Gaeilge ag 11% d’iarrthóirí Olltoghchán 2024 – cé hiad féin?

De réir suirbhé atá déanta ag Tuairisc.ie, is ag Sinn Féin agus Fianna Fáil atá an líon is mó iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu

Gaeilge ag 11% d’iarrthóirí Olltoghchán 2024 – cé hiad féin?

Gaeilgeoirí iad ar a laghad 11% den 522 iarrthóir páirtí atá ag seasamh sa 43 dáilcheantar in olltoghchán na seachtaine seo

De réir suirbhé atá déanta ag Tuairisc.ie, is ag Sinn Féin atá an céatadán is mó iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu.

Is é an sainmhíniú atá againn ar líofacht sa chás seo ná dóthain Gaeilge chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

Tá Gaeilge ag 18 den 71 iarrthóir atá ag seasamh do Shinn Féin, nó 25%.

Tá an líon céanna iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu ag Fianna Fáil – 18 den 81 iarrthóir atá acu, nó 22%.

Sa tríú háit, tá Pobal seachas Brabús agus Gaeilge ag seisear dá 42 iarrthóir, nó 14%.

Níl Gaeilge ach ag cúigear den 81 iarrthóir atá ag an tríú mórpháirtí, Fine Gael, rud a fhágann nach bhfuil Gaeilge ach ag 6% dá n-iomaitheoirí.

Tá Gaeilge ag cúigear den 43 iarrthóir atá ag seasamh don Chomhaontas Glas, nó 12%. Triúr den 43 iarrthóir atá ag Aontú a bhfuil Gaeilge acu, nó 7%.

Tá Gaeilge ag beirt den 32 iarrthóir a bheidh san iomaíocht do Pháirtí an Lucht Oibre Dé hAoine, nó 6%.

Duine amháin den 26 duine atá ag seasamh do na Daonlathaithe Sóisialta a bhfuil Gaeilge aige.

Cainteoir Gaeilge amháin as 28 iarrthóir atá ag Independent Ireland. Tá cainteoir Gaeilge amháin i measc 16 iarrthóir an Irish Freedom Party.

Tá Gaeilge ag 60 iarrthóir páirtí ach tá Gaeilge líofa freisin ag cuid den 164 iarrthóir neamhspleách, cuid acu nár éirigh linn a dheimhniú cé acu an raibh nó nach raibh Gaeilge acu mar chuid den suirbhé seo.

Tá Gaeilge, mar shampla, ag Catherine Connolly atá ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách i nGaillimh Thiar, Carol Nolan in Uíbh Fhailí, Barry Heneghan atá san iomaíocht i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, Marie Casserly atá i Sligeach-Liatroim, Seanán Ó Coistín i mBaile Átha Cliath Thiar Meán agus Patrick Feeney a atá ag seasamh i nGaillimh Thiar.

11% d’iarrthóirí páirtí a bhí ina nGaeilgeoirí in Olltoghchán 2020 chomh maith. Bhí Gaeilge ag 35 den 160 Teachta Dála a toghadh san olltoghchán sin, 21.9% nó beagán os cionn duine as gach cúigear Teachtaí Dála.

Níl naonúr den 35 Gaeilgeoir a toghadh san olltoghchán deireanach ag seasamh i dtoghchán na bliana seo.

Céatadán agus líon na n-iarrthóirí le Gaeilge…

Sinn Féin – 25% (18)

Fianna Fáil – 20% (18)

Pobal seachas Brabús – 14% (6)

An Comhaontas Glas – 12% (5)

Aontú – 7% (3)

Fine Gael – 6% (5)

Páirtí an Lucht Oibre – 6% (2)

Irish Freedom Party – 6% (1)

Na Daonlathaithe Sóisialta – 4% (1)

Independent Ireland – 4% (1)

Fág freagra ar 'Gaeilge ag 11% d’iarrthóirí Olltoghchán 2024 – cé hiad féin?'