Foirne faoi 20 Gaillimh agus Áth Cliath le himirt roimh chluiche ceannais sinsear na hÉireann

Bhí an cluiche ceannais idir Gaillimh agus Áth Cliath le bheith ann mí Dheireadh Fómhair ach cuireadh ar athlá é

Foirne faoi 20 Gaillimh agus Áth Cliath le himirt roimh chluiche ceannais sinsear na hÉireann

Tá sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael go bhfuil cluiche ceannais faoi 20 na hÉireann sa pheil le himirt roimh chluiche ceannais sinsir na hÉireann níos deireanaí an mhí seo.

Bhí an cluiche ceannais idir Gaillimh agus Áth Cliath le bheith ann mí Dheireadh Fómhair ach cuireadh ar athlá é nuair a cuireadh stop le cluichí idirchontae faoi aois de bharr na srianta Covid-19.

Tá sé deimhnithe anois ag CLG go n-imreofar an cluiche i bPáirc an Chrócaigh roimh chluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na hÉireann ar an 19 Nollaig.

Déanfaidh TG4 craoladh beo ar an gcluiche faoi 20 ag 2.30pm agus beidh cluiche ceannais na sinsear á imirt níos deireanaí ag 5.00pm.

Tá na babhtaí leathcheannais sa Chraobh Shinsir le bheith ann an deireadh seachtaine seo. Tabharfaidh An Cabhán aghaidh ar Áth Cliath Dé Sathairn agus imreoidh Maigh Eo agus Tiobraid Árann in aghaidh a chéile Dé Domhnaigh.

Cuireadh stop leis an gCraobh Faoi 20 sa pheil faoi dhó i mbliana de bharr na paindéime Covid-19. Bhí briseadh níos mó ná seacht mí ann idir cluichí ceannais na gcúigí agus cluichí leathcheannais na hÉireann, a imríodh mí Dheireadh Fómhair.

Bhuaigh Gaillimh ar Chiarraí agus bhuaigh Áth Cliath ar Thír Eoghain chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais.

Tá socruithe ar bun chun craobhacha mhionúir na hÉireann a chríochnú chomh maith ach ní bheidh cluichí ceannais na hÉireann ann sna comórtais sin go dtí an bhliain nua.

Fág freagra ar 'Foirne faoi 20 Gaillimh agus Áth Cliath le himirt roimh chluiche ceannais sinsear na hÉireann'