Géarchéim – 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge

Deir údair tuarascála nua gur fianaise dhuairc eile atá inti ar ghéarchéim teanga na Gaeltacht

Géarchéim – 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge

Níl ach 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge, de réir tuarascála nua.

De réir anailíse nua a rinne an CSO ar Dhaonáireamh 2016 don tuarascáil, níl an Ghaeilge á labhairt go laethúil ach ag 2,889 den 12,586 teaghlach sa Ghaeltacht ina bhfuil páistí 18 bliain nó níos óige.

De réir na tuarascála, a rinne taighdeoirí i gColáiste Mhuire Gan Smál do Thuismitheoirí na Gaeltachta, is ionann teaghlach ina bhfuil an chlann á tógáil le Gaeilge agus teaghlach a deir gurb í an Ghaeilge atá á labhairt acu go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais nó lasmuigh den chóras oideachais amháin.

Deir údar an taighde gur fianaise dhuairc eile atá sa tuarascáil ar ghéarchéim teanga na Gaeltachta.

“Is iomaí tuairisc atá feicthe againn le blianta anuas a léiríonn géarchéim na Gaeilge sa Ghaeltacht agus faraor, is ceann eile í seo.

“Moltar go ndéanfaí gach iarracht tacaíocht, treoir, agus comhairle a chur ar fáil don 2,889 teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge ionas nach dtiocfaidh lagmhisneach orthu agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile.”

Deirtear gur chóir “tacaíocht chuí” a chur ar fáil chomh maith dóibh siúd ar mhian leo a gclann a thógáil le Gaeilge.

Deirtear gur léir ó na figiúirí nua a chuir an Príomh-Oifig Staidrimh ar fáil ó Dhaonáireamh 2016 mar chuid den taighde “gur mionlach iad na teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht”.

An Ghaeltacht oifigiúil atá i gceist leis na figiúirí nua agus is cinnte go dtarraingeoidh siad aird arís ar a bhailí is atá teorainneacha na Gaeltachta.

Is i nGaeltacht na Gaillimhe atá 1,414 de na teaghlaigh arb í an Ghaeilge an teanga laethúil acu, beagnach 50% den iomlán. 857 de na teaghlaigh atá i nDún na nGall, rud a fhágann go bhfuil 79% de na teaghlaigh sa dá chontae Gaeltachta is mó, Dún na nGall agus an Ghaillimh.

274 teaghlach Gaeltachta a labhraíonn Gaeilge gach lá atá i gCiarraí, 141 atá i nGaeltacht Chorcaí agus 81 atá i nGaeltacht Phort Láirge. 33 teaghlach a labhraíonn an Ghaeilge gach lá atá i nGaeltacht na Mí.

“Is figiúirí iad seo atá sách duairc d’inmharthanacht na Gaeilge sa Ghaeltacht agus a thagann le go leor den tráchtaireachta go dtí seo ar ghéarchéim na Gaeilge sa Ghaeltacht,” a deir údair Staidéar ar Theaghlaigh atá ag Tógáil a gClann le Gaeilge Laistigh de Limistéir Oifigiúla na Gaeltachta.

Bhí céatadán an-ard de na teaghlaigh nár cuireadh eolas ar fáil faoi labhairt na Gaeilge iontu – 37%.

B’ionann sin agus 4,620 den 12,586 teaghlach sa Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil daoine idir 0-18.

Ciallaíonn sé seo nach bhfuil eolas beacht ar fáil ón Daonáireamh faoi theanga beagnach dhá cheann de gach cúig theaghlach sa Ghaeltacht.

“Suntasach go leor, is airde an ráta “gan a bheith ráite” sna LPT ina bhfuil úsáid laethúil na Gaeilge níos ísle, mar shampla, 33% i Maigh Eo Thiar, 43% i mBearna agus Cnoc na Cathrach, 47% sna Rosa agus 56% in Oirthear Chathair na Gaillimhe,” a deir údair na tuarascála, an Dr Neasa Ní Chuaig, an Dr Conchúr Ó Brolcháin, an Dr Karen Ní Chlochasaigh agus an Dr TJ Ó Ceallaigh.

Deir údair na tuarascála gur léiriú eile ar na ngéarchéim a laghad páistí sa Ghaeltacht a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.

