Gan ach duine amháin cláraithe do MA nua iriseoireachta trí Ghaeilge

Shínigh OÉ, Gaillimh agus RTÉ meamram tuisceana i dtaobh MA nua iriseoireachta trí Ghaeilge agus seoladh freisin tionscadal taighde lucht éisteachta nua do RTÉ Raidió na Gaeltachta

Gan ach duine amháin cláraithe do MA nua iriseoireachta trí Ghaeilge

Níl ach duine amháin cláraithe don chúrsa nua MA san iriseoireacht atá á chur ar fáil den chéad uair i mbliana ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, i gcomhar le RTÉ.

Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta, thug Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, le fios nach bhfuil ach “duine amháin” ag tabhairt faoin chúrsa iarchéime ‘Cleachtas Gairmiúil sna Meáin’ atá á reáchtáil i mbliana den chéad uair. 

“Tá muid ag tosú amach le duine amháin agus tá muid ag dul ag tógáil air sin de réir a chéile,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Con Iomaire go rabhthas “ag tosú amach beag” le go bhféadfaí “bainistiú a dhéanamh ar an gcúrsa” agus a chinntiú go mbeadh sé á reáchtáil “ar bhealach atá inmharthana”.

Deirtear ar shuíomh Ollscoil na hÉireann gur “cúig áit déag ar a mhéid” a bheas á dtairiscint ar an chúrsa gach bliain.

Mhaígh Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ nach raibh “a leithéid” de chéim máistreachta ar fáil in Éirinn agus go raibh d’aidhm ag lucht an chúrsa a chinntiú go raibh “craoltóirí agus daoine a bheadh in ann obair sna meáin Ghaeilge” ar fáil amach anseo. 

Cuirtear béim, a deirtear, ar chleachtas gairmiúil agus obair phraiticiúil iriseoireachta i gclár an chúrsa agus tabharfaidh mic léinn faoi thréimhsí foghlama in OÉ, Gaillimh, in RTÉ i nDomhnach Broc, agus i stiúideonna Gaeltachta de chuid an chraoltóra. 

Mí na Bealtaine seo caite a fógraíodh go mbeadh an MA nua á reáchtáil.

Agus meamram tuisceana i dtaobh an chúrsa nua á shíniú ag OÉ, Gaillimh agus RTÉ, dúirt riarthóir Aonad Léann na Cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an Dr Uinsionn Mac Dubhghaill, go bhfuil “an clár léinn ag freastal ar éilimh ó mhic léinn ar chláir iarchéime a bhfuil naisc láidre acu le fostóirí agus leis an margadh”.

Idir an dá linn, seoladh chomh maith tionscadal taighde lucht éisteachta atá bunaithe ag RTÉ i gcomhpháirt le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.  Faoin tionscadal nua beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag baint leas feasta as múnla Fios Físe, an painéal lucht féachana a bhunaigh TG4 chun eolas a bhailiú faoi dhearcadh daoine i leith ábhar an stáisiúin sin. Dúradh gurb é seo é an chéad uair a mbeidh tuairimí spriocphobal RTÉ Raidió na Gaeltachta “á bhfiosrú ar bhonn leanúnach”. Is faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bheidh an tionscadal á reáchtáil.

Dúradh go n-earcófar painéal 500 “cuiditheoir” don suirbhé agus go mbeidh “critéir theangeolaíocha, thíreolaíocha agus dhéimeagrafacha” san áireamh i gcomhdhéanamh bhallraíocht an phainéil. 

Líonfaidh na “cuiditheoirí” suirbhé ar líne gach seachtain agus cuirfear torthaí an taighde faoi bhráid RTÉ “go tráthrialta”. 

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta, gur mhór “an chabhair a bheadh ann ó thaobh pleanála agus stiúradh na seirbhíse de sna blianta amach romhainn”.

“Tabharfaidh sé [Fios Físe] léargas níos fearr dúinn ar mhianta an phobail éisteachta, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, agus beidh muid in ann feidhmiú dá réir. Is eolas é seo a bhí in easnamh orainn, go pointe, go dtí seo, agus tá sé i gceist againn anois leas a bhaint as chun tairbhe éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta,” a dúírt Gearóid Mac Donncha, ceannasaí gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Stiúrthóir an Tionscadail Fios Físe Séamas Ó Concheanainn go gcuirfeadh an clár nua leis an taighde lucht féachana atá ar siúl ó 2013 do TG4 agus go dtógfadh sé “ar an tsamhail oibriúcháin a bunaíodh i gcomhar le TG4 don taighde ag an am”. Ceapadh an Dr Eilís Ní Dhúill mar Thaighdeoir Iardhochtúireachta le Fios Físe le gairid.

Fág freagra ar 'Gan ach duine amháin cláraithe do MA nua iriseoireachta trí Ghaeilge'