‘Gaeltacht na hÉireann’ go mór sa treis sa díospóireacht faoi thodhchaí na Breatnaise

Deir Coimisinéir Teanga na Breataine Bige go bhfuil lucht na teanga thall ‘faoi gheasa’ ag ‘coincheap na Gaeltachta’ agus iad ag súil le foghlaim uaidh

Tá ‘Gaeltacht na hÉireann’ go mór sa treis sa díospóireacht atá ar bun sa Bhreatain Bheag faoi láthair faoina bhfuil i ndán don mBreatnais.

In agallamh le Tuairisc.ie, dúirt Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Meri Huws, go raibh lucht na teanga thall “faoi gheasa” i láthair na huaire ag “coincheap na Gaeltachta in Éirinn” agus iad ag súil le foghlaim uaidh.

Níl a mhacasamhail den Ghaeltacht sa Bhreatain Bheag cé go bhfuil ceantair láidre teanga in iarthuaisceart agus iardheisceart na tíre. Léirigh torthaí an daonáirimh dheireanaigh a foilsíodh i 2013 go raibh meath tagtha ar líon na gcainteoirí Breatnaise sna ceantair láidre seo, cé gur tháinig fás ar líon na gcainteoirí sna cathracha.

Thug Meri Huws le fios gur treisíodh ar an spéis a chuireann lucht polasaí teanga na Breataine Bige sa Ghaeltacht i ndiaidh foilsiú na bhfigiúirí daonáirimh seo.

“Tá athruithe ag teacht ar phatrúin labhairt na Breatnaise, idir athruithe deimeagrafacha agus athruithe tíreolaíochta. Is dóigh liom go bhfuil na rialtais áitiúla agus Rialtas na Breataine Bige níos tuisceanaí anois ar na hathruithe sin, a bhfuil idir mhaith agus olc ag baint leo, agus ar an ngá an teanga a chur chun cinn sa dá áit.

Meri agus Rónán
An Coimisinéir Teanga Ronán Ó Domhnaill agus Coimisinéir Teanga na Breataine Bige. Bhí Meri Huws ar cuairt ar Chonamara inné. Pictiúr: Tuairisc.ie

“Maidir leis na ceantair ina mbíodh an teanga láidir go traidisíunta, táimid ag féachaint go mion anois ar Ghaeltacht na hÉireann agus na struchtúir atá sa Ghaeltacht, go háirithe ó thaobh na fostaíochta agus na fiontraíochta. Tá sé ríshuimiúil dúinn mar a fhéachtar ar an nGaeltacht mar cheantar ar leith agus fiú mar cheantar eacnamaíochta ar leith.”

Dúirt Coimisinéir Teanga na Breataine Bige gur ceist ‘eacnamaíochta’ a bhí i gceist na teanga chomh maith.

“Is cinnte go mbaineann cás na Breatnaise le seachadadh na teanga go dtí an chéad ghlúin eile, le cúrsaí oideachais agus le cur chun cinn na teanga sa saol poiblí, ach tá ceist eacnamaíochta ann chomh maith in go leor do na ceantair seo,” a dúirt Meri Huws.

Bhí Meri Hews ar cuairt inné ar Ghaeltacht Chonamara mar a raibh cruinniú aici leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill. Thug sí cuairt chomh maith ar cheanncheathrú TG4 i mBaile na hAbhann agus ar Oifig Tuairisc.ie i mBearna.

“Aon uair a bhím anseo, a luaithe is a bhainim an Ghaeltacht amach, taibhsítear dom go bhfuilim in áit ar leith agus bím meallta ag an mbraistint sin. Mar níl sé againne sa Bhreatain Bheag agus tá cumhacht ag baint leis,” a dúirt Meri Huws.

Fág freagra ar '‘Gaeltacht na hÉireann’ go mór sa treis sa díospóireacht faoi thodhchaí na Breatnaise'

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Ó thaobh dhul ar gcúl na teangan sna críocha crioslaithe Gaelacha agus a dul chun cinn sna críocha crioslaithe dá sórt uirbeacha, sé is mian liom, ná an teoiric a leanas a chur chun cinn .i. nach mór don dteangain a bheith iar a cailliúna i dtreo is go n-athbheochanófaí í, ná tuigimid luach ruda nó go mbíonn san caillte againn. Rud eile gur fiú machnamh air, na staideanna a leanas: 1. Neamhchóilíniú/Réamhchóilíniú. 2. Cóilíniú. 3. Nuachóilíniú. 4. Iarchóilíniú. 5. ?. An míléamh, dar liom, go bhfuilimid ag staid 4 sa tseicheamh éabhlóidithe sin. Dar ndóigh, is ag staid a 3 atáimid. Maoirseacht an mhargaidh, an sodar i ndiaidh an Weltenschauung Angla-Mheiriceánaigh, an seoiníneachas – sid iad comharthaí sóirt an nuachóilíneachais, agus dála na n-athmháistrí le linn chaismirt na talún fadó, is measa iad ná na seanamháistrí, gan uathu ach a bheith ar a gcuma nó níosa fearr ná iad – sa chiall a bheith níosa sheacht mheasa.