Fonn ar bith ar an Rúis éirí as an ionradh, cúnamh de dhíth ar an Úcráin

In ainneoin go raibh an chuma ar chúrsaí go raibh na Rúisigh céim ar gcúl ar an talamh bhí na hacmhainní eacnamaíochta acu chun leanúint leis an ionradh

Fonn ar bith ar an Rúis éirí as an ionradh, cúnamh de dhíth ar an Úcráin

Faoi dheireadh 2022 bhí an buntáiste ag na hÚcránaigh tar éis dóibh na Rúisigh a dhíbirt ó Chúige Kharkiv agus ó bhruach thiar abhainn an Dnipro i gCúige Kherson. Mar gheall ar an mbuntáiste sin dúirt Ceann Foirne na Stát Aontaithe leo gur cheap seisean gurbh é sin an t-am le dul i mbun cainteanna.

In ainneoin go raibh an chuma ar chúrsaí go raibh na Rúisigh céim ar gcúl ar an talamh bhí na hacmhainní eacnamaíochta acu chun leanúint leis an ionradh. Ba léir ag tús 2023 go raibh feachtas ionsaithe nua ar na bacáin chun dul céim chun tosaigh agus an Donbas ina iomláine a ghabháil.

Faoi dheireadh mhí Eanáir sheol siad ionsaithe fud fad na líne coimhlinte. Nuair ba threise an feachtas, agus an comhlacht gallóglach Wagner chun tosaigh sna hionsaithe, d’éirigh leo cathair Bakhmut i gcúige Donetsk a ghabháil i mí na Bealtaine.

Ach nochtadh deighilt idir Wagner agus oifigigh shinsearacha mhíleata ar thaobh amháin agus bunaíocht mhíleata na Rúise lena n-áirítear an tAire Cosanta agus an Ceann Foirne ar an taobh eile mar gheall ar Bakhmut.

Bhí Wagner ag gearán nach bhfuair siad mórán tacaíochta ó Roinn Cosanta na Rúise agus iad i mbun catha. Mhaígh úinéir Wagner, Prigozhin gur maraíodh thart ar 20,000 ball sa chath agus gurbh é ba chúis leis seo ná easpa tacaíochta ón Roinn Cosanta.

Tháinig an deighilt chun cinn i mí an Mheithimh nuair a d’eagraigh Wagner ceannairc i gcoinne na Roinne ach theip orthu nuair nach raibh an tacaíocht a bhí siad ag súil leis ó aonaid mhíleata áirithe ar fáil.  Seans gurbh í seo an tréimhse ba mheasa do na Rúisigh ach laistigh de dhá mhí tar éis na ceannairce maraíodh Prigozhin agus ceannairí eile agus níl mórán tráchta ar Wagner mar chomhlacht príobháideach a thuilleadh.

Seachas Bakhmut níor ghabh na Rúisigh mórán talún eile sa Donbas agus tugadh an t-am do na hÚcránaigh ullmhúcháin a dhéanamh dá bhfeachtas frith-ionsaithe féin.

Súil Siar 2023 – Feachtas Frith-ionsaithe na hÚcráine

Sheol siad frith-ionsaithe go luath i mí an Mheithimh sa deisceart san ais ó dheas i dtreo Mhuir Azov chun an ceangal talún idir an Donbas agus an Chrimé, atá chomh tábhachtach do na Rúisigh, a bhriseadh.

Seachas roinnt sráidbhailte beaga a d’athghabh siad go luath san fheachtas níor éirigh leo briseadh tríd chéad líne chosanta na Rúiseach ach in áit amháin sa deisceart. Faoi dheireadh an tsamhraidh ba léir dóibh nach raibh siad chun Muir Azov a shroicheadh agus bhí orthu éirí as an bhfeachtas.

Gan amhras bhí roinnt cúiseanna leis an teip, lena n-áirítear easpa ceannais san aer agus easpa cumais ionsaithe comhordaithe a chur i gcrích. Ach seans gurbh é an chúis ba mhó ná córas cosanta na Rúiseach agus go háirithe na loig mhianach.

In ainneoin na teipe ar an talamh sheol siad feachtas diúracán agus drón i gcoinne Chabhlach na Mara Duibhe. D’éirigh leo ceanncheathrú an chabhlaigh agus roinnt long a scriosadh i gcalafort Sevastopol sa Chrimé.

Mar gheall ar na hionsaithe bhí ar na Rúisigh cuid mhaith dá longa a aistriú chuig calafoirt sa Rúis, rud a fhágann nach bhfuil ceannas ar an bhfarraige acu in iarthuaisceart na Mara Duibhe faoi láthair. Cé go raibh an bua seo tábhachtach ó thaobh meanman de, ní bheidh mórán tionchair aige ar an gcogadh ar an talamh.

