Dé Céadaoin, Lúnasa 31 2016 ag 10:00 pm Ba i 1998 a fuair Keane áit i scuad na hÉireann in éineacht le Damien Duff. Is i gcoinne Phoblacht na Seice i mí Mhárta 1998 a d’imir Keane d’Éirinn den chéad uair. Is i gcoinne Mhálta cúpla mí ina dhiaidh sin a scóráil sé a chéad chúl dá thír. Scóráil sé neart cúl tábhachtacha d’Éirinn le 18 bliain anuas. Tá sé ag ceiliúradh anseo le Roy Keane tar éis dó scóráil i gcoinne na hÍsiltíre i 1999. Bhain Éire áit amach i gCorn an Domhain in 2002 mar ar aimsigh Keane cúl stairiúil i gcoinne na Gearmáine chun comhscór a chinntiú. Scóráil Keane faoi dhó i gcoinne Oileáin Fharó i mí Dheireadh Fómhair 2004 rud a d’fhág gurbh é an té ba mhó a scóráil cúil d’Éirinn. Roghnaíodh Keane mar chaptaen na hÉireann den chéad uair nuair a tháinig Steve Staunton isteach mar bhainisteoir in 2006 Ba é Keane a d’aimsigh an cúl deireanach a scóráladh i Staid Bhóthar Lansdúin nuair a scóráil sé i gcoinne San Mairíne i mí na Samhna 2006 Rinne Keane a dhícheall áit a bhaint amach d’Éirinn ag Corn an Domhain 2010; scóráil sé cúil i gcoinne na hIodáile, na Fraince agus tuilleadh ach faraor ní raibh sé i ndán dóibh …bhí briseadh croí i ndán dó féin agus dá chomhghleacaithe sa chluiche conspóideach sin in aghaidh na Fraince i bPáras. In 2010, d’imir Keane d’Éirinn den chéadú huair. In 2011, bhuaigh Keane agus Éire Corn na Náisiún Ceilteach, an t-aon chomórtas a bhuaigh sé le foireann na sinsear Bhí Keane gealgháireach agus foireann na hÉireann ag taisteal chuig Craobh na hEorpa sa Pholainn agus san Úcráin in 2012 Droch-chomórtas a bhí ann don fhoireann, áfach, agus chaill Éire gach ceann de na trí chluiche a d’imir siad Ba i gcoinne Oileáin Fharó a bhris Keane curiarracht na gcúl d’Éirinn agus bhí údar ceiliúrtha aige ina n-aghaidh arís in 2013 nuair a sháraigh sé Shay Given agus an svae aige mar an fear is mó a d’imir cluichí d’Éirinn Is i measc na n-ionadaithe d’Éirinn a bhí Keane den chuid is mó le cúpla bliain anuas, é ag teacht isteach i gcoinne na Sualainne ag Craobh na hEorpa 2016 Robbie agus a chlann le hUachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, roimh an gcluiche in aghaidh Óman. Keane ag fágáil slán leis an slua agus é ag imeacht ón bpáirc
Cén contae in Éirinn ina bhfuil club Síol Maolúir? Tráth na gCeist spóirt… Dé Domhnaigh, Nollaig 29 2024
Méara ar an méarchlár, cluasa dúnta ar an tseafóid: an scríbhneoireacht i ré an Trumpaigh Dé Sathairn, Eanáir 18
Dúshláin dhifriúla curtha díobh ag na Sáirséalaigh agus na Fianna roimh lá mór na gclubanna Dé Sathairn, Eanáir 18
‘Tá Coláiste Feirste lán go dtí na fraitheacha’ – dhá ghaelcholáiste nua ag teastáil Dé hAoine, Eanáir 17
Príomhoidí faoi bhrú ag tuismitheoirí glacadh le tuairisc ó shíceolaithe mar bhunús do dhíolúine ón nGae... Dé hAoine, Eanáir 17
‘Tá Coláiste Feirste lán go dtí na fraitheacha’ – dhá ghaelcholáiste nua ag teas... Dé hAoine, Eanáir 17
Gealltanais an rialtais nua i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta ‘lag, débhríoc... Déardaoin, Eanáir 16
Tearmann in Éirinn tairgthe 80 bliain ó shin d’fhear a bhí i bhfeighil polasaí n... Déardaoin, Eanáir 16
Scoil Geimhridh Merriman in Inis, Tionól Nioclás Tóibín sa Rinn agus Sorcas Buir... Dé hAoine, Eanáir 17
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Slán leat Robbie Keane! Súil siar ar laethanta an Chathánaigh i ngeansaí na hÉireann…'