Forógra na Poblachta díolta ar €345,000 i Sotheby’s Londan

Ní rabhthas ag súil ach le €167,000 ar an bhForógra nuair a fógraíodh go mbeadh sé ar ceant an tseachtain seo caite

1916 Forógra

Díoladh an bhunchóip d’Fhorógra na Poblachta a cuireadh ar ceant i Sotheby’s i Londain inné ar €345,000. Duine anaithnid a chuir a thairiscint isteach ar an nguthán a cheannaigh an cháipéis stairiúil, dar le Sotheby’s. Nuair a cuireadh costas an díoltóra san áireamh, d’íoc an ceannaitheoir €412,000.

Ní rabhthas ag súil ach le €167,000 ar an bhForógra nuair a fógraíodh go mbeadh sé ar ceant an tseachtain seo caite. Meastar gurbh é an méid ba mhó a íocadh ar bhunchóip den Fhorógra go dtí seo ná €390,000, nuair a dhíol na ceantálaithe Adam’s i mBaile Átha Cliath í sa bhliain 2004.

Ní raibh an chóip a díoladh inné i Londain ar díol roimhe seo agus tháinig sé le hoidhre chuig an díoltóir anaithnid. Meastar nach maireann ach 50 bunchóip den 1,000 acu a cuireadh i gcló i Halla na Saoirse Domhnach Cásca 1916.

San áireamh leis an bhForógra sa luchtóg a chuaigh ar ceant inné, tá prionta greanta dar teideal ‘After the Bombardment. The Holocaust of Ireland’s Great Thoroughfare. Friday Morning, 28th April 1916’. Tá an prionta bunaithe ar phictiúr a phéinteáil Archibald McGoogan sa bhliain 1916.

Fág freagra ar 'Forógra na Poblachta díolta ar €345,000 i Sotheby’s Londan'