Glactha ag Comhaontas Glas le rún ar son ‘plean éigeandála’ don Ghaeltacht

Vótáil breis agus 90% de bhaill an pháirtí ar son an rúin go dtabharfaí isteach bearta nua chun stop a chur le meath ‘tromchúiseach’ na Gaeltachta

Glactha ag Comhaontas Glas le rún ar son ‘plean éigeandála’ don Ghaeltacht

Glacadh le rún nua faoi phlean ‘éigeandála’ don Ghaeltacht ag comhdháil bhliantúil an Chomhaontais Ghlais ag an deireadh seachtaine.

Thacaigh móramh mór, breis agus 90% de na baill a chaith vóta, le rún go dtabharfaí isteach bearta nua chun stop a chur le meath “tromchúiseach” na Gaeltachta agus chun “seasamh in aghaidh meath níos measa ar an nGaeilge sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil sí fós á labhairt”.

151 ball a bhí ar son an rúin nua don Ghaeltacht, 12 a bhí ina choinne agus staon seisear ó vóta a chaitheamh.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt urlabhraí Gaeltachta agus Gaeilge Chomhaontas Glas Peadar Kavanagh, gur aithin an rún “na dúshláin” atá roimh phobal na Gaeltachta.

“Is athneartú é an rún seo ar an pholasaí reatha agus an dúshlán atá romhainn anois labhairt le muintir na Gaeltachta agus teacht ar bhearta a dhéanfadh difear suntasach do phobal na Gaeilge agus don Ghaeilge bheo.”

Dúirt Kavanagh nach fiú “faic” aon phlean ar bith nach mbeadh pobal na Gaeltachta féin páirteach ina dhréachtú.

Glacadh chomh maith ag Comhdháil bhliantúil an Chomhaontais Ghlais, a reáchtáladh ar líne den chéad uair de bharr an Covid-19, le rún faoi pholasaí nua a chuirfeadh an dátheangachas chun cinn ar earraí a dhíoltar in Éirinn.

136 ball, nó 77%, a vótáil ar son an rúin faoi phacáistiú dátheangach a bheith ar earraí a dhíoltar in Éirinn. 39 a vótáil ina aghaidh agus naonúr a staon ó vóta a chaitheamh.

Anuraidh d’fhoilsigh Coiste Oireachtais na Gaeilge, tuarascáil a d’éiligh go n-aithneodh an Rialtas go poiblí go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht.

Cé go bhfuil ráite ag saineolaithe éagsúla go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus cé gur chruthaigh an daonáireamh deireanach go raibh meath mór ar an teanga sa Ghaeltacht, tá diúltaithe ag airí Gaeltachta éagsúla géilleadh go bhfuil a leithéid ann.

De réir pholasaí an stáit agus Roinn na Gaeltachta, a bhfuil Catherine Martin, leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, i bhfeighil uirthi, ní theastaíonn aon phlean éigeandála don Ghaeltacht agus is leor na polasaithe atá ann cheana féin.

Nuair a bhí sí sa bhfreasúra, dúirt an tAire Martin gur theastaigh plean éigeandála nua le dul i ngleic leis an ngéarchéim sa Ghaeltacht, ach tá an teachtaireacht sin athraithe aici ó ceapadh sa rialtas í agus bíonn Martin ag trácht anois ar ghéarchéim teanga “sna ceantair Ghaeltachta is laige”.

De réir na saineolaithe is ann don ghéarchéim toisc an Ghaeilge a bheith i mbaol mar theanga phobail fiú sna ceantair is láidre Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Glactha ag Comhaontas Glas le rún ar son ‘plean éigeandála’ don Ghaeltacht'