‘GaelNazi a tugadh orm ar Twitter. Cuimhnigh air sin!’ – ní chuireann Bláthnaid Ní Chofaigh aon fhiacail ann i gclár nua de chuid RTÉ

Tá faoi ‘Lig Liom’, clár teilifíse nua Bhláthnaid Uí Chofaigh, éachtaint a thabhairt ar an streachailt a bhaineann le bheith i do chainteoir Gaeilge in Éirinn an lae inniu

‘GaelNazi a tugadh orm ar Twitter. Cuimhnigh air sin!’ – ní chuireann Bláthnaid Ní Chofaigh aon fhiacail ann i gclár nua de chuid RTÉ

Tá clár faisnéise nua Gaeilge a d’fhéadfadh a bheith “róchonspóideach” d’eagraíochtaí teanga le craoladh ar RTÉ One go luath.

Deir láithreoir an chláir nua, Lig Liom, Bláthnaid Ní Chofaigh nach gcuirtear aon fhiacail ann sa chlár agus cás na Gaeilge in Éirinn á phlé.

“Níor fhan cuma ná caoi orm ag tús an chláir agus mé ag caoineadh agus ag rá ‘Tá mé tinn ag iarraidh tusa a mhealladh le go dtaithneodh mo theanga leat. Is ionann mise agus mo theanga agus tá mo theanga i mbaol’,” a deir an láithreoir.

D’fhéadfadh go gcothódh an clár roinnt conspóide, dar le Ní Chofaigh.

“Is éard atá sa chlár faisnéise seo ná éachtaint ar an streachailt chultúrtha agus teanga a bhaineann le cúrsaí féiniúlachta, rud a d’fhéadfadh a bheidh róchonspóideach do roinnt eagraíochtaí Gaeilge,” arsa an láithreoir teilifíse agus raidió aitheanta agus í faoi agallamh ag an RTÉ Guide.

Maítear go dtabharfar léargas sa chlár nua, a chraolfar Déardaoin seo chugainn, ar an cheangal atá ag Bláthnaid féin leis an Ghaeilge agus ar an fhrustrachas a bhaineann leis an tslí a gcaitear leis an teanga agus le cainteoirí Gaeilge in Éirinn.

 

Buailfidh an láithreoir, arb as Gaeltacht Ráth Chairn di, le cainteoirí dúchais, le foghlaimeoirí agus le daoine eile chun spléachadh a fháil ar na tuairimí éagsúla atá ag daoine faoin teanga.

Deirtear gur ‘turas pearsanta’ atá i ‘Lig Liom’ agus deir Ní Chofaigh go bhfuil sí “tinn tuirseach” de bheith ag iarraidh a ceart a fháil mar chainteoir Gaeilge.

“GaelNazi a tugadh orm ar Twitter. Cuimhnigh air sin!”

Deir Ní Chofaigh gurb í an Ghaeilge an fhéiniúlacht atá aici agus nach mbeadh “tada” inti dá huireasa.

“Tá mé tuirseach ag iarraidh Béarlóirí a mhealladh chun na teanga. Tá mé tuirseach ag iarraidh m’ainm a thabhairt do chomhlachtaí árachais ar an bhfón agus ‘in English’ á rá ar ais acu liom,” arsa Bláthnaid Ní Chofaigh.

Deir an láithreoir gur tháinig an cantal céanna uirthi lena fear chéile, Ciarán, nár fhoghlaim an teanga, le linn an chláir agus feicfear ag argóint iad i dtaobh na Gaeilge ar Lig Liom.

– Craolfar Lig Liom ar RTÉ One, Déardaoin 22 Márta ag a 7pm.