Líon iomlán na dteaghlach Ag tógáil clainne le Gaeilge
Gaillimh/Maigh Eo
Conamara Láir 311 201
An Cheathrú Rua 306 210
Ceantar na nOileán 257 199
Oileáin Árann 118 84
Cois Fharraige 850 434
Maigh Cuilinn 681 53
Bearna agus Cnoc na Cathrach 1,742 115
Oirthear Chathair na Gaillimhe 929 24
An tEachréidh 1,144 33
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh 323 61
Maigh Eo Thuaidh 830 72
Maigh Eo Thiar 198 20
Dún na nGall
Tuaisceart Dhún na nGall 336 32
Cloich Cheann Fhaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh 519 220
Toraigh 15 12
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir 754 414
Na Rosa 683 54
Árainn Mhór 46 27
An Ghaeltacht Láir 200 54
Dún na nGall Theas 367 44
Ciarraí
Ciarraí Theas 193 20
Ciarraí Thiar 747 254
Corcaigh
Múscraí 487 138
Cléire 14 3
Port Láirge
Na Déise 260 81
An Mhí
Ráth Chairn agus Baile Ghib 276 33
Iomlán 12,586 2,889

4,090 den 25,207 leanbh agus déagóir (0-18)  sa Ghaeltacht a labhraíonn an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Is ionann sin agus 16% de pháistí na Gaeltachta.

11,000 den 25,207 páiste sa Ghaeltacht oifigiúil a labhraíonn an Ghaeilge sa chóras oideachais amháin. 3,216 díobhsan baineann siad leis na ceantair uirbeacha thart ar chathair na Gaillimhe atá sa Ghaeltacht oifigiúil i gcónaí cé go bhfuil an Béarla ina theanga phobail iontu le fada an lá.

Deirtear gur “ábhar imní” do limistéir pleanála teanga Ghaeltacht na Mumhan é go bhfuil líon na bpáistí a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais níos lú ná 30%.

De réir fhigiúirí an Daonáirimh, níl ach dhá Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht, an Cheathrú Rua agus Ceantar na nOileán sa Ghaillimh ina a labhraíonn níos mó ná 50% de na páistí Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

“Is mór an t-údar díomá agus duairce iad na figiúirí seo maidir le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht,” a deirtear.

Laistigh den chóras oideachais agus go laethúil lasmuigh de Lasmuigh den chóras oideachais amháin Lasmuigh den chóras oideachais
Gaillimh/Maigh Eo
Conamara Láir 147 143 290
An Cheathrú Rua 175 166 341
Ceantar na nOileán 172 88 260
Oileáin Árann 71 45 116
Cois Fharraige 349 313 662
Maigh Cuilinn 24 27 51
Bearna-Cnoc na Cathrach 87 49 136
Oirthear Chathair na Gaillimhe 14 14 28
An tEachréidh 34 13 47
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh 38 23 61
Maigh Eo Thuaidh 51 53 104
Maigh Eo Thiar 22 8 30
Dún na nGall
Tuaisceart Dhún na nGall 37 <10 42
Cloich Cheann Fhaola; Gort a’ Choirce; An Fál Carrach; Machaire Rabhartaigh 163 138 301
Dún na nGall Theas 7 12 19
Gaoth Dobhair; Rann na Feirste; Anagaire; Loch an Iúir 312 272 584
Na Rosa 24 19 43
Árainn Mhór 32 18 50
An Ghaeltacht Láir 45 22 67
Dún na nGall Theas 32 21 53
Ciarraí
Ciarraí Theas 16 10 26
Ciarraí Thiar 201 128 329
Corcaigh
Múscraí 146 60 206
Cléire <6 <6 615
Port Láirge
Na Déise 98 53 151
An Mhí
Ráth Chairn agus Baile Ghib 50 35 85
Iomlán 2,351 1,739 4,090

Moltar sa tuarascáil nua go gcuirfí ceist sa Daonáireamh amach anseo faoin teanga theaghlaigh atá ag daoine le teacht ar eolas beacht faoi líon na dteaghlach in Éirinn ag a mbíonn an Ghaeilge á labhairt. Tá na figiúirí sa tuarascáil maidir le teaghlaigh na Gaeltachta bunaithe ar an méid a dúirt an ‘duine tagartha’ , an té a líon isteach an fhoirm Dhaonáirimh, faoi labhairt na Gaeilge. Dá bharr sin, níl na figiúirí faoi na teaghlaigh chomh slán is a bheadh dá mbeadh ceist shonrach faoin ábhar ann.

