Gasúir Ros Muc i ndlúthpháirtíocht le gasúir na hAfganastáine agus ‘eitleoga seachas dróin’ uathu

Is é bun agus barr an scéil go bhfuil Éire ina cúlpháirtí sa marú agus sa martrú atá ar bun ag lucht na ndrón

Gasúir Ros Muc i ndlúthpháirtíocht le gasúir na hAfganastáine agus ‘eitleoga seachas dróin’ uathu

Scoláírí Scoil Bhriocáin, Ros Muc. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Inné cuireadh eitleoga san aer ar son na síochána ag Scoil Náisiúnta Bhriocáin ar an nGort Mór, Ros Muc. Cuid d’fheachtas idirnáisiúnta é le haird a tharraingt ar an léirscrios atá lucht míleata a dhéanamh le dróin ar fud an domhain.

‘Eitleoga Seachas Dróin’ an teideal atá ar an bhfeachtas.

Chuir cailíní as Scoil Cholmcille i Sord, Co. Átha Cliath, eitleoga ar foluain ar an gcúis chéanna.

Tá comóradh á dhéanamh an tseachtain seo ar Bhliain Nua na nAfganastánach. Míníodh do na daltaí sa dá scoil gur maraíodh cuid mhór daoine le dróin sa tír sin go dtí seo agus go raibh neart gasúr ina measc.

Ní hiontas ar bith go mbeifí ag plé cúrsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta i Scoil Bhriocáin. Fear é an príomhoide, Mícheál Ó Máille, a bhfuil an-spéis aige i gcúrsaí staire agus i gcúrsaí an tsaoil tríd agus tríd.

Thairis sin ar fad tá traidisiún sa scoil. Seo í an scoil a thug Pádraig Mac Piarais go Ros Muc an chéad lá ariamh.

Rang oíche a bhí sa scoil le teagasc a thabhairt do ghrúpa daoine a bheadh feilteach le bheith ina múinteoirí Gaeilge. An fear a bhí ina phríomhoide ag an am, Pádraig Ó Conghaile, chuir sé scéala chuig Conradh na Gaeilge i mBleá Cliath ag iarraidh orthu duine a chur anuas le scrúdú a chur ar an rang.

Ba é Pádraig Mac Piarais a tháinig.

Maidir leis na dróin mharfacha, tá cruthú ann go bhfuil eitleáin mhíleata Mheiriceá ag tabhairt na n-uirlisí cogaidh seo trí aerspás na hÉireann agus trí Aerfort na Sionainne. Is minic a bhíonn na heitleáin mhíleata Hercules ag tuirlingt san aerfort.

I gcoimeádáin a bhíonn na dróin acu. ‘Cónraí’ a thugann na Meiriceánaigh ar na coimeádáin.

Is é bun agus barr an scéil go bhfuil Éire ina cúlpháirtí sa marú agus sa martrú atá ar bun.

Maraíonn Feachtas Drón na Meiriceánach daoine gan trua gan taise. Ní féidir an milleán ar fad a chur ar Donald Trump; bhí Barack Obama agus Hillary Clinton níos ciontaí fós.

San Afganastáin, sa bPacastáin, in Éimin, sa tSomáil, san Iaráic agus sa tSiria is mó atá eirleach déanta.

Is cosúil go mbaineann cuid de na píolótaí an-sásamh as an obair. Ní bhíonn siad féin ar na dróin, ar ndóigh, ach iad á stiúradh píosa maith as láthair.

Is beag trua a bhíonn acu do na gasúir a mharaítear. “Fun-size terrorists” a thugann siad orthu go minic.

Tá leagan eile acu freisin “cutting the grass before it grows too long”.

Tugtar le tuiscint sa ngaisce a dhéanann lucht míleata faoi na dróin go mbíonn an t-aimsiú le drón thar a bheith cruinn —nach mbuailtear ach treallchogaithe a mbíonn eolas barainneach ar fáil faoin áit a mbeidh siad.

Ní mar sin a tharlaíonn go minic.

Bhí cás ann a raibh sé i gceist duine amháin a mharú ach maraíodh 76 duine fásta agus 29 gasúr sa ruathar.

Ní bhíonn an réamheolas cruinn i gcónaí ach an oiread. Ionsaíodh teacht le chéile clainne san Afganastáin agus aríst sa bPacastáin.

Níor aithníodh an ‘dream ceart’, a dúradh.

Is minic chomh maith nuair a bhíonn marú déanta le drón nach mbíonn aon sásamh ag lucht úsáidte ann go ndéanann siad ionsaí eile leis an dream tarrthála a mharú.

Cén bhrí dá mbeadh toradh fónta fadtréimhseach ar an obair seo ar fad. Ní bhíonn mar gur tuilleadh sceimhlitheoireachta a thagann as.

Is gearr ó dúirt fear óg a rinne beart sceimhlitheoireachta i Sasana gur maraíodh a bheirt tuismitheoirí agus gurb shin é a spreag eisean le díoltas a lorg.

Lena gceart a thabhairt do chuid de na píolótaí, d’imigh an ceo dá súile agus thuig siad nach raibh toradh na n-ionsaithe chomh maith agus a bhí geallta.

I litir a chuir siad chuig Barack Obama dúirt siad an méid seo “the innocent civilians we were killing only fuelled the feelings of hatred that ignited terrorism and groups like ISIS”.

Beidh deis ag daoine eitleoga a ligean le gaoth aríst Dé Sathairn seo chugainn in aice leis an gcarrchlós ar an bPromanáid i mBóthar na Trá ag 2 p.m.

Fág freagra ar 'Gasúir Ros Muc i ndlúthpháirtíocht le gasúir na hAfganastáine agus ‘eitleoga seachas dróin’ uathu'