‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe

Bhí 2023 ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh agus tá ‘gach cosúlacht’ ar chúrsaí go mbeidh 2024 níos measa

‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe

WMO

Tá ‘foláireamh dearg’ tugtha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe faoin téamh domhanda.

Deir an tEagras Meitéareolaíochta Domhanda, an WMO, go raibh an bhliain seo caite go mór fada ar an mbliain is measa ar an dtaifead ó thaobh arduithe ar gháis ceaptha teasa, ar an téamh domhanda agus ar leá na n-oighearshruthanna.

Tá foláireamh tugtha ag an WMO sa tuarascáil is déanaí acu go bhféadfadh an t-athrú aeráide an saol a chur trína chéile ar fad ar fud an domhain agus gurb é an cruatan agus an ainnise a bheidh mar thoradh ar na harduithe móra millteacha a chonacthas in 2023.

Deirtear gur cuireadh saol na milliún duine bunoscionn in 2023 ag triomach, teaspach, tuilte, falscaithe agus cioclóin agus gur deineadh luach na mbilliún euro de dhochar.

Deir an WMO nach leor ar chor ar bith na hiarrachtaí atá ar siúl dul i ngleic leis an athrú aeráide agus go raibh “gach cosúlacht” ar chúrsaí go mbeadh 2024 níos measa ná 2023 agus go mbeadh an bhliain seo ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh.

Deimhnítear i dtuarascáil an WMO, ina mbailítear le chéile eolas ó thíortha éagsúla, go raibh 2023 go mór fada ar an mbliain is teo ar an taifead le 174 bliain.

De réir na tuarascála, an bhliain seo caite bhí an teas domhanda 1.45°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch.

Fágann sin gur chuathas an-ghar in 2023 don sprioc a comhaontaíodh i bPáras in 2015 – go gcaithfí an t-ardú ar an teas domhanda a choimeád faoi bhun 1.5 Celsius.

Sháraigh an teocht mara in 2023 a raibh ar an taifead roimhe sin chomh maith agus bhí tonn teasa in os cionn 90% d’fharraigí na cruinne.

“Tá pobal an WMO ag fógairt an Fholáirimh Dheirg don saol mór,” arsa ceannasaí na háisíneachta, Celeste Saulo.

“Is údar imní ar leith a chonaiceamar in 2023, go háirithe leis an ardú ar theocht na mara, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, an t-oighearchreimeadh agus an creimeadh ar an muiroighear san Antartach.”

Deir lucht na heolaíochta go gcaithfidh tíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise láithreach bonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint.

Má fhanann cúrsaí mar atá, deir na Náisiúin Aontaithe gur téamh 3 céim Celsius atá i ndán dúinn agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin.

 

 

 

Fág freagra ar '‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe'

  • Antóin

    Bí geall go raibh na Glasaigh (cúigear acu) ag smaoineamh ar bhreoslaí iontaise agus iad ag filleadh ón Bhrasail agus ó Thóiceo agus ó Texas, agus ón Chóiré agus ón Fhionlainn an deireadh seachtaine seo. 46,000 mhíle curtha suas acu. Caithfidh go bhfuil na créatúir bhochta ciaptha ag an gciontacht.