Foláireamh láidir tugtha ag an HSE do Chumann Síceolaithe Éireann faoi chleachtais mhí-eiticiúla

Scríobh Cumann Síceolaithe Éireann chuig baill an chumainn faoi fholáireamh ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte toisc ‘neamart a dhéanamh sna dúshláin seo’

Foláireamh láidir tugtha ag an HSE do Chumann Síceolaithe Éireann faoi chleachtais mhí-eiticiúla

Tá foláireamh láidir tugtha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do Chumann Síceolaithe Éireann (PSI) faoi chleachtais mhí-eiticiúla a deirtear atá ar bun ag cuid dá gcuid ball. Deir an HSE go bhfuil na cleachtais seo ag cur sábháilteacht an phobail i mbaol. Chuir lucht bainistíochta sinsearaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a n-imní faoi seo in iúl don Chumann le déanaí agus dúirt go mbeadh siad ag bailiú eolais faoi na cleachtais mhí-eiticiúla seo sna seachtainí beaga amach romhainn. D’admhaigh an Cumann go bhfuair siad gearáin ó eagrais stáit eile freisin.

Mar thoradh ar na gearáin seo, scríobh Cathaoirleach an Chumainn chuig a gcuid ball ar bhonn práinne faoi na ‘ceisteanna fíorthábhachtacha’ atá tagtha chun solais, ceisteanna a mheasann sé a d’fhéadfadh dúshláin shuntasacha a chruthú do dhisciplín na heagraíochta, “don chomhlacht gairmiúil agus don phobal a bhfreastalaíonn muid orthu”. Dúirt an Dr Damien Lowry sa chomhfhreagras atá feicthe ag Tuairisc nach go fánach a bhí sé ag scríobh chuig na baill ach nach féidir “neamart a dhéanamh sna dúshláin seo” a thuilleadh.

Tá borradh tagtha faoi líon na mball atá cláraithe le Cumann Síceolaithe Éireann le blianta beaga anuas agus deir an Dr Lowry go bhfuil méadú dá réir tagtha ar líon na ngearán a thagann ón phobal – idir cheisteanna faoi chleachtas síceolaíoch cuí agus ghearáin teasaí faoi shíceolaithe áirithe.

Sa litir, rinne an Dr Lowry cur síos ar na húdair ghearáin agus ar na cleachtais mhí-eiticiúla ba mhó a bhí i gceist:

  • Eolas míchruinn tugtha ag síceolaithe don phobal faoina gcuid cáilíochtaí, a gcuid oiliúna agus teidil ghairmiúla
  • Úsáid mhíchuí bainte as an teideal ‘Síceolaí Cairte’
  • Nathanna cainte ar nós ‘creidiúnaithe ag an PSI’ nó ‘cláraithe leis an PSI’ á n-úsáid ag síceolaithe i dtaobh a stádas ballraíochta.
  • Síceolaithe ag cleachtadh taobh amuigh dá gcuid réimsí oiliúna, go háirithe agus iad i mbun measúnuithe ar uathachas agus ar éagsúlachtaí néareolaíocha. Go minic ní bhíonn an oiliúint ná an taithí chuí ag na síceolaithe a bhíonn ag cur comhairle ar othair sna réimsí seo, a dúradh
  • Dúradh nach mbíonn síceolaithe áirithe ag cloí le Cód Eitice Gairmiúil Chumann Síceolaithe Éireann
  • Nach nochtann síceolaithe áirithe gur fiosraíodh a n-iompar gairmiúil i ndlínsí eile
  • Go mbaintear úsáid neamhcheadaithe agus mhíchuí as lógó PSI ar shuíomhanna gréasáin seachtracha nó i gcomhfhreagras pearsanta.

Thug Cathaoirleach Chumann Síceolaithe Éireann le fios go raibh beartais le cur i gcrích ag Comhairle na heagraíochta chun dul i ngleic leis na hábhair imní seo ‘ar bhonn práinne’.

Is iad na beartais sin:

  • Tá grúpa oibre le bunú chun cabhrú leis an Chumann deighleáil leis na gearáin seo ar a gcuid ardáin chumarsáide.
  • Tá Coiste Iompair Ghairmiúil le bunú chun dul i ngleic leis na gearáin a chuirtear faoi bhráid an Chumainn.
  • Tá athbhreithniú le déanamh ar an suíomh cuardaigh ‘Aimsigh Síceolaí’ atá acu chun a chinntiú go léiríonn sé go cruinn réimse saineolais gach ball.

“Ní fhéadfainn dul thar fóir agus béim a leagan ar an tábhacht atá leis go mbeadh gach ball láneolach ar a ndualgais eiticiúla agus ghairmiúla agus iad i mbun oibre,” a deir an Dr Lowry. “Tá sláinte agus seasamh gairmiúil Chumann Síceolaithe Éireann, an ghairm síceolaíochta féin, agus thar aon rud eile cosaint agus sábháilteacht an phobail, i gceist anseo.”

Fág freagra ar 'Foláireamh láidir tugtha ag an HSE do Chumann Síceolaithe Éireann faoi chleachtais mhí-eiticiúla'