Dúirt Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta Sorcha Ní Chéileachair gur “tuarascáil chinniúnach” a bhí inti don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. “Tugtar léargas dúinn ar úsáid na teanga sa Ghaeltacht sa tuarascáil seo, bunaithe ar theaghlaigh seachas ar chainteoirí aonair agus cuireann sé bonnlíne ar fáil dúinn féin agus do lucht pleanála teanga i gcoitinne,” arsa Sorcha Ní Chéilleachair.

Dúirt an Dr Neasa Ní Chuaig, príomhthaighdeoir na tuarascála, go dtugann an taighde “léargas maith dúinn ar a bhfuil ag tarlú sna ceantair Ghaeltachta ó thaobh cleachtas teanga an teaghlaigh di”.  Dúirt Neasa Ní Chuaigh go raibh súil aici go gcuideoidh an taighde le Tuismitheoirí na Gaeltachta agus le heagraíochtaí eile “tacaíocht agus cúnamh a chur ar fáil do na clanna ar mhaith leo a gclann a thógáil le Gaeilge”.

Fág freagra ar 'Géarchéim – 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge'

  • Dónall

    Fuath ollmhòr don teanga anois i measc teaghlaigh Ghaeltachta de bharr chur i gcéill an Stáit & an Polasaí don Oideachas Gaeltachta & gan pioc as don óige.
    Spéisiúil lucht na taighde…cé mhéad acu gur de bhunús ceantar Ghaeltachta iad….

  • Colin Ryan

    Cén fáth a gcuirfeadh na figiúirí seo iontas ar bith ar dhaoine? I gceann glúine eile beidh deireadh leis an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht, agus ní shábhálfaidh pleananna teanga í. Bímis sásta ar a laghad go bhfuil beocht nua sa teanga in áiteanna eile in Éirinn agus thar lear.

  • Sinéad

    Cé mhéad a caitheadh air seo? Farasbarr taighde agus leantar le creimeadh na teanga agus taighdeoirì ag leanstain leis an taighde….

  • Peadar

    Maith sibh Tuismitheoirí na Gaeltachta! An taon Eagraíocht Ghaeilge atá lonnaithe sa Ghaeltacht d’Óige na Gaeltachta & don Oideachas Gaeltachta. Treise libh!

  • Seán

    Is léir go bhfuil an tobar tirim i measc thaighdeoirí Institiúidí na Gaillimhe!

  • Timmy Beag

    Bhí an taighde go léir déanta roimh 2007. Thaispeáin an Rialtas nach rabhadar toilteanach na moltaí ón staidéar cuimsitheach a chur i bhfeidhm nó an Beartas Úr a phlé

    Bhí tacaíocht léirithe ag formhór na sochtheangeolaí dosna moltaí sin. Cad eile a dhéanfaidís?

    Ach, is rud maith é go mbíonn staidéir ar nós an ceann seo déanta go rialta. Fianaise is ea é ar an ghlúin/na glúnta a bhí i réim i deireadh ré na nGael. An ghlúin a chríochnóidh an próiseas a thosaigh na Sasanaigh 700 bliain ó shin

    Éire galldaithe in aghaidh na Gaeil deiridh (gml, is maith liom a bheith drámatúil :p)

  • JoeyJoeJoeJuniorShabido

    Níl mé ag rá nach bhfuil ábhar imní anseo, ach tá na figúirí curtha as riocht go mór ag iarGhaeltachtaí nár cheart a bheith san áireamh ar chor ar bith.

  • Gabriel Rosenstock

    Tuismitheoirí dána! An-an-dána!

  • Lillis Ó Laoire

    Tá ceantar amháin in LPT a bhfuil daonra níos airde ann agus an Béarla i dtreis ábalta ráta na gcainteoirí laethúla a ísliú cuid mhaith sa chuid eile den limistéar, d’ainneoin ráta maith cainteoirí laethúla a bheith ann. Ba mhaith an rud é na ceantair a bhfuil an Ghaeilge lag iontu le fada a scaradh ó na ceantair i réimsí A agus B mar a rangaíodh iad sa suirbhé in 2007.

  • Máire

    Rinne Hywel Jones taighde faoin gceist chéanna sa mBreatain Bheag – cé hiad na tusimitheoirí a thóganns a gclainne tríd an Bhreatnais agus cé hiad na tuismitheoirí nach ndéanann – b’fhiú féachaint air, tógaim go mbeidh na fáthanna an-chosúil in Éirinn.

    http://statiaith.com/gwefan/pdfs/cyfrifiad2011/20130814%20DG%20S%20Poster%20BSPS%20trosglwyddo.pdf