhunscoile don Ghaeilge. Beidh na hOifigigh Oideachais don Ghaeilge ag plé le sonraíochtaí measúnaithe agus curaclaim a fhorbairt; ag comhoibriú le scoileanna chun samplaí d’fhoghlaim páistí/scoláirí a fhorbairt agus a gcáilíocht a dhearbhú; ag cur le hobair a bhaineann go sonrach leis an nGaeilge i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna/nGaelcholáistí atá páirteach i líonraí scoile CNCM; agus ag cur le hobair CNCM i réimse an oideachais teanga.

Tá oifigí CNCM i mBaile Átha Cliath agus i bPort Laoise ach d’fhéadfaí ionad oibre eile a shocrú, ag brath ar áit chónaithe an té a cheapfar. Tá gach eolas faoi na poist seo ar fáil ar ncca.ie agus is é Dé Céadaoin, 20 Meitheamh 2018 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar mhaith leat cur le múnlú thodhchaí an oideachais in Éirinn?'