Tá grúpaí feachtais bunaithe anois ag cainteoirí Gaeilge ar an dá thaobh maidir leis an reifreann ar an Ochtú Leasú ar an mBunreacht a aisghairm – Gaeil ar Son Rogha agus Gaeil don Bheatha.
Fógraíodh inné go raibh an grúpa ‘Gaeil ar son Rogha’ bunaithe chun dul i mbun feachtasaíochta ar son aisghairm an Ochtú Leasú. Deir Gaeil ar son Rogha go bhfuil siad ar son “rogha iomlán do mhná in Éirinn i dtaobh cearta ginmhillte de” agus deir siad gur bunaíodh an grúpa nua chun “a chinntiú go mbeidh díospóireacht as Gaolainn ar an reifreann agus a chinntiú go mbeidh an Ghaolainn sofheicthe”.
Tá an grúpa Gaeil don Bheatha ag cur i gcoinne aisghairm an Ochtú Leasú agus deir an grúpa seo gur “eagras Gaelach” iad a bunaíodh “le beatha agus cearta an linbh gan bhreith a chosaint in Éirinn”.
Deir Gaeil don Bheatha go gcreideann siad “gurb é an ceart chun na beatha an ceart is bunúsaí dá bhfuil ann” agus gur bunaíodh an grúpa chun “go mbeadh guth ag na Gaeil sa díospóireacht atá ar bun faoi láthair faoi chearta daonna an linbh sa bhroinn”.
Cuireadh Airteagal 40.3.3, nó an tOchtú Leasú mar a thugtar go coitianta air, leis an mBunreacht i ndiaidh reifrinn i 1983 agus tugann an leasú sin an chosaint chéanna, a oiread agus is féidir, do cheart chun na beatha an linbh sa bhroinn agus na máthar.
Má éiríonn leis an reifreann ag deireadh na Bealtaine déanfaidh an tAire Sláinte bille a dhréachtú a cheadódh ginmhilleadh sa chéad 12 seachtain den toircheas.
Joe
Ainmneacha ag éinne atá bainteach leis na grúpaí seo?
Peadar Ó Caomhánaigh
Táimse mar bhall bródúil de “Gaeil ar son Rogha”.
Éamonn Ó Dónaill
Rud beag aisteach nàr luadh ainmneacha ar bith san alt!
d macconville
Táim ag lorg duine ar bith a bhfuil i fabhar ginmhilleadh agus a bhfuil sásta sin a plé ag crinniú oscailte. Beidh mé ag seoladh mo leabhar “Scéala Greannmhar faoi na Ginmhillteoirí” ar ball, agus más feidir, bhíodh sé go deas díospóireacht a dhéanamh faoi.
Chuir mé ceist ag Gael ar son an Rogha, agus ní raibh siad le fáil! An bhfuil aithne agat ag éinne cróga go leor go seasamh os mo comhair agus an ginmhilleadh a cosaint?
Tá seoladh ag an 28ú Deireadh Fomhar i gCluanín, Co Liatroma, ach beidh mé ag taisteal timpeall na tíre agus beidh mé sásta díospoireacht a dhéanamh áít ar bith, am ar bith.