Tar éis dhá fheachtas bhrúidiúla i mbliana, feachtas ionsaithe na Rúise agus feachtas frith-ionsaithe na hÚcráine, agus in ainneoin gur measadh gur chaith na Rúisigh thart ar $15 billiún gach mí i rith 2023 agus gur chaith na hÚcránaigh $5 billiún, cúnamh míleata san áireamh, níor éirigh le ceachtar taobh mórán dul chun cinn a dhéanamh ar an talamh.

Buntáiste ag na Rúisigh

Cé go bhfuil an cogadh ar an talamh i sáinn a bheag nó a mhór, ní hionann sin agus nach bhfuil cathanna fíochmhara ag tarlú, tá na comharthaí ann go bhfuil an buntáiste ag bogadh i dtreo na Rúiseach.

Níl na smachtbhannaí ag feidhmiú mar a bhíothas ag súil leis. Cé go bhfuair siad thart ar $34 billiún níos lú ó easpórtáil ola in 2023 ná a gheobhaidís mura mbeadh na smachtbhannaí i bhfeidhm tá a ndóthain teacht isteach acu chun leanúint leis an ionradh. Anuas air sin is féidir leo roinnt earraí atá faoi smachtbhannaí a iompórtáil ó chuid de na Poblachtaí Lár-Áiseacha agus tíortha eile.

Bhí deacrachtaí acu le tionscal déantúsaíochta arm na tíre i rith 2022 ach tá an chuma ar chúrsaí anois go bhfuil dul chun cinn déanta acu maidir le holltáirgeadh drón agus buamaí faoil-eitilte, buamaí nach bhfuil aon chosaint ag na hÚcránaigh ina gcoinne faoi láthair.

Meastar go bhfuair siad níos mó ná milliún sliogán airtléire san fhómhar ón gCóiré Thuaidh ach tá an tAontas Eorpach fós ag streachailt leis an ngealltanas chun an méid céanna a chur ar fáil don Úcráin roimh mhí an Mhárta seo chugainn.

Feictear do na Rúisigh go bhfuil an tacaíocht a bhí ar fáil do na hÚcránaigh ag éirí níos laige de réir a chéile. Dhiúltaigh rialtas Phoblacht na Slóvaice airm agus armlón a bhí geallta cheana féin a chur ar fáil dóibh. Tá ceannaire an pháirtí is mó tar éis olltoghchán na hÍsiltíre tar éis a mhaíomh go gcuirfeadh sé stop le tacaíocht mhíleata don Úcráin dá dtoghfaí ina phríomh-aire é.

Ach is é an raic i gComhdháil na Stát Aontaithe faoi thacaíocht don Úcráin an rud atá ag tabhairt an misneach is mó do na Rúisigh faoi láthair.

2024

Agus amhras ar na hÚcránaigh go bhfaighidh siad an leibhéal céanna cúnaimh mhíleata agus a fuair siad i rith 2023 tá a gcuid pleananna le haghaidh an chogaidh in 2024 dírithe ar an gcosaint. Tugadh dúshlán do na húdaráis mhíleata agus áitiúla i ngach ceantar ar an líne choimhlinte córas cosanta comhordaithe a bhunú.

Gach seans nach mbeidh sé ar a gcumas dul ar an ionsaí arís go dtí go mbeidh réiteach acu ar fhadhb na log mianach agus go bhfaighidh siad na hacmhainní míleata.

Tá bliain dhúshlánach i ndán dóibh agus mura bhfaigheann siad an cúnamh míleata atá beartaithe ag na Stáit Aontaithe beidh siad i bhfíorbhaol.

Agus feachtas ionsaithe ar bhonneagar sibhialtach na hÚcráine seolta arís ag na Rúisigh, agus tar éis dóibh tabhairt faoi cheann de na cathanna is mó sa chogadh chun cathair Avdiivka a thimpeallú, níl fonn ar bith orthu éirí as an ionradh. Tá na hacmhainní eacnamaíochta, míleata agus na trúpaí acu chun leanúint leis na hionsaithe agus cé go bhfuil siad céim chun tosaigh ar an talamh faoi láthair níl sé léirithe acu go bhfuil sé ar a gcumas an briseadh tríd ar scála mór a bhaint amach.

Feicfear in 2024 an mbeidh an buntáiste le córas cosanta na nÚcránach nó le feachtais ionsaithe na Rúiseach. Ach seans gur ag cúrsaí polaitíochta i dtíortha eile a bheidh an tionchar is mó ar dhul chun cinn an chogaidh, go háirithe an cúnamh míleata don Úcráin.

Fág freagra ar 'Fonn ar bith ar an Rúis éirí as an ionradh, cúnamh de dhíth ar an Úcráin'