Chomh cinnte is atá an Cháisc ar an Domhnach, tá peileadóirí Naomh Conaill ar ais i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Dhún na nGall tráthnóna agus iad ag tabhairt aghaidh ar Ghaoth Dobhair i bPáirc Mhic Cumhaill.
Is í seo an seachtú bliain as a chéile ag fir na nGleanntach an cluiche ceannais a bhaint amach agus is iad rogha láidir na coitiantachta chun Corn an Dochtúra Mhig Uidhir a thabhairt leo. Ní thabharfaidh Gaoth Dobhair tada éasca dóibh tráthnóna, áfach, agus cumann Mhachaire Gathlán sa tóir ar bhua a d’fhágfadh chun tosaigh iad ar chuile dhream eile sa chontae ó thaobh líon na gcraobhacha a bheadh buaite acu.
Gaisce ar leith a bheadh ann do bhainisteoir Ghaoth Dobhair Rónán Mac Niallais an chraobh a bhuachan ina chéad bhliain i gceannas ar an bhfoireann shinsir. Cé go raibh Gaoth Dobhair fós aitheanta ar cheann de na foirne ba láidre sa chontae ag tús na bliana, measadh go raibh siad giota chun deiridh ar Naomh Conaill agus Naomh Adhamhnáin, an dá dhream a bhain an cluiche ceannais amach le dhá bhliain anuas.
Bhí obair mhór ag teastáil chun Gaoth Dobhair a thabhairt go barr an tsléibhe arís ach faoi stiúir Mhic Niallais agus le cabhair grúpa imreoirí óga, a bhuaigh Craobh Faoi 21 Dhún na nGall na bliana seo caite, tá an fhoireann ar ais sa chluiche ceannais agus 60 nóiméad ón séú chraobh déag a bhuachan don chumann.
Ina gcoinne inniu tá an fhoireann is láidre sa chontae le blianta fada. D’fhéadfadh níos mó a bheith buaite ag Naomh Conaill le linn na ré órga sin agus cúig cinn de chluichí ceannais caillte acu ó 2005, chomh maith leis na sé cinn a bhuadar ach fágann an cumas atá acu an cluiche mór a bhaint amach arís agus arís eile nach bhfuil aon amhras ann gurb iad ceann de na foirne is fearr i stair na craoibhe i nDún na nGall.
Agus Rónán Mac Niallais i gceannas dá chéad chluiche ceannais, beidh sé ag tabhairt aghaidh, b’fhéidir, ar an mbainisteoir is stuama sa chontae, Martin Regan. Bhí Regan, a ceapadh ag deireadh 2014, i gceannas den chuid is fearr den tréimhse iontach seo ag Naomh Conaill agus i gceannas do cheithre cinn de na craobhacha contae a bhuadar – 2015, 2019, 2020 agus 2022.
Tá cuid mhaith d’imreoirí Naomh Conaill ar an mbóthar chomh fada céanna nó níos faide agus taithí dhochreidte acu sa bhfoireann. Tá cúigear – Marty Boyle, Stephen McGrath, Anthony Thompson, Leo McCloone agus Eoin Wade – a bhfuil breis agus 100 cluiche craoibhe an duine imeartha acu.
Níl aon argóint ach gurb iad Naomh Conaill an fhoireann ba láidre sa chontae go dtí seo i mbliana. Bhuadar ar an dá bhoc mhóra eile – Cill Charthaigh a chloígh said sna babhtaí ceathrú ceannais agus Naomh Adhamhnáin sna babhtaí leathcheannais.
Bhí leithéidí Jeaic Mac Ceallabhuí, Anthony Thompson agus Ciarán Thompson ar fheabhas sa bhua sin ar Naomh Adhamhnáin coicís ó shin agus beidh tionchar mór acu ar chluiche an lae inniu chomh maith. D’fhéadfadh an cath i lár na páirce idir Ciarán Thompson agus Odhrán Mac Niallais, beirt de na peileadóirí is cumasaí sa chontae, a bheith cinniúnach.
Más le Gaoth Dobhair an cluiche seo a bhuachan, caithfidh cluiche maith a bheith ag Ethan Harkin freisin, fear a d’aimsigh 1-5 sa chluiche leathcheannais in aghaidh Sheáin Mhic Cumhaill agus atá ar dhuine de na himreoirí is fearr acu i mbliana.
Lá mór atá ann do na hógánaigh ar fhoireann Ghaoth Dobhair a bheidh ag imirt ina gcéad chluiche ceannais ach is mór an chabhair mar sin go bhfuil Neil agus Eamonn McGee acu ar dhá thaobh na páirce chun a gcuid taithí a roinnt.
Ba mhór an spreagadh a bheadh ann freisin dá mbeadh Cian Mulligan, a bhí ag taisteal, tagtha ar ais don chluiche ceannais agus dá mbeadh Micheál Carroll ar fáil arís mar beidh gach a bhfuil iontu ag teastáil ó Ghaoth Dobhair chun an ceann seo a bhuachan.
Fág freagra ar 'Gach a bhfuil iontu ag teastáil ó Ghaoth Dobhair chun Naomh Conaill a chloí i'