Gaoth Dobhair agus Gaeil na Gaillimhe i measc 34 club atá le boinn ‘Gaeilge’ a fháil i bPáirc an Chrócaigh

Beidh cumainn ó na ceithre cúigí i láthair ag ócáid bhronnta bonn Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha anocht agus aitheantas á fháil acu as ucht a gcuid oibre ar son na Gaeilge

Gaoth Dobhair agus Gaeil na Gaillimhe i measc 34 club atá le boinn ‘Gaeilge’ a fháil i bPáirc an Chrócaigh

Beidh ionadaithe ó 34 club CLG fud fad na tíre i láthair i bPáirc an Chrócaigh anocht chun boinn a fháil as an obair atá déanta acu maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

Tá ócáid bhronnta na hoíche anocht á reáchtáil mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael.

Is é Uachtarán CLG, Seán Ó hÓráin a bhronnfaidh na boinn ag an ócáid, an dara ceann dá leithéid ó cuireadh tús leis an bhFondúireacht in 2017.

Is in ómós d’iarUachtarán CLG Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha a ainmníodh an Fhondúireacht agus bronnfar boinn anocht ar dhá chumann a raibh an-bhaint aige leo, a chumann dúchais, Baile an Doirín, agus cumann Bhearna i nGaeltacht Chonamara.

Cuireann an fhondúireacht deontais ar fáil do chumainn chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid oibre. Tá 70 gníomh ar son na Gaeilge leagtha síos sa scéim.

Tá cumann Ghaoth Dobhair ar cheann de thrí chumann a bhronnfar bonn óir anocht orthu. Seo an chéad uair ar éirigh le cumann ar bith bonn óir a thuilleamh faoin scéim. Is iad Baile an Doirín (Gaillimh) agus na Sáirséalaigh (Muineachán) an dá chumann eile a gheobhaidh bonn óir anocht. Ní mór do chumann 80% de na 70 gníomh a dhéanamh chun bonn óir a fháil.

Bronnfar bonn airgid ar 11 cumann: Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo), cumann peile na mban Mhaigh Cuilinn (Gaillimh) agus Raonaithe na Croise (Ard Mhacha) ina measc.

Tá bonn cré-umha le fáil ag 20 cumann ó cheann ceann na tíre. Tá cumann lán-Ghaeilge na Gaillimhe, Gaeil na Gaillimhe agus Crócaigh Chill Mhochuda (Baile Átha Cliath) i measc na bhfoirne a dtabharfar aitheantas dóibh.

Ghlac 90 cumann páirt i scéim na Fondúireachta i mbliana. Dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael, gur cúis mhór áthais dóibh go bhfuil oiread cumann ann atá chomh “díograiseach” sin maidir leis an teanga.

“Bronnfar a gcéad bhonn ‘Seosamh Mhic Dhonncha’ ar 24 club faoin scéim agus an dara ceann ar dheich gclub a fuair bonn cré-umha anuraidh ach atá i ndiaidh dul chun cinn suntasach a dhéanamh agus bonn airgid nó óir a bainte amach acu i mbliana,” a deir Mac Cionnaith.

“Tá lúcháir ar leith orainn go bhfuil Bonn Óir bainte amach ag CLG Bhaile an Doirín agus Bonn Airgid ag CLG Bhearna i mbliana, dhá chlub dar ndóigh a raibh dlúthbhaint ag Seosamh leo.  Is iontach an t-ómós é saothar na gclub seo agus na clubanna uilig atá páirteach sa bhFondúireacht d’oidhreacht Sheosaimh féin.”

Buaiteoirí na hoíche anocht:

Bonn Óir:

CLG Na Sáirséalach – Cill Laobháin, Lios Darach, Co. Mhuineacháin

CLG Bhaile an Doirín, Baile an Doirín, Co. na Gaillimhe

CLG Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

Bonn Airgid:

An Ríocht CLG, Co. an Dúin

CLG Chill Chua, Baile an Mhuine, Cill Chua, Co an Dúin

CLG Ruairí Óg, Iománaíocht, Bun Abhann Dála, Co. Aontroma

CLG Raonaithe na Croise, Crois Mhic Lionnain Co. Ard Mhacha

CLG An Caisleáin Ghlais agus Sperrin Óg, An Caisleán Glas, An Ómaigh, Co. Thír Eoghain

Cumann Peile na mBan, Maigh Cuilinn, Baile Dóite, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe

CLG Chú Chulainn CLG, An Mullach Bán, Co. Ard Mhacha

CLG Bhearna, Bearna, Co na Gaillimhe

CLG Naomh Eoin Boscó, Iúr Cinn Trá, Co. an Dúin

CLG Thuar Mhic Éadaigh, An Trian Láir, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo

CLG Na Fianna, Glasnaíon, Baile Atha Cliath

Bonn Cré-umha:

CLG Pailís na Gréine, Pailís Ghréine, Co. Luimnigh

CLG Áit Thí Chathail, Cill Chaoil, Co. an Dúin

CLG An tSráidbhaile, Sráidbhaile Mór, Sráidbhaile, Co. Phort Láirge

CLG Gormacha Bhaile Mhic Colla

CLG Bhaile Mhic Colla, Co. Ard Mhacha

CLG Mhainistir na Corann, Mainistir na Corann, Co. Chorcaí

CLG Thigh Chon Connacht, Áth na Cloiche, Co. an Dúin

CLG Na Piarsaigh Óga, Ard Mhacha

CLG Naomh Muire Nuachongbhail, Glas-Stiall, Co. Dhoire

CLG Charn Domhnaigh, Carn Domhnaigh, Co. Dhún na nGall

CLG Naomh Pádraig, Droim Dhá Thiar, Co. Liatroim

CLG Tráchtálaithe Ráth Chúil, Ráth Chúil, Baile Átha Cliath

CLG Crócaigh Chill Mhochuda, Stigh Lorgan, Baile Átha Cliath

CLG Gaeil na Gaillimhe, Cathair na Gaillimhe, Co. na Gaillimhe

CLG Taite Riabhach, Taite Riabhach, An Ómaigh, Co. Thír Eoghain

CLG Dhoire Locháin-Chaoimhín de Barra, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain

CLG Bhaile an Phuill, Baile An Phoill, Co. Chill Chainnigh

CLG Naomh Pádraig-Uisce Chaoin, Ture, An Magh, Co. Dhún na nGall

CLG Eadarnaigh, Eadarnaigh, Co. Fear Manach

CLG Naomh Maolmhaodhóg-Éadan na dTorc,  Éadan na dTorc, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain

CLG Naomh Raghnach, Beannchar, Co. Uíbh Fháilí

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair agus Gaeil na Gaillimhe i measc 34 club atá le boinn ‘Gaeilge’ a fháil i bPáirc an Chrócaigh'