Foláireamh tugtha ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi ghlaonna faoin mBreatimeacht a bhfuil amhras fúthu

Tuigtear go mbaineann an foláireamh le líon mór glaonna atá faighte ag áisíneachtaí stáit ó dhaoine a bhíonn ag maíomh go bhfuil suirbhé faoin mBreatimeacht á dhéanamh acu thar ceann na Roinne Airgeadais

Foláireamh tugtha ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi ghlaonna faoin mBreatimeacht a bhfuil amhras fúthu

Tá foláireamh tugtha ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha do ranna agus eagraíochtaí Stáit eile a bheith ar an airdeall maidir le glaonna faoin mBreatimeacht a bhfuil amhras fúthu.

Tuigtear do Tuairisc.ie go mbaineann an foláireamh le líon mór glaonna atá faighte ag go leor ranna agus áisíneachtaí stáit ó dhaoine a bhíonn ag maíomh go bhfuil suirbhé faoin mBreatimeacht á dhéanamh acu thar ceann na Roinne Airgeadais.

Níl aon suirbhé dá leithéid á dhéanamh ag an Roinn Airgeadais.

Tá mná agus fir i mbun na nglaonna agus an scéal ceannann céanna ag gach duine acu faoin suirbhé Breatimeachta.

Tá foireann slándála na Roinne Gnóthaí Eachtracha curtha ar an eolas faoi na glaonna faoin mBreatimeacht a bhfuil amhras fúthu agus tá iarrtha acu ar bhaill foirne nóta a choinneáil faoi uimhreacha fóin agus aon eolas eile a d’fhéadfadh cuidiú leo ina bhfiosrú.

Táthar ag iarraidh ar bhaill foirne a fhreagraíonn an guthán i ranna agus eagraíochtaí stáit eile gan an Breatimeacht a phlé beag ná mór ach iarraidh ar dhaoine a gceisteanna a sheoladh ar aghaidh i scríbhinn. Deirtear go bhfuil an rabhadh seo á thabhairt toisc a íogaire is atá próiseas an Bhreatimeachta i láthair na huaire.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag iarraidh ar aon eagraíocht stáit aon eolas atá acu faoi ghlaoch faoin mBreatimeacht a chur ar fáil.

 

Fág freagra ar 'Foláireamh tugtha ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi ghlaonna faoin mBreatimeacht a bhfuil amhras fúthu'