Geallta ag Aire Stáit nua na Gaeltachta go mbrúfaidh sé chun tosaigh leasuithe reachtaíochta

Thug an Príomh-Aoire agus Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios do Barrscéalta gur ceann de na dualgais is mó a bheadh air ná daoine ar fud na tíre a spreagadh leis an nGaeilge a labhairt

Geallta ag Aire Stáit nua na Gaeltachta go mbrúfaidh sé chun tosaigh leasuithe reachtaíochta

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá geallta ag Aire Stáit nua na Gaeltachta Joe McHugh go mbeidh na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a mhol a réamhtheachtaí Seán Kyne á mbrú “chun tosaigh” aige.

Chuir Conradh na Gaeilge agus an Coimisinéir Teanga fáilte roimh na leasuithe sin ar ghlac an Rialtas le déanaí leo agus dúradh gur chéim mhór chun tosaigh iad i gcomórtas le ceannteidil an bhille leasaithe a foilsíodh in 2014, ach ar chaith Joe McHugh féin i dtraipisí é.

Ag labhairt dó ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, thug an Príomh-Aoire agus aire stáit le fios gur ceann de na dualgais is mó a bheadh air mar aire ná daoine ar fud na tíre a spreagadh leis an nGaeilge a labhairt.

Bhí cruinniú neamhfhoirmeálta faoi chúrsaí Gaeilge ag an aire stáit nua leis an Aire Oideachais Richard Bruton aréir, a dúirt sé.

Thug sé le fios chomh maith gur aréir ag 6.55pm a fuair sé glaoch ón Taoiseach ag cur iúl dó go raibh ardú céime á thabhairt dó, dea-scéal nach raibh sé ag súil leis, a dúirt sé. Cúig nóiméad ina dhiaidh sin bhí cruinniú gairid aige leis an Taoiseach nua Leo Varadkar i dTithe an Rialtais faoi na cúraimí nua a bheadh air.

Dúirt McHugh go raibh sé “fíorshásta” filleadh ar Roinn na Gaeltachta agus ar phost a bhí cheana aige idir 2014-2016.

Bhí sé tábhachtach a dúirt sé go mbeadh “glór” ag an nGaeilge ag bord an Rialtais feasta agus cead aige, mar Phríomh-Aoire, freastal ar chruinnithe rialtais.

Cé nach mbíonn cead vótála ag an bPríomh-Aoire, mhaígh an tAire Stáit nach raibh an oiread sin tábhachta ag baint leis an scéala sin toisc gur ar bhonn comhaontaithe, seachas le vóta, a dhéantar cinntí rialtais de ghnáth.

Mhol McHugh chomh maith “an tsuim mhór” atá léirithe ag Leo Varadkar sa teanga agus “i dtodhchaí na teanga” agus dúirt sé gur “chuidiú mór” a bheadh sa mhéid sin dó mar aire Gaeltachta.

Bhí súil aige go spreagfadh an Taoiseach go leor daoine eile “leis an teanga a fhoghlaim nó a athfhoghlaim”.

Tá cáineadh géar déanta ag polaiteoirí ón bhfreasúra ar cheapachán McHugh agus iad den tuairim gur “céim ar gcúl” é nár fágadh cúram na Gaeltachta ar Sheán Kyne.

Ar dhuine acu siúd a chuir a mhíshástacht in iúl faoin gcinneadh, bhí an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, a dúirt go ndearna Joe McHugh “praiseach” den chúram nuair a bhí sé i Roinn na Gaeltachta cheana.

Dúirt Joe McHugh ar Barrscéalta go mbíonn an Seanadóir Ó Clochartaigh “ag tabhairt amach sna meáin” i gcónaí faoi in ainneoin go bhfuil “caidreamh maith” aige leis agus go mbíonn “comhráite dearfacha” eatarthu i dTeach Laighean.

Fág freagra ar 'Geallta ag Aire Stáit nua na Gaeltachta go mbrúfaidh sé chun tosaigh leasuithe reachtaíochta'

  • Harriet P.

    Is é ‘ceann de na dualgais is mó a bheadh air mar aire ná daoine ar fud na tíre a spreagadh leis an nGaeilge a labhairt’, a dúirt sé? Ceann desna dualgais is mó a bheadh air!? An bhfuil sé ag magadh fúinn? Tá súil agam go bhfuil, cé nach bhfuil aon gháire bainte asam aigesean!

    Féach, a Joe, tá neart dualgas ort mar Aire agus ní bhaineann oiread is ceann amháin díobh le oiread is duine amháin a spreagadh chun níos mó Gaeilge a labhairt. Tá dualgais i bhfad níos tromchúisí ortsa, dualgais a bhaineann le cearta na ndaoine a bhfuil an Ghaeilge á labhairt acu cheana féin agus le cearta mhuintir na Gaeltachta – Gaeltachtaí na Mumhan agus Gaeltacht Chonamara ina measc! – go háirithe. Tá ort dualgais a dhéanamh nár éirigh leat iad a dhéanamh agus tú i d’Aire den gcéad uair.

    Má tá fonn ort daoine a spreagadh chun Gaeilge a labhairt, a Joe, ba chóir duit deireadh a chur leis as an bpolaitíocht agus dul le múinteoireacht. Má tá fonn ort na dualgais atá ort mar Aire Stáit na Gaeltachta a chomhlíonadh, áfach, ba chóir duitse cur chun oibre mar a dhein an tUasal Kyne agus cur chun oibre láithreach.

  • Mánus

    Sea an tAire Mc Hugh é fhéin má tá sé chun an “Ghaeltacht” a shábháil agus an Ghaeilge a láidriú beidh air do bheith ag troid de ló is d’oíche in aghaidh na heití frithGhaeilge sa Státchóras, Sa Roinn Oideachas, sna comhairlí chontae, sa HSE, in INTREO srl agus leis na heití frithGhaeilge sna páirtithe polaitíochta freisin.

  • Stilla

    Nach as Carraig Airt i nDún na nGall an tAire McHugh agus an Ghaeltacht ar leic an dorais aige? Na Dúnaibh? Ros Guill? B’fhurasta dhó líofacht a bhaint amach. Scéal eile é cás an Taoisigh. Má éiríonn leis siúd líofacht a bhaint amach fágfar an chuid eile againn in áit na leithphingine. Go n-éirí leis.