Tá Tithe an Oireachtais thar n-ais i mbun oibre le cúpla seachtain agus iontas na n-iontas, tá aird na meán agus an phobail dírithe cuid mhaith ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys. Dar ndóigh, níl baint dá laghad ag cúrsaí Gaeilge le míchlú seo an Aire agus suntasach go leor, bhí ‘the hapless Minister for the Arts’ á bhaisteadh uirthi go rialta le coicís sna meáin Bhéarla, cuid na Gaeltachta díbeartha níos sia siar ná an Blascaod féin acu. Brú spáis in aois seo na giolcaireachta fé ndear sin, is dócha.
Smid níor chualathas le cúpla seachtain mar gheall ar a comhghleacaí Conallach, Joe McHugh, cé go raibh míorúilt theangeolaíoch á tuar ag an Taoiseach féin i mí Iúil nuair a bhí Aire Stáit nuacheaptha na Gaeltachta ag tabhairt faoi Ghleann Cholm Cille. Dar le Enda Kenny, bheadh McHugh líofa ‘tar éis tamaill bhig’ toisc go raibh an Ghaeilge istigh ann cheana, mar a bheadh einsím dhraíochtúil ina chuid fola. Mar a scríobhas ar eagrán Mheán Fómhair den iris Comhar, tugtar ‘the genetic fallacy’ nó ‘the biological fallacy’ air seo sa tsochtheangeolaíocht: an tuiscint sin go maireann teanga oidhreachta atá imithe i léig (nó ag imeacht i léig) go fóill in aigne oidhrí na ndaoine a bhíodh á labhairt fadó.
Cosúil le mórán miotas teangeolaíoch, níl aon bhonn oibiachtúil fírinne leis ach baineann cumhacht thar na bearta leis. D’aontaigh tráchtairí eile leis an Taoiseach: ba leor cúpla seachtain ar chúrsa Gaeltachta agus bheadh Aire Stáit na Gaeltachta chomh Gaelach le muintir na Gaeltachta féin. Tráthúil go leor agus seachtain caite aige sa Ghleann, scríobh an tAire Stáit ar a bhlag pearsanta gur bhraith sé go raibh sé “ag smaoineamh i nGaeilge i bhfad níos minice”.
Gach seachtain ó shin i leith, tá seanfhocail agus leideanna eile d’fhoghlaimeoirí á bhfoilsiú ag Joe McHugh ar an mblag mar léiriú ar a ‘aistear foghlama’ ar thóir na Gaeilge. Coicís ó shin, foilsíodh preasráiteas inar dhein an tAire Stáit cur síos breise ar an aidhm a bhí aige: “Is é atá ar intinn agam ná gur féidir le duine ar bith a bhfuil suim acu inár dteanga náisiúnta tabhairt faoin turas foghlama seo in éineacht liom, agus tá súil agam go mbeidh siad spreagtha chun dul i ngleic leis an teanga.” Mhol sé na ciorcail chomhrá Ghaeilge ar fud na tíre agus mar a bheadh seoid as aiste Ardteiste ann, dúirt sé gur ‘fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste’.
Tá an téarma nua Dála fé lánseol anois agus ní heol dom gur tharla aon mhíorúilt theangeolaíoch fós. Chuala cúpla agallamh leis an Aire Stáit ar Raidió na Gaeltachta agus bhí sé briotach go maith. Tuigim gur deineadh eagarthóireacht ar na hagallaimh chéanna chun go mbeidís níos sothuigthe agus ní déarfainn go gcloisfear agallamh beo leis ar Adhmhaidin idir seo agus an t-olltoghchán. Níor cheart go mbeadh iontas ar éinne mar gheall air seo, dar ndóigh. Tá iarracht déanta ag an Aire Stáit agus is fearr a chuid Gaeilge anois ná mar a bhí sí ach ní fhéadfadh sé a bheith líofa fós. Léirigh an chaint ar fad i gcaitheamh an tsamhraidh a aineolaí is atá muintir na hÉireann mar gheall ar fhoghlaim teangacha: bíonn dua mór agus ualach ama i gceist chun líofacht a bhaint amach, fiú más í an Ghaeilge (teanga ár gcroí agus ár n-anama srl.) atá i gceist.
D’fhéadfaí a rá, dar ndóigh, gur cheart an tAire Stáit a mholadh go cranna na gréine as an iarracht phoiblí seo a dhéanamh ‘ar son na cúise’. Nach bhfuil seans ann go spreagfaidh sé a thuilleadh de ghnáthmhuintir na tíre ar ‘aistear foghlama’? B’fhéidir é: b’éigean dom féin an Ghaeilge a fhoghlaim agus níl aon drochmheas agam ar dhaoine eile a dhéanann iarracht an rud céanna a dhéanamh. Tá na ciorcail chomhrá tábhachtach do chuid áirithe den bpobal: na daoine sin nach mian leo ach ‘an cúpla focal’ a fhoghlaim nó cumas teoranta cumarsáideach a bhaint chun an Ghaeilge a úsáid ina measc féin.
Ach ní hionann beartas teanga an stáit i leith na Gaeilge agus eagrán de Bród Club nó An G Team. Tá níos mó i gceist leis an nGaeilge ná caitheamh aimsire agus mar chuid den mbeartas teanga riamh anall bhí an tuiscint gurb ann do phobal arb í an Ghaeilge a ngnáthurlabhra, bídís sa Ghaeltacht nó lasmuigh di. Ní orthusan atá Joe McHugh ná Heather Humphreys ag freastal agus sin í an mháchail mhór atá ar shocrú reatha na nAirí rialtais. Féadfaidh an tAire Stáit leanúint air ag gabháil de na seanfhocail go deo ach más mian leis oiread na fríde de mheas phobal na Gaeilge a thuilleamh dó féin, b’fhearr go léireodh sé tuiscint éigin orthu agus ar na mianta atá acu.
– Ceann Gníomhach Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea an Dr. John Walsh. Is féidir é a leanúint ar Twitter @nuachainteoir
Fág freagra ar 'Fós ag feitheamh ar an míorúilt theangeolaíoch'