Glórtha thaibhsí na staire le cloisteáil ar an ngaoth i nDún na nGall…

Is mór na scéalta agus an seanchas faoi Loch an Aillt agus an sliabh atá ainmnithe ina dhiaidh – Sliabh Loch an Aillt

Glórtha thaibhsí na staire le cloisteáil ar an ngaoth i nDún na nGall…

Nach iomaí seoid staire atá le fáil anois i mbailte beaga ar fud na tíre? Má theastaíonn uait a fháil amach cé a thóg an foirgneamh seo, nó an tsráid siúd, nó cén áit a raibh eaglais nó mainistir ag an naomh áitiúil, níl le déanamh ach dul ag an siopa Centra is gaire duit agus beidh leabhar nó leabhrán curtha amach ag staraí áitiúil – agus gach eolas ann.

I Ros Goill dom le gairid, tháinig mé ar The Foot o’ The Hill leis an scríbhneoir Jim Nisbet.

Bhailigh sé scéalta agus seanchas ón dream a bhí ina gcónaí thart ar Loch an Aillt agus an sliabh atá ainmnithe ina dhiaidh – Sliabh Loch an Aillt.

Tá scéalta ann ó aimsir Cholm Chille anall. Níl áit dúchais an naoimh, Loch Gartáin, i bhfad as an gceantar seo.

Ach an cur síos ar chuir mé féin spéis ann ná an scéal faoin mbóthar a théann thar an sliabh agus an loch. Dá mbeadh taistealaí ag déanamh a bhealaigh ó Chill Mhic Réanáin go dtí an Craoslach, is ar an mbóthar sceirdiúil álainn seo a thiocfadh sé.

Ní príomhbhóthar ar chor ar bith é ach is ann atá na radharcanna is tarraingtí agus is deise sa gceantar seo.

Is deacair a shamhlú anois, agus tú ag tiomáint ar phríomhbhóithre agus ar mhótarbhealaí na tíre, go raibh am ann nuair nach raibh bealach sábháilte ar bith ó na príomhbhailte go dtí na ceantair Ghaeltachta.

De réir Nisbet, bhí an bóthar seo ar an bpríomhbhealach isteach go hiarthuaisceart Dhún nan Gall go dtí am éigin sna 1830idí nuair a rinneadh bóthar eile isteach tríd an Tearmann. Go dtí sin, ba é an bóithrín beag sléibhe a cheangail Mainistir Chill Mhic Réanáin, agus an dún mór sa gCaiseal ‘Casheleenan’.

Bhí an dún sin ag gardáil an bhealaigh trí na sléibhte agus go dtí go ndearnadh feabhsú ar an bhealach sin, bhí sé ag dul trasna an tsléibhe agus theastódh misneach le dul ag taisteal air.

Is cinnte nach bhfuil an t-údar ag déanamh aon áibhéil nuair a deir sé go bhféadfadh duine taibhsí na staire a thabhairt chun cuimhne agus tú ag taisteal ar an mbóthar.

Nuair thagann tú amach ag ceann an bhóthair agus Droichead an Leacaigh os do chomhair amach níl ach coiscéim bheag go dtí an áit a bhfuil radharc draíochtúil ar Chaisleán na dTuath. Tá Clann Uí Néill agus Clann Uí Dhomhnaill luaite leis an gcaisleán seo. Ach is fearr an seans gur mó atá cloiste ag daoine faoi Aodh Rua Ó Domhnaill a bhí ar ‘uchtú’ sa gCaisleán sin agus é óg.

Tráchtann an t-údar freisin ar Chlann Mhic Suibhne, sa 16ú céad, a rinne turas crua de shiúl na gcos, thar Abhainn an Leacaigh, timpeall ar Shliabh Loch an Aillt agus a throid le Clann Uí Dhomhnaill ag an gcath mór ag Fearsaid Mhór, gar do Loch Súilí i 1567.

Faoin 18ú haois, bhí an bóthar ag cur faitís agus cantail ar thaistealaithe. Thrácht fear amháin go raibh an bóthar idir Dún Fionnachaidh agus Leitir Ceanainn, thart ar 20 míle bóthair, ‘steep and slanting’ agus go gcuirfeadh sé sceon ort. Ní hé amháin sin, a dúirt sé, ach bhí contúirt mhór ann ó charraigeacha móra a thiteadh anuas den aill agus a chuirfeadh an taistealaí bocht díreach isteach sa loch.

Ní bheadh sé sin an-deas – measann an t-údar go bhfuil an loch ar an loch is doimhne fíoruisce sa tír. Am éigin sna 1830idí rinne na Sasanaigh é a thomhas agus mheas siad go raibh sé 204 troigh ar domhain.

An fear ba mhó ar ghoill sé an bealach sin air agus a raibh sé d’acmhainn aige rud éigin a dhéanamh faoi, William Wray, as an Ardaibh. Ní raibh William ach ina dhéagóir nuair a fágadh Teach Mór na hArdadh le huacht aige.

Bhí muintir Wray go maith as, is cosúil. Bhí sé de cháil ar William gur fear fial, flaithiúil a bhí ann. Bhíodh stáblaí á gcoinneáil aige do chuairteoirí – suas le 20 díobh, an t-am ar fad. Agus áit ag an mbord don 20 cuairteoir sin freisin, a dúradh. 

Ach bhí míbhuntáiste mór ag baint le Teach na hArdadh. Bhí sé i bhfad ó bhaile mór nó fiú sráidbhaile. Chinn William Wray ar bhóthar nua a dhéanamh as Leitir Ceanainn chomh fada lena theach mór féin.

Ba mhór an obair a bhí i gceist leis an mbóthar seo. Agus chun airgead a shábháil, leagadh amach bealach a chuaigh suas Shliabh Loch an Aillt. Bhí an bóthar chomh crochta agus chomh géar go mb’éigean dóibh na capaill a bhí in úsáid acu chomh fada le Cill Mac Réanáin, a chur de leataobh agus daimh a úsáid chun trealamh agus bagáiste a thabhairt thar an Sliabh.

Má bhí Wray sprionlaithe leis an airgead a chaith sé ar an mbóthar, ní hamhlaidh a bhí leis an gcuid eile dá oidhreacht. Chaill sé a chuid airgid ar fad gan chiall ná réasún. 

Thriail sé táille a ghearradh ar aon duine a raibh bealach isteach acu chuig a bhóthar nua – cúig scilling an duine. Ach rinne na feilméaraí áitiúla ceap magaidh de nuair a dhúnadar a gcuid geataí le taobh an bhóthair.

Sa mbliain 1782 dhíol sé an teach ársa le Alexander Stewart – uncail de chuid an Tiarna Castlereagh (a thug isteach Acht an Aontais sa mbliain 1800).

Agus cé atá ansin sa lá inniu ach manaigh de chuid Ord na gCaipisíneach. Tá páirc álainn phoiblí thart ar an Teach Mór – le neart geataí isteach ón bpríomhbhóthar agus na sluaite ag tarraingt ann gach deireadh seachtaine ag siúl thart ar na tailte agus ag baint sult as na radharcanna farraige amach ar Chuan na gCaorach agus Ros Goill soir uaidh.

Ach sa gheimhreadh bíonn contúirt fós ag baint le bóthar Loch an Aillt, go háirithe istoíche nuair a bhíonn sé dorcha, é lán le castaí is coranna agus an loch is doimhne sa tír ag síneadh leis, agus b’fhéidir glórtha thaibhsí na staire le cloisteáil ar an ngaoth.

Fág freagra ar 'Glórtha thaibhsí na staire le cloisteáil ar an ngaoth i nDún na nGall…'