Glactha ag an Aire Oideachais le míniú Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar chinneadh faoi riachtanas Gaeilge

Dúirt an tAire gurbh í an 'réasúnaíocht' a bhain le cinneadh na hOllscoile a chinntiú go bhféadfadh aon iarrthóir ‘ardcháilithe’ in Éirinn nó thar lear cur isteach ar phost an Uachtaráin a bheidh á líonadh in 2018

Glactha ag an Aire Oideachais le míniú Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar chinneadh faoi riachtanas Gaeilge

Tá glactha ag an Aire Oideachais Richard Bruton le míniú Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar a gcinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post Uachtarán na hOllscoile.

Beidh post an Uachtaráin á líonadh ag an Ollscoil i mí Eanáir 2018.

Ghlac Údarás OÉ, Gaillimh cinneadh ag tús na míosa seo deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag uachtaráin na hollscoile.

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton go raibh sé “tábhachtach a shonrú” go raibh cead ag an Ollscoil féin deireadh a chur leis an gceangal atá orthu maidir le cumas Gaeilge a bheith ag Uachtarán an choláiste.

Dúirt an tAire gurbh í an “réasúnaíocht” a bhain le cinneadh na hOllscoile ná a chinntiú go bhféadfadh aon iarrthóir ‘ardcháilithe’ in Éirinn nó thar lear cur isteach ar phost an Uachtaráin in 2018. Dúirt an tAire go raibh ceangal ar an Ollscoil faoi Acht na nOllscoileanna 1997 a leithéid a chinntiú. Dúirt sé go raibh an ollscoil rangaithe faoi láthair i measc an 250 ollscoil is fearr ar domhan agus “ar an mbonn sin” go raibh an Ollscoil “ag dúil go gcuirfidh réimse suntasach iarrthóirí, idir inmheánach agus sheachtrach, iarrthóirí idirnáisiúnta san áireamh, suim san fholúntas le haghaidh Uachtarán nua”.

Dúirt an tAire Bruton go bhfuil “freagrachtaí reachtúla ar leithligh” ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó thaobh na Gaeilge de.

“Ar an mbonn sin, beag beann ar cé acu atá nó nach bhfuil cumas sa teanga ag Uachtarán na hOllscoile, tá ceanglas air/uirthi bheith i gceannas ar phobal na hOllscoile agus é ag feidhmiú pholasaí Gaeilge an Stáit agus na hOllscoile go cuimsitheach,” a dúirt Bruton.

De réir Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), 2006 is ‘bunaidhm i gcomhair oibríocht agus fhorbairt an Choláiste soláthar oideachais sa Choláiste trí mheán na Gaeilge’ agus go léireofaí ‘an dualgas reachtúil seo san uile phlean straitéiseach a fhorbróidh an Ollscoil’. Dúirt Bruton go dtugann an Ollscoil feidhm don reachtaíocht seo “go príomha trí obair thábhachtach Acadamh na hOllscolaíochta [Gaeilge]”.

In ainneoin na ndualgas sin a bheith ann, tá sé ina údar imní le tamall de bhlianta anuas i measc lucht na Gaeilge san ollscoil seo i gcathair na Gaillimhe go bhfuil creimeadh á dhéanamh de réir a chéile ar stádas na teanga i ngnóthaí na hollscoile.

Táthar buartha, mar shampla, faoin scéal go bhfuil Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, fágtha gan aon Ollamh le Nua-Ghaeilge don tríú bliain acadúil as a chéile. Ní fios go fóill cén uair atá sé i gceist ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Ollamh le Nua-Ghaeilge a cheapadh ná cathain a fhógróidh siad an folúntas.

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny sa Dáil le déanaí go raibh sé i gceist aige an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post Uachtarán na hOllscoile sa Ghaillimh a fhiosrú.

Fág freagra ar 'Glactha ag an Aire Oideachais le míniú Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar chinneadh faoi riachtanas Gaeilge'

  • Manus

    An chéad rud eile ag bagairt ar an nGaeltacht ná deireadh le Gaeilge san Ardteist mar choinníol le freastal ar choláistí NUI i gCorcaigh, BÁC agus Gailliimh. NÍ oireann a leithéid de “quaint restriction” le corparáidiú an oideachias triú leibhéil a chur chun chinn sa Sstáitín AnglaMheirceánach seo. Beidh deireadh leis na coláistí samhraidh sa nGaeltacht dá bharr.