Gá le ‘ionchur níos mó’ ón Údarás maidir le húsáid na Gaeilge i measc a gcomhlachtaí – Bord ÚnaG

Thug Bord Údarás na Gaeltachta suntas dá mhinice a luaitear i ndréachtphleananna teanga Gaeltachta ceist úsáid na Gaeilge i measc chomhlachtaí an Údaráis

Gá le ‘ionchur níos mó’ ón Údarás maidir le húsáid na Gaeilge i measc a gcomhlachtaí – Bord ÚnaG

Ba chóir go mbeadh “ionchur níos mó” ag Údarás na Gaeltachta maidir lena chinntiú go mbeadh níos mó Gaeilge in úsáid ag cliantchomhlachtaí dá chuid, dar le bord na heagraíochta fiontraíochta.

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta anuraidh, tugadh suntas dá mhinice a luaitear i ndréachtphleananna teanga Gaeltachta ceist úsáid na Gaeilge i i measc chomhlachtaí an Údaráis.

I bhfianaise na dtagairtí do cheist seo na Gaeilge ag lucht pleanála teanga na Gaeltachta, dúradh ag cruinniú de chuid Bhord an Údaráis i mí Aibreáin go raibh sé “tábhachtach” go dtuigfeadh comhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón eagraíocht gur “próiseas comhoibríoch” atá ann agus “go dtuigfeadh siad an tábhacht leis an nGaeilge agus iad lonnaithe sa Ghaeltacht”.

Dúradh gur chóir “ionchur níos mó” a bheith ag Údarás na Gaeltachta maidir le húsáid na Gaeilge i measc a gcliantchomhlachtaí “sula mbeadh cinnithe tábhachtacha tógtha ag na cliaint ó thaobh na brandála, ainm an chomhlachta srl”.

Tugadh le fios go raibh “scéim phíolótach” á plé a bheadh “dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn sa láthair oibre”, ach dúradh go raibh an buiséad forbartha pobail aontaithe don bhliain agus go raibh sé ina imní dá bharr nach mbeadh maoiniú ann don scéim.

Dúradh go raibh sé tábhachtach go mbeadh maoiniú agus acmhainní foirne ann a cheadódh don Údarás “leanúint ar aghaidh lena straitéis i leith na Gaeilge a chur chun cinn sna cliantchomhlachtaí” agus tacú leis na heagraíochtaí pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo go seolfar an samhradh seo branda nua atá forbartha ag an Údarás do chomhlachtaí, do thograí agus do tháirgí Gaeltachta. 

‘Gaeltacht na hÉireann’ atá scríofa ar an mbranda nua a bhfuil sé i gceist aige íomhá shuaithinseach den Ghaeltacht a chur chun cinn mar áit ar leith ó thaobh na teanga, an chultúir, na hoidhreachta, na turasóireachta agus an ghnó.

Léiríonn miontuairiscí ó chruinnithe Údarás na Gaeltachta, atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, go raibh an phleanáil teanga i measc na n-ábhar is mó a phléigh comhaltaí an Bhoird le bliain anuas.

Ní léir, áfach, an ndearna Bord an Údaráis aon phlé ceart ar cheann eile de mhórscéalta teanga na bliana seo caite – torthaí Dhaonáireamh 2016 a léirigh gur tháinig laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht idir 2011-2016. 

De réir mhiontuairiscí chruinniú an 7 Aibreáin 2017 pléadh torthaí an daonáirimh, ar foilsíodh iad an lá roimhe sin. Dúradh nach raibh deis na torthaí a scrúdú ‘mar is ceart’ ach go ndéanfaí ‘plé cuimsitheach’ fúthu ag an gcéad chruinniú straitéise eile den Bhord a bheadh ar siúl i dTuar Mhic Éadaigh ar an 2 Meitheamh. De réir miontuairiscí an chruinnithe sin, níor luadh torthaí an daonáirimh beag ná mór.

Fág freagra ar 'Gá le ‘ionchur níos mó’ ón Údarás maidir le húsáid na Gaeilge i measc a gcomhlachtaí – Bord ÚnaG'