Gan lorg eitleáin san aer – ceacht scríofa ar chlár na spéire

Beagán le cois 100 bliain ó thuirling John Alcock agus Arthur Whittin Brown i gConamara, tá an spéir féin ciúnaithe agus tuigeann muid anois gur féidir an domhan seo amuigh i lár an spáis ollmhóir a chur de dhroim seoil an-sciobtha

Ní caint san aer a bhíonn ar bharr a ghoib ag cara liom i dTír Chonaill. Chuir sé ceist orm agus mé ag comhrá leis ar an teileafón an lá cheana: “An bhfuil aon eitleán feicthe agat sa spéir le tamall?” a d’fhiafraigh sé díom.

Tá an spéir féin ciúnaithe. Cé a chreidfeadh é sin agus muid uilig slogtha ag an domhandú seo.

Mí ó shin, an 5 Márta, a cuireadh dealbh de Alcock agus Brown ar Chearnóg an bhaile sa gClochán i gConamara. Beagán le cois 100 bliain ó shin a thuirling John Alcock agus Arthur Whittin Brown sa bportach cúpla míle siar ón mbaile sin. Bhí an chéad aistear eitleáin ariamh gan stopadh déanta acu trasna an Atlantaigh. Athraíodh scéal na heitleoireachta an mhaidin Samhraidh a dtáinig an bheirt isteach thar chósta thiar Chonamara san eitleán corrach a bhí acu.

Rinneadh trácht an lá sin i dtús na míosa seo caite sa gClochán ar éacht na beirte – agus ba éacht é. Rinneadh trácht ar an gcaoi a raibh na céadta eitleán ag dul anonn agus anall trasna an Atlantaigh an lá sin i dtús na míosa seo caite. Go deimhin bhí 25,000 de mhuintir na hÉireann sa Spáinn ar a gcuid laethanta saoire san am.

Bhí dóchas ann go mbeadh rath ar shéasúr na turasóireachta i gConamara – fiú agus go raibh an coróinvíreas ag neartú roinnt an tráth sin féin – agus síleadh go meallfadh scéal Alcock agus Brown agus an dealbh tuilleadh daoine go hiarthar na hÉireann.

Bhí caint ann gur cheart díriú ar iarsmalann in ómós na beirte a fhorbairt gan don áit ar thuirling siad sa bportach. Chuirfeadh sé borradh agus beocht sa mbreis faoi thionscal na turasóireachta, a dúradh.

Ach bhí beithíoch bradach ar an mbealach anoir chugainn. Tá na heitleáin curtha as an spéir agus na turasóirí coinnithe faoi ghlas aige anois. Tá na mílte curtha den saol aige agus níl a fhios cén uair a stopfaidh an beithíoch bradach seo ag treabhadh roimhe.

Mar a dúirt fear Thír Chonaill liom is cosúil an saol anois agus scannán uafáis; tá múnla nua á chur aige ar an domhan.

An bhféadfadh sé go mbeadh orainn a ghabháil ar chosán ár sinsear? Go mbeadh fataí céadfhómhair le cur agus go gcuirfí cor coise i ndream an driopáis?

Tá garraí sléibhe ar imeall an ghabháltais talún atá againn anseo. Garraí na Moinge a thugann muid air. Níl an focal moing curtha amú air. Ach, ní mar sin bhí sé nuair a bhí mo mháthair ina cailín beag. Chloisinn mo mháthair ag caint ar a seanathair, Colm Seoige.

Leagfadh sé ar an bpíosa righin riascach sléibhe sin nó go mbeadh síol fataí curtha aige i chuile orlach dó. Tá lorg na n-iomairí ann fós. Ní dhéanfar aríst go brách é! Sin é atá ráite agus chuile sheans gur fearr nach gcaithfí é a dhéanamh.

Go deimhin, tá sé tagtha sa saol go n-abraítear go bhfuil díth céille ar dhaoine a chuireann mórán anró colainne ar bith orthu féin. Tuige nach bhfaigheann siad an meaisín?

Níl aon bhlas den rath – a mhalairt uilig – déanta ag an ngadaí bradach de choróinvíreas seo atá ina scáil ar an domhan uilig. Ach, meabhraíonn sé dúinn gur féidir an domhan agus na bealaí saoil a bhfuil cleachtadh againn orthu – go háirithe sna tíortha saibhre – a athrú ó bhonn d’aon léim amháin.

Faraor, tá an chontúirt mhór ann go mbeidh tuilleadh foghlama againn sula mbeidh Covid-19 díbeartha go taobh éicint agus go dtuigfidh muid cé chomh héidreorach agus atá muid mar dhaoine agus mar phobal.

Dúradh in Amhrán na Trá Báine nach raibh ‘fear ar bith dá bhoichte é nach raibh feilm aige féin’. Tháinig an t-am nuair nach raibh mórán airde ná ómóis don talamh righin a treabhadh agus a saothraíodh go crua leis na céadta bliain.  Ní theastódh sé feasta. Ní fhillfí go deo ar an gcineál sin saoil ná ar an gcineál sin oibre.

Is éasca a ghabháil thar fóir agus muid ag cur agus ag cúiteamh faoin toradh a bheidh ar an ráig uafáis seo atá scaipthe ar fud na cruinne. Chuile sheans nach mbeidh ar dhuine ar bith a láí a thabhairt leis sna blianta atá romhainn amach agus a dhul in éadan an phionóis a bhaineadh le fataí a chur i nGarraí na Moinge.

B’fhearr mar sin é.

Ach an bhfuil tíortha agus pobail an domhain thiar imithe rófhada ó Gharraí na Moinge agus a mhacasamhail? Arbh fhearr go mbeadh níos mó déantúsaíocht agus soláthairtí dár gcuid féin againn? Is diabhlaí go gcaithfidh muid a ghabháil soir chun na Síne le teacht ar lasta mascanna agus miotóga in am an ghátair.

Ach a maolóidh an coróinvíreas atá ag leagan faoi agus thairis, beidh múnlú as an nua le déanamh ar an eacnamaíocht i gcuimse tíortha. Tuigeann muid anois gur féidir an domhan seo amuigh i lár an spáis ollmhóir a chur de dhroim seoil an-sciobtha.

Ina dhiaidh sin féin, níl lorg scairdeitleán ar na spéartha ar chósta thiar na hÉireann na laethanta seo san áit ar chuir Alcock agus Brown tús leis an ruathar eitleoireachta tras-Atlantaigh 100 bliain ó shin.

Fág freagra ar 'Gan lorg eitleáin san aer – ceacht scríofa ar chlár na spéire'