Fós ag fanacht ar ‘iontas mhí Dheireadh Fómhair’ i Meiriceá

De ghnáth glactar leis go gcloítear páirtí an Uachtaráin sna toghcháin lár téarma, ach níl sé chomh soiléir gurb in a tharlóidh i mbliana agus a bhíonn de ghnáth

Fós ag fanacht ar ‘iontas mhí Dheireadh Fómhair’ i Meiriceá

Iontaisí mhí Dheireadh Fómhair a thugtar orthu i dtráchtaireacht pholaitiúil sna Stát Aontaithe. Eachtraí nó conspóidí a tharlaíonn le linn na míosa roimh thoghcháin, bíodh sin ina thoghchán uachtaránachta nós ina dtoghcháin lár téarma.

In 2016 d’fhógair James Comey sna laethanta deiridh roimh an toghchán uachtaránachta go raibh an FBI le fiosrúchán nua a dhéanamh faoi ríomhphoist Hillary Clinton, iarrthóir na nDaonlathach. An mhí chéanna in 2016 foilsíodh fístéip den fhear a thoghfaí mar Uachtarán ag maíomh as a bheith in ann mná a ionsaí go mígheanasach de thoradh a chlú.

Chuir an dá eachtra sin an feachtas trína chéile agus ní bheifear cinnte go deo cén tionchar dáiríre a bhí acu ar thoradh an toghcháin.

Tá lucht straitéise agus comhairleoireachta ag réiteach anois d’iontaisí na bliana seo. Glactar leis gur reifreann ar an Uachtarán reatha a bhíonn i dtoghcháin lár téarma. Níl aon iontas ansin go háirithe agus tacaíocht an Uachtaráin chomh híseal sin go leanúnach sna pobalbhreitheanna. Ní díol iontais go bhfuil imní ar phobal na Stát Aontaithe faoin eacnamaíocht, faoin gcostas maireachtála agus faoi bhoilsciú. Is amhlaidh do phobal gach tír ar domhan i mbliana. Tugann sé chun cuimhne an nath a bhaineann le chuile thoghchán ón 1992, nath a chum James Carville a bhí ag obair ar fheachtas Bill Clinton – ‘the economy, stupid’.

Tá súil ag na Daonlathaigh tairbhe a bhaint ag na bothanna vótála as cinneadh na Cúirte Uachtaraí an breithiúnas i Roe v Wade a chur ar neamhní. Tá sraith scéalta a bhaineann le ginmhilleadh foilsithe sna meáin agus alltacht curtha acu ar dhaoine. Baineann an ceann is déanaí le hiarrthóir don Seanad i stát Georgia atá fíochmhar in aghaidh an ghinmhillte ach a bhfuil sé curtha ina leith le cúpla lá gur chuir sé brú ar pháirtí leis ginmhilleadh a bheith aici agus gur íoc sé as. Séanann Herschel Walker go bhfuil fírinne ar bith sa scéal agus léiríonn na pobalbhreitheanna gur beag tionchar atá ag an gconspóid ar mheon an phobail in Georgia.

Bhí tráchtairí den tuairim go mb’fhéidir go mbeadh tionchar ag an gconspóid leanúnach faoi thoradh an toghcháin uachtaránachta in 2020 ar mheon an phobail agus ar sheasamh na bpáirtithe. A mhalairt atá tarlaithe – is amhlaidh go bhfuil ag éirí níos fearr leis na hiarrthóirí a bhfuil Donald Trump ag tacú leo in go leor áiteanna, ar nós Nevada agus Arizona. Shíl tráchtairí freisin go mbeadh cearta vótála agus na hiarrachtaí na cúinsí a dhéanamh níos casta ag déanamh imní do dhaoine. Léiríonn na figiúirí ar fad go dtí seo gur beag aird atá ag an bpobal ar an ábhar.

Cén t-athrú a d’fhéadfadh scéal iontach a chur ar chúrsaí sna trí seachtainí go leith idir seo agus lá na dtoghchán, mar sin? Athrú a chiallódh go mbeadh suíochán breise Seanaid ag páirtí amháin nó ag páirtí eile agus athrú ó bhun ar chóimheá na cumhachta?

De ghnáth glactar leis go gcloítear páirtí an Uachtaráin sna toghcháin lár téarma, ach níl sé chomh soiléir gurb in a tharlóidh i mbliana agus a bhíonn de ghnáth – b’fhéidir nach bhfuil d’iontas i ndán dúinn ach sin.

Fág freagra ar 'Fós ag fanacht ar ‘iontas mhí Dheireadh Fómhair’ i Meiriceá'