Bhí ríméad ar mhuintir an Spidéil inné nuair a d'éirigh lena bhfoireann peile Craobh Idirmheánach Chonnacht a thabhairt leo, an chéad uair riamh ag an gcumann Gaeltachta craobh Chonnacht a bhuachan. Lasadh tinte cnámh agus bhí scléip go maidin ann i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil ar Fhíorta, seaimpíní Ros Comáin, ar Pháirc Naomh Iarlaith, Tuaim. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Tús maith leath na hoibre. Finnian Ó Laoi lán mórtais as a chúl agus gan ach 80 soicind caite.
An Spidéal, Seaimpíní Chraobh Idirmheánach Peile Chonnacht 2018
Antaine agus Cormac Ó Laoi ag coinneáil súil ghéar ar an liathróid
Seán Ó Curraoin agus an pheil á cur thar ar an trasnán aige
Brian Ó Conghaile réidh lena dheis a thapú
Cormac Ó Laoi an Spidéil agus Tom Bannon Fhíorta ag tabhairt aghaidh ar a chéile
Cúilín ag Peter Leahy, Fíorta
Cé a gheobhas í?
Dara Mac an Rí agus é ar an ionsaí geábh amháin eile
Antaine Ó Laoi, An Spidéal, ag tabhairt na gcos leis leis ó John Brennan
An liathróid seolta amach ag Eoin Ó Droighneáin, An Spidéal
Finnian Ó Laoi ag gabháil malairt treo agus fir Ros Comáin sa tóir air
Cárta dearg do Philip Neilan, Fíorta
Briseadh croí do Philip Neilan agus alltacht ar a chomrádaithe
Conall Ó Caoimh, An Spidéal, ag cuartú cúnaimh agus John Brennan Fhíorta ag déanamh air
John Brennan, ag iarraidh na cosa agus a lámh a thabhairt leis ó fhir an Spidéil
Agóid!
Cárta dearg d’Éamon Ó Conláin tar éis dó an dara cárta buí a fháil
Antaine Ó Laoi, an Spidéal agus Oisín Lyons, Fíorta, ag sodar ina dhiaidh
An fheadóg séidte. Is iad An Spidéal curaidh Chonnacht!
Lá dár saol! Aodán Ó Curraoin, An Spidéal ag ceiliúradh a mbua
Comhbhrón do mhuintir Fhíorta
An beart déanta.
Muintir an Spidéil sona sásta lena mbua stairiúil.
Conall Ó Caoimh, Brian Mac Cathmhaoil agus Cormac Ó Laoi
Corn Chraobh Chonnacht á ardú ag an gcaptaen Ciarán Ó Laoi
Brian Ó Conghaile agus Finnian Ó Laoi
Muintir Uí Laoi sásta. Ceathrar deartháireacha, ceathrar imreoirí – Ciarán, Antaine, Cormac agus Finnian lena n-athair Seosamh agus a máthair Caitríona
Jack O’Toole agus Caitríona Ní Dhroighneáin
Fir óga an Spidéil mórtasach as a bhfoireann
Gráinne Feeney, Fia O’Connor agus Niamh Ní Fhlatharta
Patrick agus Nóirín Uí Cheallaigh le Caitríona Dunne
John Lockhart, Deirdre Walsh, Breda Ní Chonghaile, Jack O’Toole agus Aodán Dunne
Antaine Ó Laoi, laoch na himeartha, le Micheál Ó Droighneáin
Máithreacha an Spidéil abú! Ó chlé: Yuko Uí Chonláin, Máire Uí Churraoin, Máire, Bernie agus Patsy Uí Dhroighneáin, Nóirín Uí Cheallaigh agus Caitríona Uí Laoi
Muintir Churraoin ag ceiliúradh. Ó chlé, Máire, Pádraig Eoin, Seán, Micheál agus Pádraig
Mary, Tommy, Liam, Dónal agus Mairéad Griffin le Seán Ó Fatharta
Foireann an Spidéil ag breathnú ar thuairisc faona ngaisce ar Nuacht TG4 in Óstán Chonamara
Fáilte mhór roimh na seaimpíní trasna na teorann sna Forbacha
Muintir Dhoire Locháin ag cur fáilte roimh na seaimpíní
An Spidéal abú!
Clann Uí hEochaidh, Bairbre, Seán, Ciara agus Éinne
Micheál Ó Coisdealbha agus cuid dá chairde agus dá ghaolta ag feitheamh leis na seaimpíní. Tá sé 51 bliain ó d’imir Micheál don Spidéal ach seo í an chéad Chraobh Chonnacht ag an gclub Gaeltachta
Bus na seaimpíní ag filleadh ar an Spidéal
Gliondar agus gaisce
Comhghairdeachas! Rinne sibh thar cionn!
Muintir na Páirce sásta
An tseanghlúin agus an ghlúin óg agus teachtaireacht mholta acu don fhoireann.
Baile Liam mórtasach as fir óga a gclub
James Ó Curraoin (5) ag tine chnámh Thrá an Spidéil
An seaimpín Oilimpeach Ruairí O’Toole ag cur fáilte abhaile roimh sheaimpíní. na peile. Tá bonn óir agus bonn airgid ag Ruairí sa kayakadóireacht ó na cluichí san Astráil agus sa Ghréig
Comhartaí misnigh sa Spidéal maidin an chluiche mhóír
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Tá an Spidéal ina gcuraidh ar Chonnachta! Scoth na bpictiúr den imirt i dTuaim agus den cheiliúradh i gCois Fharraige!'