Gaeilgeoir agus iareagarthóir le Nuacht TG4 ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar an WDC

Tá Tomás Ó Síocháin, arb as contae an Chláir ó thús dó ach a bhfuil cónaí air i nGaeltacht Chonamara, ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Choimisiún Forbartha an Iarthair

Gaeilgeoir agus iareagarthóir le Nuacht TG4 ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar an WDC

Tá an Gaeilgeoir aitheanta agus iareagarthóir le Nuacht TG4 Tomás Ó Síocháin ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Choimisiún Forbartha an Iarthair, an WDC.

Bhí Ó Síocháin, arb as contae an Chláir ó thús dó ach a bhfuil cónaí air i mBearna i nGaeltacht Chonamara, ag obair go dtí le déanaí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar a raibh sé ina bhainisteoir ag plé leis an bhforbairt réigiúnda.

Sular aistrigh sé go dtí OÉ, Gaillimh, chaith Ó Síocháin 14 blina ina eagarthóir agus iriseoir le TG4 agus RTÉ.

Bunaíodh Coimisiún Forbartha an Iarthair i 1998 chun comhairle a chur ar an rialtas i dtaobh polasaithe d’iarthar na tíre agus tacaíonn an coimisiún le lucht gnó trí Chiste Infheistíochta an Iarthair.

Dúirt Cathaoirleach Bhord Choimisiún an Iarthair Deirdre Garvey inniu go raibh “áthas” uirthi faoi cheapachán Uí Shíocháin, tráth a raibh “deiseanna móra” ann don Choimisiún i bhfianaise

An Chreata Náisiúnta Pleanála.

Dúirt Tomás Ó Síocháin: “Maidir leis an gcothromaíocht oibre is saoil, deiseanna agus áilleacht na háite, is beag áit eile ar domhan atá inchurtha le hiarthar na hÉireann. Pribhléid mhór domsa é a bheith mar cheannaire ar a leithéid d’eagraíocht a bhfuil an oiread sin déanta aici chun tacú leis an bhforbairt sa réigiún seo.

“Tá deis mhór anois ann tógáil ar an obair atá déanta ag Coimisiún Forbartha an Iarthair agus ag daoine eile agus ar chur chuige comhoibríoch agus comhtháite a thacóidh leis an bhforbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha, ní hamháin ar mhaithe leis  na daoine atá ina gcónaí agus ag obair anseo cheana ach ar mhaithe le cabhrú leo siúd a bhfuil cinneadh á dhéanamh acu, na daoine a chaithfidh ‘súil siar’ agus a roghnóidh cineál saoil níos fearr amach anseo,” a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach nua Choimisiún Forbartha an Iarthair.

Fág freagra ar 'Gaeilgeoir agus iareagarthóir le Nuacht TG4 ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar an WDC'