Fág freagra ar '‘GaelNazi a tugadh orm ar Twitter. Cuimhnigh air sin!’ – ní chuireann Bláthnaid Ní Chofaigh aon fhiacail ann i gclár nua de chuid RTÉ'

  • léitheoir

    Is cuimhin liom na deacrachtaí a d’áirigh Bláthnaid mar lena maicín féin a mhealladh chun Gaeilge a labhairt. Bhfuil ag éirí léi nó ar ghéill sí dó ach a ndúirt sé léi, ‘it (an Ghaeilge) hurts my mouth’!! Bhain sé sin gáirí asam.

  • Eoghan ONeill

    Is cailleadh ama é ag iarraidh Anglos a mhealladh chun na Gaeilge mar is acusan an Uebersprache ar fud na cruinne faoi láthair agus ina ndearca siúd ní fiú bacaint faoi theangacha eile (an lá i ndiaidh Trumpa teacht i gcumhacht thall sna S.A. bhain siad an leagan Spáinise de shuíomh an Tigh Bháin). Mar aduairt fear amhain i leith RnaG ‘I wouldn’t bother listening to that giberish’. Tá a fhios agam gur pian sa tóin orthu go bhfuil daoine sa tír seo nach Anglos muid. Seo libh amhrán ar an téama.

    D’Aonghuth go léir – NO PASARÁN!
    (Amhrán gaeilge a luíonn ar fhonn a chum Pierre de Geyter sa bhlian 1888 le haghaidh an ‘INTERNATIONALE’)
    Ó shléibhte maorga an Iardheiscirt go coillte móra Chill Mhantáin,
    Ó Roscomáin go Gort a’ Choirce agus soir chuig Cois Abhn’Dall,
    Tá ár bpobal scaipthe fud an Oileáin, níl muid líonmhar mar bhí tráth,
    ach in ár gcroíthe tá an dóchas. Tá casadh taoide, seo ár lá!

    Éirígí-suas a chomráidí, tá Ré an Dúchais ag teacht,
    Is seasfaimid le chéile, tá Ré an Tosta thart;
    Éirígí-suas a chomráidí go taobh na gréine ar Shliabh na mBan,
    Is seasfaimíd le chéile, d’aonghuth go léir – ‘NO PASARÁN!’

    Táid ann a deireann nacha fiú muid, gurb fhearr í chaitheamh i leataobh,
    go sotallach ar chaiplí árda, ba chosúil gur leo an chraobh;
    Ach fán, táid ann nár ghéill ariamh, an dúchas beoga ina gcroí’,
    Seanscéalta ár sinsir ag na páistí, spórt is scléip amuigh ag spraoí!

    Éirígí-suas a chomráidí, tá Ré an Dúchais ag teacht,
    Is seasfaimid le chéile, tá Ré an Tosta thart;
    Éirígí-suas a chomráidí, go taobh na gréine ar Shliabh na mBan,
    Is seasfaimíd le chéile, d’aonghuth go léir -‘ NO PASARÁN!’

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Bhí orm lá a chaitheamh do chóir leighis in ospidéal i dTrá Lí cúpla mí ó shin. Le linn an ama sin, idir chúrsaí páipéarcais agus chúrsaí leighis, bhí seachtar ag plé liom. Éireannaigh ab ea seisear acu siúd agus d’fhiafraigh gach éinne acu díom, “How do you pronounce that?” agus/nó “What’s that in English?” Banlia muslamach ab ea an seachtú duine nach raibh fadhb ar bith aici le m’ainm a fhuaimniú go hiomlán i gceart, gan ceist ar bith.

  • Síle Ní Chathasaigh

    Níl aon leigheas ar aineolas na dhaoine nach bhfuil suim dá laghad acu sa Ghaeilinn ná seo: ná bac leo agus lean ar aghaidh ar do shlí féin! Tá an t-uafás daoine ar fud fad na chruinne le ghrá ollmhór don teanga; agus iad ag méadú mar thoradh ar na meáin chumarsáide. Céiliúraimís iadsan seachas bheith ag cailliúint ama ar an té nach bhfuil spiorad na teanga ina gcroíthe.