Tá gearán oifigiúil déanta ag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le RTÉ mar gheall ar agallamh a mhaíonn sé a raibh “cáineadh ionsaitheach” ann.
Ag deireadh na míosa seo caite a craoladh ar an gclár Adhmhaidin an t-agallamh leis an iarSheanadóir agus fiontraí Pádraig Ó Céidigh.
Dúirt Ó Céidigh nár dhóigh leat go bhfuil Údarás na Gaeltachta “ag cur seirbhíse ar fáil ag an leibhéal atá ag teastáil agus riachtanach do mhuintir na Gaeltachta” san agallamh ar Adhmhaidin.
Mhaígh Ó Céidigh, a bhunaigh roinnt gnólachtaí i gcaitheamh na mblianta, nach bhfuil “leath a dhóthain” béime á leagan ag an Údarás ar chúrsaí gnó, forbartha, agus fostaíochta agus go bhfuil “srianta” ar an eagraíocht a chuireann bac orthu.
Chuir Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin, in iúl d’fhoireann na heagraíochta trí ríomhphost go bhfuil “gearán oifigiúil” déanta aige le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus go bhfuil sé i gceist aige gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán freisin.
“Tá gearán oifigiúil déanta le RTÉ Raidió na Gaeltachta ag lorg leithscéal craolta toisc go bhfuil cúraimí reachtúla an chraoltóra faoi na hAchtanna Craolacháin sáraithe acu. Níl aon fhreagra tugtha air sin ag an tráth seo agus beidh an cheist á seoladh ar aghaidh anois chuig Coimisiún na Meán,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Síocháin gur pléadh an “cáineadh ionsaitheach” a craoladh ar RTÉ RnaG ag cruinniú de chuid Bhord Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo caite, agus go gcuireann an t-aighneas seo an caidreamh idir Raidió na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta i mbaol.
Dúirt sé gur cúis imní a bhí sa mhéid a craoladh agus go raibh dochar déanta aige.
“Sa chomhthéacs sin, ardaíonn sé ceisteanna faoin gcomhoibriú forbartha idir an dá eagraíocht amach anseo,” a dúirt sé.
San agallamh a craoladh ar Adhmhaidin, dúirt Pádraig Ó Céidigh go bhfuil “droch-atmaisféar” in Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil “srianta” ar fhostaithe na heagraíochta a chuireann bac orthu “a gcuid jabanna a dhéanamh”. Dúirt sé go raibh daoine a d’fhág an eagraíocht le tamall de bhlianta anuas agus daoine atá fostaithe ann i gcónaí “tinn tuirseach den struchtúr agus den chóras” atá i réim san Údarás.
Mhol Ó Céidigh fostaithe an Údaráis san agallamh freisin agus dúirt go bhfuil “an-an-mheas” aige orthu agus thug sé ardmholadh do thograí áirithe a bhrúigh an comhlacht chun cinn.
“Ba mhaith liom a rá go bhfuil roinnt mhaith rudaí an-mhaith déanta ag Údarás na Gaeltachta, go háirithe, mar shampla, má fheiceann tú an Pháirc Mara sin a bhí siad ag iarraidh a chur le chéile thiar i gCarna. Tá sé sin iontach, is togra an-mhaith é.
“Tá i bhfad níos mó mar sin ag teastáil agus ba mhaith liom go mbeadh béim i bhfad i bhfad níos láidre ar an bhfiontraíocht agus ar an bpobal áitiúil, ó thaobh cúrsaí gnó, cúrsaí forbartha, agus cúrsaí fostaíochta,” a dúirt Ó Céidigh ar RTÉ RnaG.
Dúirt Ó Céidigh le Tuairisc nach mbaineann an gearán atá déanta ag Údarás na Gaeltachta le RTÉ RnaG leis féin go díreach agus gurbh fhearr leis an t-aighneas sin “a fhágáil eatarthu”.
Dúirt sé, áfach, go bhfuil sé “tábhachtach” go mbeadh cead ag daoine a gcuirtear agallamh orthu a dtuairimí féin a chur in iúl agus nach bhfuil aon fhadhb aige le rud ar bith, a dúirt sé.
“Tá suim mhór agam i gcúrsaí fiontraíochta agus iarradh orm labhairt ar an raidió mar gheall air sin, agus chuir mé mo thuairimí mar gheall air sin in iúl,” a dúirt Ó Céidigh.
Ag labhairt dó le RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary go raibh an-mheas aige ar Phádraig Ó Céidigh agus go raibh sé le cruinniú a bheith aige leis chun a chuid tuairimí agus moltaí a phlé.
Dúirt urlabhraí de chuid RTÉ le Tuairisc go bhfuil “córas gearáin reachtúil” ag an gcraoltóir agus go dtugtar “freagra ar ghearán ar bith a dhéantar tríd an bpróiseas sin in am trátha”.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar Údarás na Gaeltachta chomh maith.
Fág freagra ar 'Gearán oifigiúil déanta ag Údarás na Gaeltachta le RnaG faoi ‘cáineadh ionsaitheach’ in agallamh'