‘Frustrachas’ i ndán do ghrúpaí teanga ar fud na tíre de bharr srianta buiséid – ceannasaí Fhoras na Gaeilge

Deir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Sean Ó Coinn go mbeidh ar lucht na heagraíochta teanga trasteorann breathnú ‘go grinn géar’ ar a mbuiséad sna blianta beaga romhainn

‘Frustrachas’ i ndán do ghrúpaí teanga ar fud na tíre de bharr srianta buiséid – ceannasaí Fhoras na Gaeilge

Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn

Tá rabhadh tugtha ag Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Sean Ó Coinn go mbeidh ar lucht na heagraíochta teanga trasteorann breathnú “go grinn géar” ar a gcuid caiteachais agus ar an maoiniú a dháileann siad ar ghrúpaí teanga.

Bhí Príomhfheidhmeannach an Fhorais ag trácht ar Bhuiséad 2019 agus ar na deacrachtaí maoinithe atá ag an eagraíocht de bharr na sáinne polaitiúla ó thuaidh.

“Beidh ar Fhoras na Gaeilge breathnú go grinn géar ar na patrúin chaiteachais atá againn. Fágfaidh sin go mbeidh athbhreithniú cúramach le déanamh ar an chaiteachas sin, agus go mb’fhéidir go mbeidh orainn athruithe a dhéanamh le linn 2019 agus 2020 féachaint le teacht ar bhealaí le leas níos fearr a bhaint as an maoiniú atá againn,” a dúirt Ó Coinn inné.

Dúirt sé go n-aithnítear “go forleathan go mbeidh deacrachtaí cur le buiséad Fhoras na Gaeilge féin nuair nach bhfuil bealach ann chun sin a aontú ar bhonn thuaidh theas” agus go mbeidh “frustrachas ar ghrúpaí atá ag brath ar Fhoras na Gaeilge dá maoiniú, nach féidir cur leis na hacmhainní atá ar fáil acu”.

Fógraíodh inné go mbeidh €13.323m le cur ar fáil don Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – in 2019, laghdú ar an €14.028 milliún a cuireadh ar fáil don Fhoras Teanga i mBuiséad 2018.

Dúirt Ó Coinn le Tuairisc.ie gur “maoiniú aon uaire” é le haghaidh Bhliain na Gaeilge a bhí i gceist le cuid de mhaoiniú na bliana anuraidh agus “nach méadú ar bhuiséad bonnlíne Fhoras na Gaeilge” a bhí ann.

“Beidh ar Fhoras na Gaeilge an leas is fearr is féidir a bhaint as an maoiniú atá againn atá bunaithe i gcónaí ar bhonnlíne buiséid 2016,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur scéal dearfach é go mbeifear ag cur leis na hacmhainní atá ar fáil don Ghaeilge, go háirithe le haghaidh cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go n-aithníonn sé gurb iad “na ceantair Ghaeltachta an tosaíocht atá ag an Rialtas ó dheas faoi láthair, agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an teanga ansin sna blianta beaga amach romhainn”.

Pléadh tionchar an fholúis pholaitiúil ó thuaidh ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo caite.

Moladh go dtabharfaí an chumhacht d’Údarás na Gaeltachta maoiniú a dhéanamh ar eagraíochtaí teanga lasmuigh den Ghaeltacht chun nach mbeadh siad thíos leis an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh.

Cuireadh moladh eile chun cinn go gcuirfí scéim maoinithe ar bun i Roinn na Gaeltachta ionas nach mbeadh tionchar ag cúrsaí polaitíochta an tuaiscirt ar obair na n-eagraíochtaí teanga ó dheas.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné go ndéanfadh sé a mhachnamh ar na moltaí sin, ach tá sé ráite cheana aige go mbeadh amhras air aon rud a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar an chaidreamh trasteorann.

Fág freagra ar '‘Frustrachas’ i ndán do ghrúpaí teanga ar fud na tíre de bharr srianta buiséid – ceannasaí Fhoras na Gaeilge'