Cuirfear tús go luath le próiseas comhairliúcháin le tuairimí na n-íocóirí rátaí a fháil faoin bpolasaí teanga atá ag dul tríd Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.
Vótáil comhairleoirí cathrach Bhéal Feirste aréir ar son an rúin a d’fhágfadh go gceapfaí Oifigeach Gaeilge sa Chomhairle. Is í an chéad chéim eile próiseas comhairliúcháin poiblí a chur ar bun maidir leis an dréachtpholasaí teanga atá ag dul tríd an gComhairle Cathrach i láthair na huaire. Tá ceapachán Oifigeach Gaeilge i measc na rudaí a mholtar sa cháipéis sin.
Bheadh an duine a cheapfaí ina Oifigeach Gaeilge sa Chomhairle freagrach as seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil don phobal agus cúnamh a thabhairt maidir le cáipéisí áirithe a aistriú go Gaeilge. D’oibreodh sé as lámha a chéile le grúpaí agus le heagraíochtaí Gaeilge sa chathair leis an teanga a chur chun cinn i measc an phobail freisin.
Cuireadh dhá rogha faoi bhráid na gcomhairleoirí cathrach ag cruinniú na hoíche aréir. Moladh Oifigeach Teangacha, a bheadh freagrach as cur chun cinn na dteangacha ar fad a labhraítear go forleathan i mBéal Feirste — an an Pholainnis, an Rómáinis, an Liotuáinis, agus teangacha eile nach iad.
D’éirigh leis an moladh go gceapfaí oifigeach a mbeadh cúraimí a bhaineann go sonrach leis an nGaeilge air, mar atá ceaptha i go leor comhairlí eile timpeall na tíre.
Dúirt comhairleoir de chuid an DUP, Lee Reynolds, nach raibh aon údar le cruthú an phoist nua agus gur cheart an cheist a tharraingt siar agus í a chur faoi bhráidan Choiste Polasaí. Vótáladh ar son an dréachtpholasaí ag cruinniú de chuid an choiste sin an mhí seo caite.
Chuir Sinn Féin agus Alliance in aghaidh an mholta sin, áfach, agus dúirt ceannaire Alliance sa chomhairle, Michael Long, go raibh sé “ar bís” faoin bpolasaí agus gur mhaith an rud é dá n-aithneofaí an “éagsúlacht teanga” sa phobal.
Ag labhairt dó i nGaeilge, thagair Long do Linda Ervine, gníomhaí teanga in oirthear Bhéal Feirste, agus dá chreideamh Protastúnach féin agus dúirt “is le gach duine againn an Ghaeilge”.
“Más féidir le dílseoir as Oirthear Bhéal Feirste [Ervine] a cuid tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge, nach bhféadfadh aon duine tacaíocht a thabhairt di?” a d’fhiafraigh Long de na comhairleoirí eile.
Thug comhairleoirí Shinn Féin tacaíocht láidir don rún freisin. Dúirt an Comhairleoir Séanna Breathnach gur “no-brainer” a bhí ann an polasaí teanga a chur i bhfeidhm.
Dúirt Tim Attwood, comhairleoir de chuid an SDLP go raibh teacht chun cinn an pholasaí teanga “tráthúil” agus gur cheart glacadh leis ar bhealach dearfach.
Tá achainí á dhéanamh ag an DUP ar phobal Bhéal Feirste, áfach, cur in aghaidh a leithéid de cheapachán le linn an phróisis comhairliúcháin.
“An polasaí atá ag an gcomhairle ná trí réimse teanga a chur chun cinn, an Ghaeilge, an Ultais, agus mionteangacha eitneacha. Ach anois tá an chomhairle tar éis post a fhaomhadh d’oifigeach nach dtabharfadh aire ach do cheann amháin acu sin.
“Sa phróiseas comhairliúcháin, iarrfar ar íocóirí rátaí a machnamh a dhéanamh faoi rogha amháin. Ní próiseas comhairliúcháin é sin, is fait accompli é,” a dúirt Lee Reynolds.
Dúirt sé gur beag éileamh atá ar oifigeach Gaeilge i mBéal Feirste agus nach bhfuil ach líon an-bheag daoine sa chathair a bhfuil an teanga ar a dtoil acu.
“Ní bhíonn ach dornán beag daoine ag glaoch ar uimhir Ghaeilge na Comhairle in aghaidh na bliana, agus is í an Ghaeilge an ceathrú teanga is mó a roghnaítear ar ár suíomh idirlín, i ndiaidh na Spáinnise agus na Polainnise. Beidh ar mhuintir na cathrach a chur in iúl don Chomhairle nach bhfuil an polasaí seo uathu,” a dúirt sé.
Tá geallta ag Foras na Gaeilge leath an tuarastail a íoc don Oifigeach Gaeilge. Is iad íocóirí rátaí Bhéal Feirste a d’íocfadh tuarastal iomlán an Oifigigh Teangacha, dá gceapfaí a leithéid.
Dúirt Michael Long ó Alliance ag an gcruinniú aréir go mbeadh an Chomhairle sásta na féidearthachtaí faoi Oifigeach Ultaise a fhiosrú dá mbeadh eagraíocht Ultaise sásta maoiniú a chur ar fáil d’fhostú a leithéid d’oifigeach.
Fág freagra ar 'Glactha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le plean d’Oifigeach Gaeilge'