Ba chóir cur le líon na leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu atá ag freastal ar Ghaelscoileanna Gaelcholáistí, a deirtear i dtuarascáil nua atá foilsithe ag an Roinn Oideachais.
Deirtear sa tuarascáil nua gur chóir go mbeadh teacht níos éasca ag daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ar áiteanna i scoileanna lán-Ghaeilge ar mhaithe leis an “oideachas ionchuimsitheach” a chur chun cinn “ar fud an chórais”.
D’eascair an tuarascáil as athbhreithniú a rinneadh ar an reachtaíocht a tugadh isteach in 2004 chun cuidiú le daoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Ceann de phríomh-mholtaí an athbhreithnithe ná “tógáil ar na céimeanna atá á nglacadh i dtaca leis an nGaeilge i gcomhthéacs leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, ionas gur féidir tacaíocht a thabhairt dóibh trí mheán na Gaeilge”.
Deirtear chomh maith sa tuarascáil gur chóir oiliúint agus “forbairt chuimsitheach ghairmiúil” san oideachas Gaeilge a chur ar fáil do mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanais Speisialta Oideachais agus gur chóir sin a chur ar fáil “go luath” ina ngairmeacha.
Deirtear gur chóir soláthar níos fearr san oideachas Gaeilge a dhéanamh do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Ba chóir freisin, a deirtear, tacaíocht a chur ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ar bhealach nach mbaineann de na deiseanna a bhíonn acu an Ghaeilge a fhoghlaim.
Moltar cur leis an gcabhair agus na hacmhainní ar leith a chuirtear ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge le tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Deirtear “nuair is féidir” gur chóir leaganacha sainiúla Gaeilge a chruthú d’ábhair thástála dhiagnóiseacha seachas a bheith ag brath ar leaganacha Béarla.
D’fhágfadh san go bhféadfaí measúnú níos cruinne a dhéanamh ar riachtanais daltaí, a deirtear.
Mar chuid den taighde reáchtáladh fócasghrúpaí i scoileanna agus dúirt na scoláirí i ngach scoil a ghlac páirt go raibh soláthar ann chun tacú leis an mBéarla ina scoileanna. Scoláirí i scoil amháin a bhí den tuairim go raibh a leithéid de thacaíocht acu don Ghaeilge. Dúirt formhór na ndaltaí go raibh tacaíocht bhreise á fáil acu do litearthacht an Bhéarla ach ní raibh a leithéid de thacaíocht bhreise á fáil don Ghaeilge ag oiread is dalta amháin .
Dúirt roinnt scoláirí go raibh an téarmeolaíocht Ghaeilge deacair i roinnt ábhar.
Mar sin féin, dúirt beagnach na scoláirí go léir i ngach scoil gur thaitin an fhoghlaim trí Ghaeilge leo. Dúirt daltaí i scoil amháin gur chuidigh an fhoghlaim trí Gaeilge leo teangacha eile a fhoghlaim.
D’fhreastail 45 dalta, as cúig scoil lán-Ghaeilge, ar na fócasghrúpaí.
Fág freagra ar 'Gá le níos mó áiteanna i scoileanna lán-Ghaeilge do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu – tuarascáil'